An reifreann ar chomhionannas pósta: bulaíocht stát-urraithe ar an bpobal aerach?

Tá ár gcolúnaí, fear atá pósta le fear eile, ar cuairt in Éirinn le seachtain anuas. Caitheann sé súil ón taobh amuigh ar an reifreann.

07/05/2015 Marriage Equality Referendum. Pictured are Yes Posters in a shop window owned by Gay presenter Brendan Courtney in Dublin. Photography: Sasko Lazarov/Photocall Ireland
Pictiúr: Sasko Lazarov/Photocall Ireland

Le seachtain anuas, agus cuairt oibre á tabhairt agam ar Éirinn, níl ach ábhar amháin á phlé ag mo chairde Éireannacha liom: an reifreann ar an gcomhionannas pósta a reáchtálfar Dé hAoine.

Is maith atá a fhios acu, ar ndóigh, gur fear aerach mé féin a phós fear eile – an cineál pósta a theastaíonn ón taobh ‘Tá’ a cheadú agus ón taobh ‘Níl’ a chosc.

Phós mé fear Brasaíleach sa bhliain 2008 i mo thír dhúchais, an Ísiltír, an chéad tír ar domhan a leathnaigh amach an pósadh do lanúineacha den inscne chéanna, thiar sa bhliain 2001.

Bhí ceithre bliana sona againn le chéile ina dhiaidh sin go dtí gur shocraigh muid dul ár mbealaí féin. Níorbh é a shamhlaigh muid a tharlódh lá ár bpósta, ach ní bhíonn a fhios ag lánúin ar bith – díreach nó aerach – céard atá sa chinniúint dóibh. Ach ar a laghad ar bith, bhí lá ár bpósta againn (ceann de na laethanta is fearr i mo shaol) agus bhí an ceart againn ‘fear céile’ a thabhairt ar a chéile. Ba mhór an méid é sin.

Cúig bliana tar éis dúinn pósadh san Ísiltír, bhain ár gcairde aeracha sa Bhrasaíl ceart pósta amach. Leathnaíodh an gnáthphósadh amach do lanúineacha den inscne chéanna sa tír sin sa bhliain 2013.

Tá súil ag mo chairde aeracha in Éirinn an ceart sin a bhaint amach faoi dheireadh Dé hAoine.

Ní nach ionann agus an Ísiltír (áit arbh iad an rialtas a shocraigh cead pósta a thabhairt do dhaoine aeracha agus leispiacha) agus an Bhrasaíl (áit a ndearna an Chúirt Uachtarach cinneadh go raibh sé míbhunreachtúil an pósadh a cheilt ar lanúineacha den inscne chéanna), tá reifreann á reáchtáil in Éirinn chun an cheist a shocrú.

Tuigim gur tugadh comhairle dlí don rialtas go gcaithfí é a dhéanamh ar an mbealach seo agus go bhfuil an cheist seo pléite agus athphléite, ach mar sin féin, feictear dom go bhfuil leatrom mór á dhéanamh ar phobal aerach na hÉireann agus a gcearta pósta á gcur faoi bhráid an phobail i gcoitinne, agus ní faoi bhráid na parlaiminte, mar a tharla sa chuid is mó de na tíortha a bhfuil an pósadh comhghnéis ceadaithe acu, nó faoi bhráid na mbreitheamh is airde sa tír, mar a tharla sa Bhrasaíl.

Is é an chaoi go mbeidh cearta comhionannais mhionlaigh ag brath ar dhea-thoil an mhóraimh i reifreann. Níl aon difear idir sin agus polaitíocht chlós na scoile.

Agus ós rud é gur ag caint ar chlós na scoile muid, tá an áit sin tar éis teacht aníos go mion minic sna comhráití a bhí agam le seachtain anuas le cairde aeracha in Éirinn.

Tá cuid de na fir agus na mná seo amuigh ag canbhasáil oíche i ndiaidh oíche; níl an misneach sin ag cuid eile. Ach gan eisceacht, tá siad ar fad ag súil leis an lá go mbeidh an céasadh ar fad thart. Deirim céasadh, toisc gur léir dom go bhfuil mo chairde aeracha Éireannacha ag fulaingt agus a ngrá á chur faoi bhráid an phobail le go ndéanfaí é a mheas. Cén chaoi nach mbeadh, agus na seanmhaslaí céanna á gcaitheamh leo san fheachtas agus a bhíodh á gcaitheamh leo i gclós na scoile fadó.

Ní féidir liom a shéanadh gur ardú meanman dom é go bhfuil oiread Éireannach díreacha ag tacú le cearta daoine aeracha agus leispiacha pósadh.

Chuir sé gliondar ar mo chroí aghaidh mo chara Siobhán Nic Gaoithín, máthair triúir clainne agus bean atá pósta ar fhear, a fheiceáil ar bhileoga bolscaireachta an taoibh ‘Tá’. Thaitin sé liom gur thapaigh dhá shiopa leabhar ar thug mé cuairt orthu le linn na seachtaine an deis chun an litríocht aerach a chur faoin spotsholas, rud nach dtarlaíonn go rómhinic.

Ach rud amháin is ea é cnaipe leis an bhfocal ‘Tá’ a chaitheamh ar do chliabhrach nó brat ar dhathanna an tuar cheatha a chrochadh amach an fhuinneog toisc go gceapann tú go meallfaidh a leithéid custaiméirí; rud eile ar fad is ea an stró a chur ort féin vóta a chaitheamh.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go rachaidh daoine atá i gcoinne an chomhionannais phósta amach ag vótáil, óir mothaíonn siad go bhfuil a gcearta éilíteacha féin faoi bhagairt. Ach an féidir brath air go mbacfaidh daoine díreacha a bhfuil dea-thoil acu don chás ach nach mbaineann an comhionannas pósta leo go pearsanta vóta a chaitheamh?

Ar an gcúis sin, táim den bharúil gur cheart go mbeadh comhionannas pósta tugtha isteach ag rialtas na hÉireann gan reifreann, mar a tharla i ngach ceann den fiche tír ar domhan a bhfuil a leithéid ar fáil cheana. Tuigim go mbeadh a dheacrachtaí féin ag baint lena leithéid a chur i gcrích, ach dá mbeadh an toil ann, d’aimseofaí bealach.

Faoi mar atá cúrsaí anois, muna n-éireoidh leis an togra atá á mholadh sa reifreann Dé hAoine, beidh pobal aerach na hÉireann ciaptha agus céasta gan ghá. Agus bheadh ardán cruthaithe ag rialtas na hÉireann, i bhfoirm an reifrinn, chun bulaíocht thar a bheith poiblí a dhéanamh ar phobal aerach na tíre – rud a d’fhágfadh Éire ina staicín áiféise i measc thíortha sibhialta an domhain.

Mar sin, déan cinnte gur tír í Éire feasta ina mbeidh comhionannas pósta ag gach saoránach agus vótáil ‘Tá’ i reifreann na hAoine seo.