An reifreann ar chearta pósta: an bhfuil seans ann gur ‘Níl’ a déarfar? Tá.

Do bharúil? An dóigh leat, má tá rogha uchtáil linbh le déanamh idir dhá lánúin arb ionann iad ar gach dóigh eile, gur fearr fear agus bean a bheith i bhfeighil páiste? Nó an dóigh leat nach mbaineann isncne na dtuismitheoirí leis an rogha ba chóir a dhéanamh?

 

12/8/2012 LGBT NOISE March for Marriage Protests
Pictiúr: Photocall Ireland

 

Do bharúil? An dóigh leat, má tá rogha uchtáil linbh le déanamh idir dhá lánúin arb ionann iad ar gach dóigh eile, gur fearr fear agus bean a bheith i bhfeighil páiste? Nó an dóigh leat nach mbaineann isncne na dtuismitheoirí leis an rogha ba chóir a dheanamh?

Pléifidh an rialtas an Bille um Chaidreamh Páistí agus Teaghlaigh Dé Máirt seo chugainn agus foilseofar ina dhiaidh sin é. Táthar ag súil go mbeidh an díospóireacht san Oireachtas críochnaithe roimh dheireadh na míosa.

Deir an Rialtas nach bhfuil aon bhaint ag an mbille leis an reifreann ar chearta pósta. Níl, ar bhealach. Ach ní theastódh céim dlí ó dhuine leis an tionchar atá ag an dá ábhar ar a chéile a mheá.

Fiú dá mbeadh an bille, a chuirfidh gach lánúin, aoninscne agus comhinscne, ar comhchéim rite roimh dheireadh 2014, bheadh an cheist á plé le linn fheachtas an reifrinn.

Thug gach pobalbhreith go dtí seo le fios go bhfuil móramh láidir i bhfabhar. Ach is léir d’Alan Shatter an baol dóibh siúd go léir a mholfaidh ‘Tá’ go mbeidh bille ina bpléitear ceisteanna tábhachtacha (mar shampla, cearta daoine fásta v cearta páistí) os comhair an Oireachtais agus muid ag teannadh le rogha an phobail.

Thagair an t-iar-aire do na pobalbhreitheanna a léirigh móramh láidir i bhfabhar ceadú colscartha roimh reifreann 1986. Is cuimhin liom airí éagsula a chur faoi agallamh an uair sin a gheall soiléiriú dlí maidir le hábhair éagsúla (cúrsaí maoine, mar shampla) dá vótálfaí i bhfabhar an reifrinn úd. Vótáil móramh 2/1 ina choinne. Bhí gach mórcheist dlí réitithe nuair a vótáil móramh beag (50.3 faoin gcéad) i bhfabhar i 1995.

D’fhoilsigh Shatter dréacht-bhille uchtála bliain ó shin. Dúirt sé Dé Máirt nach raibh a fhios aige cén fáth nach raibh leagan críochnaithe foilsithe fós. Gan dabht, níl sé féin gan locht. Bhí corrchonspóid á láimhséail aige go dtí gur cuireadh brú air éirí as, agus an cheist a fhágáil faoina chomharba Frances Fitzgerald ó Bhealtaine ar aghaidh.

Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil ciall lena thuairim. B’fhiú don Rialtas, agus do na páirtithe uile atá i bhfabhar phósadh comhinscne, machnamh ar a fholáireamh sara dtosaíonn an feachtas dáiríre.

TEORA FEABHAIS

Tá cúrsaí airgeadais agus geilleagair na tíre ag dul i bhfeabhas, mar is eol do chách.   Ach ní oireann sé do pholaiteoir ar bith cur síos ar an fhírinne shearbh. Mar shampla, dhá fhigiúr a léiríonn an srian atá ar an státchiste i gcónaí:

6bn an bhearna a bhfuiltear ag súil leis i mbliana idir chaiteachas agus teacht isteach an rialtais.

8,457bn an méid a chaithfear ar ús agus ar aisíoc iasachtaí an rialtais (thart ar €205bn) de réir na meastachán a fógraíodh sa cháinaisnéis. Mar is léir ón gcéad fhigiúr, beidh €6bn sa bhreis le fáil ar iasacht i 2015 mar gheall ar an easnamh atá beartaithe.

Is féidir glacadh leis go mbeidh an dá fhigiúr níos lú faoi dheireadh na bliana, mar gheall ar shaothar stuama NTMA (aisíoc iasachtaí mórchostais, aistriú iasachtaí srl). Ach ní mhaolóidh an laghdú tábhacht na ceiste ba chóir a chur ar gach polaiteoir a gheallann caiteachas breise, nó faoiseamh cánach breise: cé as a dtiocfaidh an t-airgead?

– Is láithreoir ar ‘Morning Ireland ‘ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

 

Fág freagra ar 'An reifreann ar chearta pósta: an bhfuil seans ann gur ‘Níl’ a déarfar? Tá.'

  • Concubhar Ó Liatháin

    An gceapann éinne nach bhfuil gá leis an reifreann chun an Bunreacht a leasú? Níl aonchosc ar phosadh aon insnce sa Bhunreacht mar atá. Ligtear do na polaiteoirí a gcúram a dhéanamh seachas bheith ag caitheamh na ceiste chughainn.

    • Fearn

      Bhal, ó tá bean luaite san alt, tá le tuiscint gur bean ball pósta, cé anch luann an t-alt cosc.

      Tá soiléire sa fho-alt: Féadfaidh beirt, cibé acu is fir nó mná iad, conradh a dhéanamh i leith pósadh de réir dlí.

      ” ag caitheamh na ceiste chughainn” ? Ba cheart , ba chóir is ba dual. Siadsan ár bhfostaithe, ach is linne, nar phobal, an chinnireacht. Sin daonlathas