An raibh rud ar bith ní ba náirí le linn an olltoghcháin ná an t-ionsaí leanúnach a rinneadh ar Shinn Féin?

Mura mbeadh ann ach gadhar a mharódh carr ar an mbóthar ba theannach leis an Independent a thabhairt le tuiscint go raibh baint éicint ag Sinn Féin leis

 

Toghchán Strap

Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams. RollingNews.ie
Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams. RollingNews.ie

An raibh rud ar bith ní ba náirí i bhfeachtas an olltoghcháin ná an t-ionsaí gránna leanúnach a rinne an Irish Independent agus an Sunday Independent ar Shinn Féin?

Ní raibh lá ar bith nár fhoilsigh siad trí nó ceathair d’altanna ag díspeagadh an pháirtí sin agus ag tabhairt le tuiscint do na léitheoirí go mbeadh an daonlathas i mbaol go deo dá bhfaigheadh Sinn Féin mórán cumhachta.

Mura mbeadh ann ach gadhar a mharódh carr ar an mbóthar ba theannach leis an Independent a thabhairt le tuiscint go raibh baint éicint ag Sinn Féin leis.

Cén bunús atá leis an bparanoia seo?

B’fhéidir go gceapfá ar an gcéad amharc gur ag smaoineamh ar chogadh an IRA sna Sé Chontae a bhíonn siad. Bheadh daoine saonta  ann a chreidfeadh gur dream iad na scríbhneoirí seo ar fuath leo na gníomhartha foréigin a rinne na Sealadaigh le linn an chogaidh sin.

Dream atá ar son na síochána iad lucht an Independent ar fuath leo aon ghníomh gránna, a déarfadh daoine simplí.

Ach arb ea?

Seo iad an dream céanna a bhí go mór ar son ionradh Mheiriceá ar an Iaráic.

Seo iad an dream céanna nach léir dóibh na dróin atá ag scaoileadh anuas buamaí fós agus ag marú agus ag martrú na mílte daoine.

Seo iad an dream céanna nach bhfuil gíog ná míog astu faoi na gunnaí agus faoin armlón atá rialtas Mheiriceá a chur trí Aerfort na Sionainne ná faoi na príosúnaigh a thug siad an cosán céanna lena gcéasadh i dtíortha eile.

Thairis sin ar fad nach sílfeá go gcuimhneoidís go bhfuil sé cuid mhaith blianta ó rinneadh síocháin sa Tuaisceart.

Maidir le heolas a bheith acu ar an stair ná bí ag súil leis.

Nach ndéarfá leat féin go gcuimhneoidís ar an gcaoi a ndeachaigh Poblachtaigh ó chogadh in aghaidh an Stáit sna fichidí go dtí saol na síochána agus na Dála i bhFianna Fáil.

Ar chuala siad ariamh nár ghéill na Poblachtaigh a bhunaigh Fianna Fáil na gunnaí ariamh agus go raibh gunnaí ina bpócaí ag cuid de Theachtaí Fhianna Fáil nuair a thóg siad a gcuid suíochán sa Dáil den chéad uair?

Chaithfeadh sé go bhfuil bunús éicint eile leis an nimh agus leis an bhfaltanas atá ag an Independent do Shinn Féin.

An teoiric atá agamsa gur faitíos atá orthu gur páirtí radacach cinnte iad Sinn Féin agus go bhfuil an baol ann go dtabharfaidís dúshlán an dreama atá ag déanamh go maith as an gcóras atá againn faoi láthair.

Dream iad cuid mhaith de lucht stiúrtha an fheachtais in aghaidh Shinn Féin atá ag saothrú os cionn €100,000 sa mbliain.

Dream iad nach bhfuil locht ar bith acu ar dhá chóras sláinte a bheith sa tír.

Seo iad an dream a n-óltar deoch orthu agus iad ag breathnú síos ar an dream a mbuailtear cos orthu.

Ba mhór an sásamh dom oíche amháin nuair a thug Gerry Adams freagra ar Bhrian Dobson ar an teilifís. Bhí Dobson á cheistiú go géar agus go binbeach faoi chúrsaí cánach agus airgid.

“An bhfuil tusa ag saothrú níos mó ná €100,000 sa mbliain?” a d’fhiafraigh Adams de.

Tá mé a rá leat gur bhain sé sin an ghaoth as seolta Dobson.

Cúpla oíche ina dhiaidh chuir sé an cheist chéanna ar Mhiriam O’Callaghan? “She seemed to be taken aback” a dúirt an tIndependent an lá dár gcionn.

An bhfuil cúis imní dáiríre ag an Independent faoin bpolasaí atá ar intinn ag Sinn Féin nuair a thiocfaidh siad i gcumhacht sa deireadh? An dtabharfaidh siad dúshlán an status quo le fírinne nó an maolóidh an saol agus an aimsir iad?

Is críonna an té a déarfadh.

Ábhar é a phléifeas muid go mion lá níos faide anonn.