An raibh Macron dílis do na geallúintí a rinne sé le linn an toghcháin?

An ndearna Emmanuel Macron beart de réir briathar nuair a d’fhógair sé a comh-aireacht shealadach an tseachtain seo

An raibh Macron dílis do na geallúintí a rinne sé le linn an toghcháin?

Ar bhuille a trí a’ chlog Dé Céadaoin, fógraíodh comh-aireacht nua na Fraince faoin Uachtarán Emmanuel Macron. Is comh-aireacht shealadach atá ann: beidh tionchar ag an olltoghchán i mí an Mheithimh ar bhuaine na comh-aireachta. Aire ar bith nach dtoghfar ina fheisire parlaiminte an mhí seo chugainn, beidh air éirí as a phost.

Ó ainmníodh Edouard Phillippe ina Phríomh-Aire an tseachtain seo caite, bhí súil agus tnúth le hainmniú bhaill na comh-aireachta. Ach oiread le Macron féin, is duine óg go leor é an Príomh-Aire, fear a rugadh sna seachtóidí. Ba dhíol suntais gur ball de LR (Les Républicains) a roghnaigh Macron freisin, páirtí na heite deise. Is Eorpach láidir atá san Uasal Phillippe, agus deirtear go bhfuil labhairt na Gearmáinise aige.

Seo ceist mhór a bhí ar bhéal na ndaoine ag feitheamh dóibh ar fhógra na seachtaine seo: an mbeadh Macron dílis do na geallúintí a rinne sé le linn an toghcháin? Ina measc sin bhí geallúint na hathnuachana, geallúint na cothromaíochta idir na fir agus na mná, agus geallúint an athmhuintearais idir an dá eite, clé agus deas.

Dar le Le Figaro, is beart mór athnuachana a bhí sa gcomh-aireacht a ainmníodh, agus rinne an páipéar sin comhghairdeachas le Macron dá réir. Chuaigh Le Monde beagán níos doimhne sa scéal, agus bhí éagsúlacht tuairimí ar leathanaigh an pháipéir sin. Chuir Libération béim ar gheallúint nár comhlíonadh. In 2012, bhunaigh François Hollande Roinn na mBan agus ceapadh Aire Rialtais a bhí freagrach as cúrsaí na mban dá réir. ‘Ísliú céime’ do chúis na mban atá san athmhúnlú atá déanta ag Macron ar an roinn sin, dar le Libération. Ní ‘roinn’ feasta í, ach ‘oifig’.

Maidir le geallúint na cothromaíochta, tá sé le rá gur aon bhean déag agus aon fhear déag atá sa gcomh-aireacht. (Dar le Liberation, áfach, is mó fir ná mná atá sna postanna is sinsearaí.)

I measc na gceannteideal eile sa bhFrainc bhí, ‘Oiread éagsúlachta i gcomh-aireacht [na Poblachta] níor facthas riamh’. Is fíor sin. Tá airí rialtais agus airí stáit ceaptha ag Emmanuel Macron agus Edouard Phillippe ó réimse páirtithe éagsúla: ceathrar Sóisialach (Jean-Yves Le Drian, Gérard Collomb, Richard Ferrand, Christophe Castane); beirt radacach ón eite chlé (Jacques Mézard, Annick Girardin); triúr den ‘union centriste’ (François Bayrou, Sylvie Goulard, Marielle de Sarnez); beirt ó pháirtí Les Républicains (Bruno Le Maire agus Gérald Darmanin); mar aon leis an bPríomh-Aire féin.

Leath na ndaoine atá ceaptha ag Macron sa gcomh-aireacht, ní de shaol na polaitíochta iad, ach den saol ‘poiblí’. Fear darb ainm Nicolas Hulot an sampla is fearr. Tá clú agus cáil sa bhFrainc ar an Uasal Hulot mar gheall ar chlár teilifíse a bhí aige ar feadh na mblianta, clár faoi chúrsaí timpeallachta. Lena linn féin, d’iarr Jaques Chirac agus Nikolas Sarkozy ar Hulot glacadh le post rialtais, ach níor ghéill sé cheana don bhéal bán ón Elysée. Tá páipéir na Fraince ar aon fhocal inniu: coup mór do Macron laoch na timpeallachta agus laoch an phobail a bheith ar bord aige.

Cén cúram atá ar an gcomh-aireacht nua go fóill? Ag an gcéad chruinniú a bhí acu inné, dúirt Macron gur mithid ‘a cuid údaráis a thabhairt ar ais don Fhrainc’. Ar thaobh na praiticiúlachta de, áfach, caithfidh an rialtas nua féachaint leis go mbeidh móramh ag La République En Marche san olltoghchán mí Mheithimh.

Tar éis beagán útamála más ea, fógraíodh liosta iarrthóirí En Marche Dé Luain. Tá 511 iarrthóir ar an liosta, ina measc sin ceithre scór duine de chuid pháirtí an Mouvement Démocratique. Fágann sin 66 iarrthóir le ceapadh fós, más mian leis an ngluaiseacht duine a bheith ins gach toghcheantar acu. (577 toghcheantar atá sa bhFrainc don olltoghchán agus 577 feisire dá réir.)

Is ar an 11 Meitheamh a chaithfear an chéad vóta in olltoghchán na Fraince. Suíochán ar bith nach líonfar an lá sin, beidh an dara vóta ann seachtain dár gcionn ar an 18 Meitheamh le duine a cheapadh ann.