An próiseas pleanála teanga i mbaol agus diúltaithe ag coiste pleanála teanga do mhaoiniú ón Údarás

Tá a míshástacht faoi chúrsaí maoinithe curtha in iúl ag lucht pleanála teanga ar fud na Gaeltachta ach is é Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga an chéad dream le diúltú go hoifigiúil don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint

An próiseas pleanála teanga i mbaol agus diúltaithe ag coiste pleanála teanga do mhaoiniú ón Údarás

D’fhéadfadh an próiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht a bheith i mbaol agus cinneadh déanta ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga diúltú don mhaoiniú €100,000 atá tairgthe ag Údarás na Gaeltachta dóibh.

Tá plean teanga Chois Fharraige ar cheann de thrí cinn de na pleananna teanga atá seolta go hoifigiúil ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh, agus cé go bhfuil a míshástacht faoi chúrsaí maoinithe curtha in iúl ag lucht pleanála teanga i gceantair eile, is é Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga an chéad dream le diúltú don mhaoiniú €100,000 atá á thairiscint.

Dúirt urlabhraí ó Fhóram Chois Fharraige gur tógadh an cinneadh diúltú don mhaoiniú d’aon ghuth ag cruinniú aréir “mar nach leor na hacmhainní atá á dtairiscint leis an bplean a réitíodh agus ar glacadh leis a fheidhmiú”.

Pléadh tairiscint an Údaráis ag an gcruinniú aréir ag a raibh ionadaithe ó 19 eagraíocht atá gníomhach i nGaeltacht Chois Fharraige, an ceantar a shíneann cois cósta ó na Forbacha siar go Ros an Mhíl, i láthair.

€250,000 in aghaidh na bliana agus cead triúr a fhostú leis  an bplean a chur i bhfeidhm as seo go ceann seacht mbliana, atá á lorg ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Aontaíodh ag cruinniú na hoíche aréir “nach bhféadfaí glacadh” le €100,000 in aghaidh na bliana agus cead duine amháin a fhostú.

Thosaigh an obair ar an bplean teanga do Chois Fharraige beagnach trí bliana ó shin nuair a d’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta go mbeadh coistí pobail ag plé leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht. Cuireadh bailchríoch ar an bplean sin anuraidh agus aontaíodh le hÚdarás na Gaeltachta é. Seoladh ar aghaidh chuig Roinn na Gaeltachta é mí Mhárta na bliana seo agus sheol Aire Stáit na Gaeltachta go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair é.

Coicís ó shin, seoladh litir ag Coiste Stiúrtha an Fhóraim a thug cuireadh dóibh “gluaiseacht ar aghaidh chuig an chéad chéim eile agus tús a chur le feidhmiú an phlean”. Dúradh go mbeadh “allúntas de suas le €100,000” ar fáil don chéad 12 mhí den phlean agus go bhféadfaí Oifigeach Pleanála Teanga amháin a fhostú leis an airgead sin.

Tá litir seolta ag an bhFóram chuig Údarás na Gaeltachta agus chuig Roinn na Gealtachta ag éileamh “cruinnú práinneach” leis an dá eagraíocht leis an gceist a phlé agus féachaint an féidir “teacht ar réiteach le Plean Teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm ina iomláine”.

Ag labhairt dó ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Stiúrthóir Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta, Tadhg Ó Conghaile, go mbeadh an tÚdarás agus Roinn na Gaeltachta sásta casadh le hionadaithe ón bhFóram “an tseachtain seo nó an tseachtain seo chugainn” chun “iarracht a dhéanamh teacht ar chuid den airgead más féidir é”.

Dúirt sé go mb’fhéidir go bhfuil “cás an-láidir” ag Fóram Chois Fharraige le haghaidh breis maoinithe agus thug sé le fios, “má tá an maoiniú ar fáil”, go ndéanfar iarracht é a fháil.

Níos luaithe an mhí seo, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, go mbeidh ar choistí pleanála teanga sa Ghaeltacht “a gcuid tosaíochaí a aithint” laistigh den bhuiséad a bheidh ar fáil dóibh agus leid tugtha aige nár cheart do choistí a bheith ag brath ar mhaoiniú breise chun na pleananna teanga atá acu a chur i bhfeidhm.

“Fearacht gach réimse eile caiteachas poiblí beidh gá do gach páirtí leasmhar a bhfuil baint acu le hullmhú agus le feidhmiú pleananna faoin bpróiseas in am trátha a gcuid tosaíochtaí a aithint laistigh den chistíocht atá agus a bheidh curtha ar fáil,” a dúirt an tAire McHugh.

Trí cinn de phleananna teanga atá aontaithe agus seolta go dtí seo: Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Cois Fharraige; agus Cloich Cionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh.

Beidh cruinniú eile ag Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige ar an 20 Samhain leis “an dul chun cinn idir an dá linn a mheas agus leis an gcéad chéim eile a bheartú”.

Tá ráite ag iarcheannasaí RTÉ Raidió na Gaeltachta Tomás Mac Con Iomaire, duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, gur cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a thógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga.

Dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Thug urlabhraí ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne nár leor an maoiniú €100,000, atá á chur ar fáil do gach plean teanga, chun plean an cheantair sin a chur i bhfeidhm agus go dteastódh ar a laghad a dhá oiread an méid sin chun go mbainfí a spriocanna amach.

Fág freagra ar 'An próiseas pleanála teanga i mbaol agus diúltaithe ag coiste pleanála teanga do mhaoiniú ón Údarás'

  • Ruairí

    Géarchéim teanga atá ann sa Ghaeltacht. Ní bheidh an dara géarchéim ann. An bhfuil eagraíocht chultúrtha GhaelMheirceánach a thiocfadh i gcabhair ar an nGaeltacht? Nach bhfuil na milliúin ag an CLG freisin. Is eisceacht é seo mar de réir cosúlachta seo é an seans deireanach an teanga náisiúnta a shlánu mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

  • Harriet P.

    Má tá muintir na Gaeltachta ag iarraidh a dteanga a shábháil, is fúthu féin atá sé. Níl suim ag muintir na Galltachta sa Ghaeilge, agus ní cúis iontais é sin: Ní leo-san an teanga, ach le muintir na Gaeltachta.

    Is maith an rud go bhfuil dream amháin ar a laghad ag diúltú don rialtas agus don chur i gcéill atá ar bun aige. Ní féidir le muintir na Gaeltachta a bheith ag brath ar chabhair ón Rialtas, ná ó pholaiteoirí, ná ón Stát ach oiread. Is é an t-aon saghas ‘cabhrach’ a bhfuil uathu ná an ceart a mbeatha a chaitheamh ina dteanga féin. Chun an ceart sin a bhaint amach, ní gá dóibh ach saol dá gcuid féin a chruthú, a chaomhnú agus a chosaint, agus é sin a dhéanamh ina dteanga féin: Scoileanna dá chuid féin a bhunú, nó scoileanna a dhéanamh d’fhoirgnimh fholaimh, agus bata ‘is bóthar a thabhairt do na “múinteoirí” atá ag teacht amach ó na coláistí oiliúna; grúpaí teanga a chur ar bun chun an teanga a chosaint i measc an aosa óig; an Ghaeilge a úsáid – agus an Ghaeilge amháin – leis an rialtas, le státseirbhísigh, le comhlachtaí poiblí, le bainc agus mar sin de.

    Tá neart le déanamh, ach tá a fhios acu cad atá le déanamh agus tá neart go leor acu. Go n-éirí siad as agus go ndéana siad é.