AN PRO 14: Na dearbaithe móra idirchúige chugainn arís

Tabharfaidh cúige Chonnacht aghaidh ar Béal Feirste tráthnóna agus beidh Cúige Mumhan san Aviva amárach agus cathanna na gcúigí chugainn arís

AN PRO 14: Na dearbaithe móra idirchúige chugainn arís

Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Tá na dearbaithe móra idirchúige linn arís an deireadh seachtaine seo. Aisteach go leor, cé nach bhfuil na foirne ag imirt sna grúpaí céanna den Pro 14, beidh Cúige Laighean ag tabhairt faoi Chúige Mumhan san Aviva an Satharn beag seo agus inniu, Dé hAoine beidh Cúige Chonnacht ag taisteal go Béal Feirste le himirt i gcoinne Chúige Uladh.

Tá sé an-deacair toradh an chluiche san Aviva ar an Satharn a thuar ach creidim go mbeidh an lá le fir Bhéal Feirste i gcluiche an lae inniu, sin mura mbíonn athrú ollmhór ar chur chuige na gConnachtach. 

Tá cúpla cúis leis an tuairim sin. Ar an gcéad dul síos, beidh na hUltaigh ar thóir maithiúnais óna lucht leanta de bharr an chaoi ar imir siad nuair a chaill siad i gcoinne Zebre san Iodáil Dé Sathairn seo caite, cúis mhór náire gan dabht.

Ach b’in é an chéad chluiche a chaill siad an séasúr seo agus tá buntáiste an bhaile acu freisin. Seo é an cluiche deiridh acu sula gcuirfear fáilte roimh Wasps Londan go Béal Feirste don chéad chluiche i gCorn na gCuradh.

Is fiú a mheabhrú freisin go bhfuil na Connachtaigh in ísle brí faoi láthair agus  ceithre chluiche as cúig cinn sa bPro 14 caillte acu go dtí seo. Cinnte,  beidh fir an iarthair ag iarraidh réiteach ceart a dhéanamh sula dtéann siad ag taisteal  go dtí deisceart na Fraince le himirt i gcoinne US Oyonnax i gCorn an Dúshláin, an comórtas sóisearach, faoi cheann seachtaine. Seans go mbeidh a ndóthain le déanamh ag na Connachtaigh  slad eile a sheachaint sa Pro 14, gan trácht ar a bheith ag caint faoi chluichí atá fós le himirt.

Scéal eile a bheas againn san Aviva amárach, Dé Sathairn. Tá an dá fhoireann seo sa dara háit ina ngrúpa féin sa Pro 14 agus ceithre chluiche as cúig cinn buaite acu. Mar sin féin, ba iad na Muimhnigh a thug an taispeántas ab fhearr i mBabhta 5 den chomórtas an deireadh seachtaine seo caite. 

D’éirigh le Cúige Mumhan bua éasca 39 – 16 a fháil i gcoinne Caerdyd agus iad i bhfad róláidir don fhoireann ón mBreatain Bheag. Níorbh ionann an cás do na Laighnigh agus iad san RDS i gcoinne Dhún Éideann.  Bhí an bua acu (21 -13) ach ní raibh an imirt ná an cur chuige thar mholadh beirte.

Ach an oiread leis an dá chúige eile a bheas ag imirt inniu, beidh leathshúil ag Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ar chéad bhabhta Chorn na gCuradh a bheas á imirt acu i gcoinne fhoirne ón bhFrainc faoi cheann seachtaine. Níl aon dabht faoi ach ní bheidh tada éasca ag baint leis na cluichí sin.  Bheadh an-mhisneach go deo ag an té a chuirfeadh mórán airgid ar cheachtar de na cúigí seo roimh thús chluiche an lae amárach. Dá gcaithfinn cinneadh a dhéanamh, chuirfinn euro nó dhó, agus sin an méid, ar fhir an bhaile, díreach mar gur acu atá buntáiste an bhaile. Ní fheicim tada eile idir an dá fhoireann seo faoi láthair.

Fág freagra ar 'AN PRO 14: Na dearbaithe móra idirchúige chugainn arís'