An príosún is contúirtí dá bhfaca cigire ariamh…

Is iomaí drochthuairisc faighte ag príosún Mhaigh gCabraí ó chigirí ach tá an ceann is deireanaí millteach…

 

Maghaberry-prison-001

Ba dheacair tuairisc ní ba mheasa a shamhlú. Is iomaí drochthuairisc faighte ag príosún Mhaigh gCabraí ó chigirí ach tá an ceann is deireanaí millteach. Is é an príosún is contúirtí é da bhfaca Nick Hardwick, Príomh-Chigire na Banríona ar Phríosúin i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, riamh.

Nuair a thug foireann chigireachta ón mBreatain agus ó Thuaisceart Éireann cuairt ar Mhagh gCabraí leathbhliain ó shin, chuir na cúinsí príosúin ann alltacht orthu; mheabhraigh siad aimsir Dickens dóibh. Is é ‘poor’ nó ‘go dona’ an marc is measa is féidir leis na cigirí a thabhairt agus sin é a fuair an príosún i dtaca le ‘Sábháilteacht’, ‘Meas’, ‘Saothar nó Gníomhaíocht Fhiúntach’; fuair réimse amháin a bhí faoi scrúdú toradh “réasúnta maith” – b’shin ‘Athlonnú’.

San iomlán, chinn na cigirí go raibh géarchéim sa phríosún. Ní raibh Magh gCabraí sábháilte ná seasmhach, dar le Brendan McGuigan, Príomh-Chigire Thuaisceart Éireann; bhí an caighdeán ag titim as éadan agus d’fhéadfadh toradh tubaisteach a bheith air sin, a dúirt sé nuair a foilsíodh an tuairisc Déardaoin.

B’údar mór imní é do na cigirí, a dúradar, go raibh an príosún imithe ar gcúl go suntasach arís d’ainneoin beagán feabhais a bheith déanta roimhe seo nuair a mhol cigirí céimeanna chun lochtanna a cheartú.

Tógadh Magh gCabraí in ionad príosún na Máigh nó na Ceise Fada agus is léir go bhfuil sé faoi scáth na seanaimsire, cé nach bhfuil na ceachtanna riachtanacha foghlamtha ón oidhreacht uafásach a d’fhág na priosúin sin le huacht againn. Is ionad ardslándála é chomh maith le gnathphríosún. Mheas na cigirí go raibh sé ag teip ar an dá leibhéal sin.

Bhí méadú ar an líon de na príosúnaigh a raibh faitíos orthu nach raibh siad sábháilte agus dúirt go raibh drugaí ar fáil go forleathan; bhí ráta ard ionsaithe agus féinghortaithe ina measc.

Liosta le háireamh iad na tuairiscí faoi fhaillí i sláinte na bpríosúnach agus níl fianaise tugtha gur cuireadh é sin ina cheart. Bhí go leor den fhoireann as láthair agus dá bharr sin bhí achar fada á chaitheamh faoi ghlas ag príosúnaigh, gan fáil ar ranganna, cithfholcadáin ná cuairteoirí.

Bhí faitíos ar chuid den fhoireann roimh phríosúnaigh agus rinneadh bagairtí inchreidte ar chuid acu. Ar ndóigh, ní fada ó mharaigh easaontóirí poblachtacha an t-oifigeach príosúin David Black. Easaontóirí poblachtacha is ea 5% de na príosúnaigh. Ta siad i bhfoirgneamh ar leith agus úsaidtear i bhfad an iomarca d’acmhainní na seirbhíse orthu, de réir na tuairisce.

Deir na húdaráis go bhfuil leasuithe déanta ó chuir na cigirí ar an eolas iad faoin a mbreithiúnas sa Bhealtaine, go bhfuil gobharnóir nua ann agus feabhas curtha ar chleachtais. Ach tá freagraí den chineál sin cloiste againn cheana tar éis tuairiscí cáinteacha. Fillfidh na cigirí i mí Eanáir. Beifear ag súil go mbeidh athrú ar an gcur chuige le sonrú ansin.

Is léir don dall, i bhfianaise an oiread achrainn a tharraing cúinsí príosúin le linn na dTrioblóidí nach bhfuil sé ciallmhar faillí a dhéanamh i gcancar mar seo. Tá dhá fhadhb bhunúsacha sa phríosún, iarmhairt na dTrioblóidí agus moilleadóireacht.

Is cosúil go bhfuil eite d’fhoireann an phríosúin atá ag iarraidh an seanchur chuige slándála mar a bhí sa Cheis Fhada a choinneáil. Sa mullach air sin, níl na cúinsí maireachtála tugtha cothrom le dáta. Caithfear a dhul i ngleic leis an doicheall roimh athruithe ar an dá bhonn sin.

Is léir nach raibh feidhm ar bith le leasuithe ón mbonn aníos. Ní mór tabhairt faoi ag leibhéal níos sinsearaí – gnó do cheannaire na seirbhíse, don Aire agus don Fheidhmeannas. Ní gá meabhair Einstein a bheith ag duine chun a thuiscint gur saothar in aisce é leanacht leis an gcur chuige ar theip air arís agus arís eile.

Fág freagra ar 'An príosún is contúirtí dá bhfaca cigire ariamh…'