An polasaí oideachais nua don Ghaeltacht ag brath ar chainteanna buiséid

Agus an Dáil á scor amárach don samhradh, níl aon radharc fós ar an bpolasaí nua oideachais don Ghaeltacht a mheastar a chosnódh idir €2 milliún agus €3 milliún in aghaidh na bliana

14/06/2016.Special Needs Assistants. Pictured is Fine Gael Minister for Education & Skills, Richard Bruton TD, at Government Buildings during the announcemented regarding Allocation of Special Needs Assistants. Photo:RollingNews.ie
An tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton. Pictiúr:RollingNews.ie

Tá a bhfuil i ndán do pholasaí Gaeltachta nua na Roinne Oideachais ag brath anois ar chainteanna rialtais faoi Bhuiséad an fhómhair.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil costasú déanta cheana ag an Roinn Oideachais ar chur i bhfeidhm an pholasaí nua ach ní fios go fóill céard iad na moltaí a nglacfar nó nach nglacfar leo sa pholasaí féin.

Meastar go mbeadh costas idir €2 milliún agus €3 milliún in aghaidh na bliana ar an bpolasaí nua dá gcuirfí i bhfeidhm na moltaí ar fad ann.

Thug an tAire Oideachais Richard Bruton le fios sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil an dréachtpholasaí Gaeltachta á scrúdú faoi láthair mar chuid de phróiseas na meastachán roimh bhuiséad an fhómhair.

Agus an Dáil á scor don samhradh amárach, níl aon radharc fós ar an bpolasaí nua oideachais don Ghaeltacht a bhí le foilsiú i dtús na bliana seo. I mBealtaine 2015 a foilsíodh na moltaí don pholasaí nua Gaeltachta, agus ba i nDeireadh Fómhair na bliana seo caite a bhí an cruinniú deireanach sa phróiseas comhairliúcháin a lean foilsiú na moltaí sin.

Thug an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton le fios i bhfreagra ar cheist Dála an mhí seo caite gur uair éigin i mbliana a chuirfeadh sé an polasaí Gaeltachta “faoi bhráid an Rialtais”.

Cuireadh fáilte roimh na moltaí oideachais don Ghaeltacht nuair a foilsíodh anuraidh iad toisc gur measadh go dtugann siad aghaidh ar chuid de na dúshláin is mó atá roimh theagasc na Gaeilge sna ceantair ina bhfuil sí fós in uachtar mar theanga phobail.

Bhíothas ag súil go mbeadh an polasaí nua foilsithe roimh thús na scoilbhliana nua.

Fág freagra ar 'An polasaí oideachais nua don Ghaeltacht ag brath ar chainteanna buiséid'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Sé an trua nach raibh geallúint faighte óna páirtithe éagsúla roimh an toghchán go bhfoilseofaí agus go gcuirfí i bhfeidhm an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht. Níor tapaíodh an deis an uair sin. Theastódh brú a chur ar an rialtas agus ar an Aire Oideachais faoi seo, ag tús na scoilbhliana nua. Céard faoi picéad taobh amuigh den Roinn Oideachais ar an Déardaoin, 1 Meán Fómhair le tuismitheoirí ó na Gaeltachtaí éagsúla?

  • TG Lurgan

    Sean-bhotúin céanna á ndéanamh aríst agus arist eile – chuile cheo á dhíriú ar chéard a tharlaíonn istigh sa seomara ranga. Cothú muiníne in iompar teagnga sa ngáthshaol an príoracht – rud nár tharla riamh isigh i seomra ranga. B’fhearr i bhfad Éirinn acmhainn a chuir i dtreo saol sóisialta as Gaeilge a fhorbairt don óige. Tá i bhfad an iomarca airgid á bhástáil ag an “gCóras Oideachais” mar atá.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Anois táimid ag caint.

    • Dáithí Mac Cárthaigh

      Is ag tacú le Donncha a bhí mé !!

  • Manus

    Cén mhaith airgead a chur amú ar bhindealán eile a réiteach don chóras oideachas Gaeltachta (má tá a lethéid ann). Ní córas ach scoileanna LánGhaeilge a theastaíonn.