An phríomhdhuais ag aisteoirí óga Ghaoth Dobhair agus 36 duais ar fad ag an bhFéile Scoildrámaíochta

36 duais ar fad a bronnadh ag an bhFéile Scoildrámaíochta sa Mhuileann gCearr an tseachtain seo agus thug aisteoirí ó ghrúpaí éagsúla i nGaeltacht Thír Chonaill seacht gcinn anoir aneas leo

An phríomhdhuais ag aisteoirí óga Ghaoth Dobhair agus 36 duais ar fad ag an bhFéile Scoildrámaíochta

Tá an phríomhdhuais ag an gComórtas Scoildrámaíochta tugtha leo ag Aisteoirí Óga na Crannóige, as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Thír Chonaill, don dráma Gabhla agus an tAsgard.

Ghnóthaigh na haisteoirí óga an duais do ‘Scothléiriú na Féile’ agus an duais do léiriú ó chumann óige. Tá an dráma faoi bheirt iascairí as Gabhla a raibh ceangal acu le turas an Asgard, luamh a thug gunnaí ón nGearmáin go Binn Éadair mí Iúil na bliana 1914, gunnaí a úsáideadh in Éirí Amach na Cásca 1916.  Scríobh Suzanne Uí Ghallchóir agus Áine Ní Bhreisleáin an dráma agus léirigh Eoghan Mac Giolla Bhríghde é.

Aisteoirí as Tír Chonaill a thug leo an líon is mó duaiseanna ón bhFéile Scoildrámaíochta a reáchtáladh sa Mhuileann gCearr an tseachtain seo  — tabharfar seacht nduais ar fad siar ó thuaidh ón searmanas bronnta níos deireanaí an mhí seo.

D’éirigh le Scoil Náisiúnta Éadan Anfach agus a ndráma An Eangach Thorthach sa chomórtas do scoláirí i scoil bheag ó rang 3 go rang 6, thug Scoil Naomh Dubhthaigh, in Anagaire, an chraobh leo sa chomórtas do scoil mheánmhéid (rang 5/6) don dráma Fuadach.

Ghnóthaigh Pobalscoil Ghaoth Dobhair an duais sa rannóg do ranganna na hArdteistiméireachta leis an dráma Ó Phríosún go Príosún agus bronnadh Corn na Gaeltachta ar Scoil Adhamhnáin an Luinnigh i nGaoth Dobhair don dráma Tír na nÓg.

Ba Chonallach a thug leis an duais don aisteoir is fearr ag an bhféile freisin, Tarlach Ó Dochartaigh as Machaire Gathlán don pháirt  a bhí aige sa dráma Arís a chuir Aisteoirí Phobalscoil Ghaoth Dobhair ar stáitse.

36 duais ar fad a bronnadh ag Féile na Scoildrámaíochta i mbliana a raibh rannóga ann do scoileanna Gaeltachta, scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht, scoileanna móra agus beaga, scoileanna iar-bhunoideachais, ceoldrámaí agus comórtas speisialta i gcuimhne ar Éirí Amach na Cásca 1916.

Ba í Scoil Náisiúnta Chill Sarain, i mBaile an Ghearlánaigh i gContae Lú, a thug leo an duais don dráma is fearr ó scoil nach scoil Ghaeltachta ná scoil lánGhaeilge í don dráma Learaí Loinsigh.

D’éirigh go han-mhaith sa chomórtas freisin le scoileanna ó chontae na Gaillimhe, idir scoileanna Gaeltachta agus scoileanna taobh amuigh den Ghaeltacht.

Bronnadh an duais do na cultacha is fearr ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, ba é Ceann Scríbe, an dráma a léirigh Coláiste Chroí Mhuire sa Spidéal a bhuaigh sa rannóg ‘Léiriú is fearr ar nuadhráma’ agus thug Gaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach an chraobh leo i rannóg na gceoldrámaí dá léiriú de Charlie agus an Mhonarcha Seacláide.

Tá torthaí uile na Féile le feiceáil anseo

Fág freagra ar 'An phríomhdhuais ag aisteoirí óga Ghaoth Dobhair agus 36 duais ar fad ag an bhFéile Scoildrámaíochta'