An oiread céanna airgid infheistithe ag ÚnaG i nGaeltacht na Gaillimhe is a infheistíodh sna sé cheantar Ghaeltachta eile le chéile

Cruinniú á lorg ag Brendan Griffin (FG) le hAire na Gaeltachta faoina laghad airgid a infheistíodh i ngnólachtaí i nGaeltacht Chiarraí

udaras_051-1024x6811

Is i nGaeltacht na Gaillimhe a chaith Údarás na Gaeltachta beagnach leath (47%) den airgead infheistíochta a thug siad do chuideachtaí a bhí ag feidhmiú sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2014.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua, caitheadh beagnach an oiread céanna airgid i nGaeltacht na Gaillimhe is a caitheadh sna sé cheantar Ghaeltachta eile le chéile.

Anuas air sin, de réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar Thuarascáil Bhliantúil Údarás na Gaeltachta 2014, a d’fhoilsigh an eagraíocht le déanaí, tugadh níos mó ná dhá oiread airgid tacaíochta do ghnólachtaí i nGaeltacht Chorcaí (€8m) ná mar a tugadh do ghnólachtaí i nGaeltacht Chiarraí (€3m), an ceantar Gaeltachta is mó i gCúige Mumhan.

Ba mhó an infheistíocht a rinneadh i nGaeltacht Mhaigh Eo ná Ciarraí chomh maith – €7 milliún a bhí infheistithe ag an Údarás i gcuideachtaí i Maigh Eo a bhí ag feidhmiú i ndeireadh 2014.

Tá anailís Tuairisc.ie bunaithe ar an méid infheistíochta a rinne an tÚdarás ó thús aimsire i gcomhlachtaí a bhí fós ag feidhmiú i ndeireadh 2014.

Is chuig cuideachtaí i nGaeltacht na Gaillimhe a chuaigh €35 milliún den infheistíocht €75 milliún a bhí déanta ag an Údarás sna cuideachtaí, fochuideachtaí agus gnóthais eile a raibh sé ag tacú leo ag deireadh na bliana 2014. €19 milliún a bhí infheistithe ag an Údarás i nGaeltacht Dhún na nGall.

Dúirt an Teachta Dála ó Chiarraí Brendan Griffin (FG) le Tuairisc.ie go mbeidh cruinniú á lorg aige le hAire na Gaeltachta Joe McHugh faoina laghad airgid infheistíochta a tugadh do ghnólachtaí Ghaeltacht Chiarraí, agus dúirt an Teachta Dála ó Dhún na nGall Piaras Ó Dochartaigh (SF) gur léir dó go raibh athrú ag teastáil ar chur chuige an Údaráis.

Dúirt Brendan Griffin go raibh “an-imní” air faoi na figiúirí sin.

“Is cinnte go bhfuil difríocht ann idir dhaonra Chorca Dhuibhne agus daonra Chonamara, ach tá níos mó ná sin i gceist anseo. Beidh mé ag lorg cruinniú leis an Aire Gaeltachta faoi seo go luath; caithfidh muid ár gcuid airgid a choimeád do Ghaeltacht Chiarraí. Tá sé soiléir nach bhfuil go leor gníomhaíochta ann de réir na bhfigiúirí sin.

“Bíonn scéalta maithe ann as Gaeltacht Chiarraí, ach, anois is arís, bíonn scéalta nach bhfuil chomh maith sin agus is léir go bhfuil rud éigin as alt áit éigin sa scéal seo,” a dúirt Griffin.

Dúirt Griffin freisin go bhfuil sé ag súil go mbeidh deis aige an t-ábhar a phlé leis an Údarás féin go luath.

Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty (SF) nach gcuireann sé “aon iontas air” go bhfuil cúrsaí i gContae na Gaillimhe níos fearr ná mar atá siad ina chontae dúchais, Dún na nGall, agus mhaígh sé go gcaithfeadh an tÚdarás an cur chuige atá aige ó thaobh fostaíochta de a athrú.

“Bíonn pleananna ann achan bhliain le tuilleadh fostaíochta a chruthú ach níl mórán fostaíochta feicthe againn le blianta beaga anuas. Tagann gnólachtaí isteach sa cheantar agus fanann siad anseo ar feadh tamaill ach ansin bailíonn siad leo arís. Is minice a chailltear poist anseo ná mar a chruthaítear iad.

“Caithfidh an tÚdarás an cur chuige atá acu a athrú agus gan a bheith ag brath an iomarca ar fhostaíocht ón taobh amuigh. Tá na foirgnimh ina luí folamh i nGaeltacht Thír Chonaill agus d’fhéadfadh gnólachtaí áitiúla a bheith curtha isteach ann agus deis a thabhairt do mhuintir na háite fostaíocht a chruthú dóibh féin. Caithfear béim a chur air sin,” a dúirt Doherty le Tuairisc.ie.

Dúirt Doherty freisin nárbh fhiú a bheith ag iarraidh an cineál fostaíochta céanna a raibh rath air sna hochtóidí agus sna nóchaidí a mhealladh anois ach gurbh fhearr breathnú ar earnáil na teicneolaíochta agus ar thionscal na gcluichí ríomhaireachta agus na códála go háirithe.

Baineann na figiúirí seo le cuideachtaí ina bhfuil iomlán nó tromlach na ngnáthscaireanna ag an Údarás, cuideachtaí in a bhfuil scaireanna ag an Údarás, ach nach bhfuil iomlán ná tromlach na ngnáthscaireanna aige iontu, agus cuideachtaí agus gnóthais nach bhfuil scaireanna ag an Údarás iontu ar chor ar bith. Tá 71 de na comhlachtaí sin lonnaithe i nGaeltacht na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'An oiread céanna airgid infheistithe ag ÚnaG i nGaeltacht na Gaillimhe is a infheistíodh sna sé cheantar Ghaeltachta eile le chéile'

  • Feardorcha

    Maith sibh tuairisc.ie, bhí gá leis an méid sin a fhoilsiú. Tréaslaím le bhur dtaighde.
    Nuair a smaoinítear gur go comhlacht amháin nó dhó a théann tromlach airgead Chiarraí is léir nach bhfuil rudaí mar is ceart.
    Is fiú a lua chomh maith go bhfuil ceanncheathrú an Údaráis lonnaithe sa Ghaillimh, rud a thugann deis eile do dhaoine fostaíocht a fháíl sa Ghaeltacht sin.
    Tá Roinn na Gaeltachta ann leis.
    Agus TG4.
    Agus ceanncheathrú RnaG.
    Tá an baol ann go bhfuil “reservation” á chruthú i gConnachta agus go tigh an diabhail ag an gcuid eile againn.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní fheicim go bhfuil Údarás na Gaeltachta ina chuidiú don Ghaeilge ná don Ghaeltacht agus ní shílim go bhfuil an t-ainm/teideal sin tuillte acu.

    Níl ort ach gúgláil a dhéanamh ar an t-eagras stáit (Gaeltachta?) seo agus tiocfaidh an leagan Béarla den suíomh gréasáin aníos! – agus cad chuige a bhfuil gnóithe ar bith ag ‘Údarás Gaeltachta’ le leathanaigh Béarla ar a shuíomh gréasáin??

    35 bliain caite acu ag tarraingt Béarlóirí chun na Gaeltachta. Is mór an náire iad.