‘An Nollaig… Abair é… An Nollaig…. Tá sé togha’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Bhí ár gcolúnaí ag seachaint na Nollag le cúpla seachtain, ach ghéill sí an Domhnach seo caite...

Seoladh leabhair nua Gemma Bhreathnach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
Seoladh leabhair nua Gemma Bhreathnach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhuel, tá sé chomh maith agam é a rá os ard. An focal sin atá á sheachaint againn uile ón Samhain.

An focal a chuirfidh creathán síos suas do dhroim. An Nollaig. Anois, tá sé ráite agam. Ní raibh sé chomh dona sin an raibh?

Tá sé chomh maith agam é a rá mar gur thosaigh an Nollaig ar an Domhnach seo caite i Seanscoil Sailearna in Indreabhán nuair a sheol an comhlacht Futa Fata leabhair nua don Nollaig ag ócáid teaghlaigh. Sheol siad dhá leabhar, ceann acu Luán agus an Mórphianó, pictiúrleabhar do pháistí scríofa ag Gemma Breathnach agus maisithe ag Delphine Bodet.

An ceann eile ná Oíche Chiúin: Scéal amhrán mór na Nollag atá aistrithe go Gaeilge ag Andreas Vogel agus a bhfuil dlúthdhiosca istigh leis ar a bhfuil an t-amhrán fhéin á chasadh ag Caitlín Ní Chualáin agus leagan uirlise de curtha in eagar ag Tadhg Mac Dhonnagáin agus John Ryan agus an giotár á sheinm ag Pádraig Ó Dubhghaill.

Tá an ceol ag croílár an dá leabhar.

Luichín beag é Luán atá ina chónaí istigh faoin stáitse i halla mór an cheoil agus gurb é mian a chroí seasamh ar an stáitse sin lá éigin agus an mórphianó a sheinm don slua. Éiríonn le Breathnach agus le Bodet thú a mhealladh isteach i ndomhan draíochtúil an luchín bhig le prós galánta agus pictiúrí aislingeacha.

As an mbrón a tháinig an t-amhrán aoibheann Oíche Chiúin. Tá an scéal inste go hálainn sa leabhar. Tá croí na Nollag ann: “Ní gheallann sé ualach bronntanas do na leanaí. Ina ionad sin corraíonn sé croí gach aon duine a thuigeann áilleacht scéal an linbh a rugadh sa stábla. Cuireann sé daoine ag cuimhneamh ar an am a raibh siad féin ina leanaí óga soineanta.”

Bhí mé á seachaint le cúpla seachtain nuair a chonaic mé na maisiúcháin á gcur suas sna siopaí. Is ní féidir dul ag iarraidh pionta bainne gan do shaol a chur i mbaol ag na túranna móra de bhoscaí brioscaí USA átá á dtógáil ar ‘chuile choirnéal.

Ach níor thit an spéir ar an talamh ar an Domhnach seo caite nuair a dúradh an focal sin amach os ard i lár mhí na Samhna. Mar níor bhain sé le strus ná le cártaí creidmheasa. An Nollaig. Abair é. An Nollaig. Tá sé togha. Ní chnapfaidh na cosaí fút.

Fág freagra ar '‘An Nollaig… Abair é… An Nollaig…. Tá sé togha’'