An nglacfaidh Trump le toradh an toghcháin?

Agus Hillary Clinton go maith chun tosaigh air is é drogall Trump a rá go ngéillfidh sé do na Daonlathaigh is mó atá i mbéal an phobail

An nglacfaidh Trump le toradh an toghcháin?

Dhiúltaigh Donald Trump a rá aréir go nglacfadh sé le toradh thoghchán Stáit Aontaithe Mheiriceá dá dtoghfaí Hillary Clinton ina hUachtarán ar an tír.

Tharraing iarrthóir an pháirtí Phoblachtánaigh conspóid air féin arís le seachtain anuas nuair a d’fhógair sé ar Twitter gur chreid sé nach gcaillfeadh sé an toghchán ach go raibh an páirtí Daonlathach i mbun camastaíl bhallóide agus gur chreid sé go mbeadh caimiléireacht ar siúl sna hionaid vótála ar an 8 Samhain, lá an toghcháin.

Cé gur mhaígh a iníon Ivanka agus a chomhiarrthóir Mike Pence nár chreid lucht a fheachtais go raibh a leithéid de rud ar siúl, go luath i ndiaidh do Trump é a rá, dhiúltaigh sé seasamh siar óna ráiteas. Dhiúltaigh sé a rá freisin go nglacfadh sé le toradh an toghcháin le linn an tríú díospóireacht a bhí ar siúil oíche aréir.

Chas Clinton agus Trump ar a chéile den uair dheireanach i ndíospóireachtaí ardáin oíche aréir agus gan fágtha anois ach 19 lá go dtí go rachaidh pobal SAM amach ag vótáil.

Dhírigh láithreoir FOX Chris Wallace, cathaoirleach na díospóireachta, ar an méid a bhí ráite ag Trump faoi chaimiléireacht le linn mír amháin den díospóireacht 90 nóiméad agus é ag iarraidh a fháil amach an mbeadh Trump sásta géilleadh do Clinton i mí na Samhna nó nach mbeadh.

Níor thug an t-iarrthóir Poblachtánach freagra ceart ar an gceist cé gur chuir Wallace tuilleadh brú air. Dúirt Trump go ndéanfadh sé cinneadh faoi sin lá an toghcháin, ag brath ar an toradh a bheadh air.

Cé go raibh caint ar inimirce, ar an eacnamaíocht, ar chearta daonna na mban, ar an tSiria, agus ar an gCúirt Uachtarach le linn na hoíche, chomh maith le go leor plé ar an gcaidreamh idir Trump agus Uachtarán na Rúise Vladimir Putin, is é drogall an Poblachtánaigh géilleadh do na Daonlathaigh is mó atá i mbéal an phobail ó shin.

Cé gur tugadh le fios i roinnt mhaith pobalbhreitheanna go raibh an bua ag Clinton, an tríú bua aici sa tsraith díospóireachta seo, níorbh í seo an díospóireacht ba mheasa a bhí ag Trump. Den chéad tríocha nóiméad ar a laghad, bhí sé i bhfad níos ciúine agus níos stuama ná a bhí sé sna babhtaí eile.

Níor mhair an stuaim sin i bhfad, áfach, rud a d’admhaigh bainisteoir a fheachtais, Kelly-Anne Conway ar Twitter chomh luath is a thug sé freagra nach raibh réitithe aici féin dó. Bhí an chuma ar an scéal gur chaill sé an cloigeann arís i dtreo dheireadh na  díospóireachta agus é ag tabhairt “nasty woman” ar Clinton agus í i mbun a cuid cainte.

D’éirigh go maith le Trump agus an bheirt iarrthóirí ag plé an Clinton Foundation, mír den díospóireacht inar theip ar Clinton freagra maith a thabhairt ar a chuid ionsaithe.

B’fhearr Clinton den chuid is mó den phlé áfach agus í ag baint úsáid as óráid a thug Michelle Obama an tseachtain seo caite faoi Trump agus cearta na mban.

De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, tá an lámh in uachtar ag Hillary Clinton faoi láthair. Ar an an suíomh staitisticí FiveThirtyEight, maítear go bhfuil seans 87.3% ann go n-éireoidh le Clinton an toghchán a thabhairt léi. Fiú sna Stáit ó dheas, áit ina gcaitear vóta don pháirtí Poblachtánach de ghnáth, níl Trump ach 1.2% chun tosaigh.

Fág freagra ar 'An nglacfaidh Trump le toradh an toghcháin?'