An NFL Draft: A bhfuil i gceist leis

Cé is moite den Superbowl, is é an ‘Draft' an oíche is mó atá ann do lucht tacaíochta an NFL. Déanann Tuairisc.ie cur síos ar céard go díreach a tharlaíonn ar an oíche

NEW YORK - APRIL 26:  Glenn Dorsey poses for a photo after being selected as the fifth overall pick by the Kansas City Chiefs during the 2008 NFL Draft on April 26, 2008 at Radio City Music Hall in New York, New York.  (Photo by Jim McIsaac/Getty Images)
Rogha na Kansas City Chiefs, Glenn Dorsey, ag an ‘Draft’ i 2008. Pictiúr: INPHO/Getty Images

Is oíche mhór í seo sa pheil Mheirceánach. Thart ar 1a.m. anocht, tiocfaidh an 32 fhoireann san NFL le chéile in Ollscoil Roosevelt i Chicago chun scoth na n-imreoirí tríú leibhéal a roghnú san ‘NFL Draft’.

Craoltar an ócáid uile beo ar an teilifís; bíonn an corraí céanna ag baint leis agus a bhíonn le ‘Transfer Deadline Day’ i bPríomhroinn Shasana ar an taobh seo den Atlantach. Leanann an próiseas uile ar feadh trí ach is í anocht an oíche is tábhachtaí.

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

seacht mbabhta sa ‘Draft’ agus rogha amháin ag an 32 fhoireann i ngach babhta. Ceann de bhunchlocha an NFL ná an chothromaíocht atá sa spórt agus ceann de na bealaí a gcruthaíonn siad an chothromaíocht seo ná an chéad rogha sa ‘Draft’ a thabhairt don fhoireann is measa a bhí ann an séasúr roimhe.

Toisc gur ag na Tampa Bay Buccaneers a bhí an séasúr is measa anuraidh, is acusan atá an chéad rogha sa ‘Draft’ anocht. Ar an taobh eile, ba iad na New England Patriots an fhoireann ab fhearr sa tsraith, iad ag buachan an Superbowl. Dá bhrí sin, beidh orthu fanacht go dtí go mbeidh rogha déanta ag gach foireann eile sa chéad bhabhta go dtí go mbeidh cead acu imreoir a phiocadh.

Ní gá dóibh an t-ord sin a leanúint agus is féidir le foireann an deis a ligean tharstu más mian leo ach is próiseas sách casta é sin agus ní rachaidh muid isteach ann anois.

Cé a bhíonn ag an ‘Draft’?

Chomh maith le lucht bainistíochta na bhfoirne, bíonn roinnt de na himreoirí is mó a bhfuil éileamh orthu i láthair don ócáid lena gclanna. Fanann imreoirí eile sa mbaile ag breathnú ar an ‘Draft’ ar an teilifís ach is minic go mbíonn criú teilifíse i láthair i dteach na n-imreoirí is aitheanta chun a ndearcadh a chraoladh nuair a roghnaítear é.

Níl a fhios ag aon duine de na himreoirí cén uair a roghnófar iad, má foireann chun iad a phiocadh ar chor ar bith. Dá bhrí sin, bíonn míshuaimhneas orthu scaití nuair atá súil ag imreoir go bpiocfar é go luath sa phróiseas, ach ní roghnaítear é agus fagtar an créatúr bocht náirithe os comhair an tsaoil.

Chomh maith leo sin, bíonn slua beag gnáthdhaoine i láthair chomh maith. Is minic a bhíonn siad ag ceiliúradh na n-imreoirí a roghnaíonn a bhfoirne ach bíonn uaireanta ann nach mbíonn siad chomh sásta sin leis an rogha. I 1999, phioc na Philadelphia Eagles Donovan McNabb ach ní sásta a bhí a lucht tacaíochta siadsan, iad ag faíreach ar McNabb agus é ar stáitse.

Cé hiad na himreoirí móra i mbliana?

Is é an ceathrúchúlaí (quarterback) an t-imreoir is tábhachtaí ar fhoireann NFL agus is mó éileamh a bhíonn ar na himreoirí sin dá bhrí. Sa ‘Draft’ i mbliana, tá beirt quarterback den scoth ar fáil, Jaimes Winston agus Marcus Mariota.

Aithnítear Winston mar an lúthchleasaí is fearr, fear a bhfuil caitheamh níos láidre aige ach bhí a lán deacrachtaí aige taobh amuigh den pháirc imeartha. Ceaptar gur ceathrúchúlaí níos cliste é Mariota ach cibé cén t-imreoir a théann mar rogha uimhir a haon agus a dó, beidh foireann ag fáil imreoir d’ardchaighdeán.

Ach an bhféadfadh rudaí dul in aimhréidh?

dochreidte an mionstaidéar a dhéanann foirne ar na himreoirí a bhfuil suim acu iontu. Chomh maith le scabhtaí a chur chuig cluichí agus seisiúin traenála, bíonn daoine fostaithe ag foirne chun bleachtaireacht a dhéanamh ar shaol sóisialta agus pearsanta na n-imreoirí. Díreach ag tús na míosa, tháinig sé chun solais gur chuir foireann éigin duine ag suí taobh thiar de Jaimes Winston ar eitleán lena fháil amach cén chaoi ar iompar sé é féin.

Fiú agus an fiosrúchán uile seo ar bun, ní féidir a bheith cinnte ar chor ar bith go n-éireodh le imreoir óg san NFL.

Is mó ama a chaith JaMarcus Russell ar an mbinse in Oakland ná ar an bpáirc.
Is mó ama a chaith JaMarcus Russell ar an mbinse in Oakland ná ar an bpáirc.

I 2007, phioc na Oakland Raiders JaMarcus Russell mar rogha uimhir a haon sa ‘Draft’. Tugadh conradh sé bliana, luach $68m do Russell ach chuaigh rudaí amú go sciobtha. Níor bhuaigh Russell ach seacht gcluiche i ngeansaí na Raiders agus bhí fadhbanna le drugaí aige le linn a chuid ama in Oakland. Tar éis trí bliana, agus leath luach an chonartha sin saothraithe aige, fuair na Raiders réidh le Russell.

Os a choinne sin, is féidir le himreoir nach bhfuil cáil air teacht aniar aduaidh ar gach duine. I 2000, piocadh 198 imreoir sular roghnaigh na Patriots Tom Brady sa séú babhta. Cúig bliana déag ina dhiaidh, tá ceithre Superbowl buaite ag Brady agus aithnítear é ar cheann de na himreoirí is fearr i stair an spóirt.

Fág freagra ar 'An NFL Draft: A bhfuil i gceist leis'