AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An NFL agus an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!

Tá an t-am againn labhairt faoin NFL. Tá a fhios agam nach bhfuil an chraobh thart ach ní hé an NFL s’againne atá i gceist agam ach ceann na Meiriceánach – an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!!

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An NFL agus an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!

Spéis ná spéis níl agam sa pheil Mheiriceánach. Is é an cluiche is leadránaí ar domhan é. Is fíor gurb é an cluiche is foréigní ar domhan é fosta – rud a bhaineann den leadrán beagán. Ach ní mórán de mholadh é sin.

Bíodh sin mar atá, tá bús ag baint leis an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! thall nach mbíonn ag an NFL abhus. Ná bac an t-ardán beag cois claí i gCeatharlach nó an fhearthainn ar do chloigeann i bhFear Manach, tá staideanna den scoth agus beoir agus brocairí te (hotdogs, a chara!) agus mná ag damhsa ar dhóigh nach mbíonn siad ag damhsa ag feiseanna abhus ag an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! thall nach mbeidh ag an NFL in Éirinn go deo

Is fíor nach raibh mé riamh ag cluiche NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!!  agus is fíor nach gcuirfinn an trioblóid orm féin freastal ar chluiche NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! go deo. Tá an saol róghairid fána choinne sin.

Ach tá sé beagnach dodhéanta éalú ón mbús agus an chúlchaint a bhaineann leis an chluiche. Is é an BBC an dream is nuaí le hiarracht a dhéanamh pobal na Breataine a mhealladh i dtreo an spóirt. Bíonn buaicphointí na gcluichí le feiceáil go mall oíche Dhomhnaigh i ndiaidh Match of the Day 2 agus craoladh cúpla cluiche beo ar chainéil eile de chuid na Breataine le deireanas fosta.

Níl a fhios agam an éireoidh le hiarrachtaí an Beeb nó an té ar spéis leis Hull agus Stoke agus Sunderland agus eile, níl a fhios agam an é an cineál céanna duine é a chuirfeadh spéis i nDolphins agus Patriots agus Giants agus na hainmneacha áiféiseacha eile a bhíonn ar fhoirne peile an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!!

Ba é Channel 4 na Breataine a chuir an cluiche os comhair phobal na Breataine den chéad uair ach níor mhair an spéis chomh fada sin – ná i sacar na hIodáile. Bhí ábhar cainte ann ar feadh tamaill ach d’éirigh an imirt leamh go luath agus ní dócha gur mise an t-aon duine amháin a bhí ina shuí ar an tolg agus a Shrek inmheánach ag caint leis: “Are we there yet?”

Bíodh is nach dtiocfadh liom bheith gafa leis an pheil sin, nach iontach í mar chúlra ag lucht teilifíse? Tá sraith nua de Ballers á craoladh ar SKY faoi láthair agus an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! i Miami mar ábhar scéil ann. Tá airgead ann agus bualadh craicinn agus drugaí agus tuilleadh airgid agus mná nochta agus tuilleadh drugaí agus tuilleadh bualadh craicinn agus bréaga agus polaitíocht peile agus Dwayne Johnson sa phríomhról mar Spencer Strasmore, comhairleoir airgeadais.

Ó tharla nach bhfuil cumas ar bith mata ionam, is maith liom nach gcaitheann Strasmore barraíocht ama ag plé airgid leo. Na nithe gránna áiféiseacha eile a tharlaíonn agus airgead mór i gceist is ábhar don dráma agus bí ag caint ar airgead. Na milliúin le fáil ag an imreoir ceart agus na milliúin le cailleadh ach an mí-ádh bheith ort.

Ballers gránna agus dalba agus greannmhar agus míofar agus is breá liom é. Is fearr liom Johnson agus a chuid drugaí agus an dráma a bhaineann leis ná an cluiche féin. Sin b’fhéidir an donas do lucht an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!!!!!!! Is fearr an finscéal ná an spórt féin.

Fág freagra ar 'AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: An NFL agus an NNNNN FFFFF LLLLLLLLLL!'