An ndéanfaidh na líomhainti is deireanaí aon dochar do Shinn Féin?

Níl tuairim dá laghad ag scríbhneoir an cholúin seo an bhfuil a leithéid de rud is eagraíocht an IRA ann fós – agus níl tuairim dá laghad ag an Irish Independent ná ag Marion Finucane ach an oiread

Feature_IRA

Ní ceist nua é, ach an ndéanfaidh na líomhaintí is deireanaí faoi Shinn Féin agus an tIRA aon dochar do sheansanna na bPoblachtánach sna toghcháin, ó dheas nó ó thuaidh?

Ní féidir a bheith cinnte, ar ndóigh, ach má chuimhníonn muid siad ar an ar a laghad tionchair a bhí ag scéal Jean McConville nuair a gabhadh Gerry Adams le linn na dtoghchán Eorpach, gach seans gur beag an tionchar a bheas ag an scéal is deireanaí chomh maith.

Tar éis an tsaoil, má bhreathnaíonn muid go géar ar a bhfuil á rá ag an PSNI, is léir nach raibh an histéire sa Sunday Independent nó ar chlár Mharion Finucane ag teacht leis na fíricí (nó tuairimí) ag Príomh-Chonstábla an PSNI.

Ar an gcéad dul síos, dúirt seiseann nach bhfuil an tIRA i mbun gníomhaíochtaí paramíleatacha de chineál ar bith. Dúirt sé go mb’fheidir go raibh daoine a bhí ina mbaill den IRA tráth, nó ag daoine a bhfuil baint acu fós leis an ‘eagraíocht’ gan feidhm seo, i mbun na coiriúlachtas a stuaim féin.

Fiú ma ghlacann muid go bhfuil eagraíocht de chineál eicínt ann, tá an Príomh-Chonstabla é fein ag admháil nach bhfuil aon rud ar siúl aici a thagann salach ar na comhaontuithe polaitiúla ata déanta.

Agus ar ndóigh, d’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána cheana nach bhfuil aon fhaisnéis ann a thabharfadh le fios go raibh aon struchtúr míleata ag an IRA a thuilleadh.

Níor thaitin an chaint sin leis an Irish Independent, agus níor thaitin a raibh le rá ag an Aire Dlí is Cirt, Frances Fitzgerald, nó ag an Aire Cosanta, Simon Coveney leo ach an oiread.

Bhí an bheirt acu ar aon tuairim go gcaithfí bheith an-chúramach gan glacadh le tuairim nach bhfuil bunaithe dáiríre ar aon fhianaise.

Íorónta go maith, dhiúltaigh urlabhraithe de chuid Fhine Gael dul thar fóir leis an scéal seo, ach chuaigh Fianna Fáil agus an Lucht Oibre ar an ionsaí faoi.

Ar ndóigh, tá an dá pháirtí deireanach sin i gcomórtas le Sinn Féin le haghaidh vótaí.

Níl tuairim dá laghad agamsa an bhfuil a leithéid de rud is eagraíocht an IRA ann fós  – agus níl tuairim dá laghad ag an Irish Independent ná ag Marion Finucane ach an oiread.

Cinnte, tá daoine ann a bhí san IRA, agus tá a fhios ag an saol go bhfuil daoine i Sinn Fein inniu a bhí san IRA tráth. Ní chuireann an t-eolas seo isteach ar an bpobal vótála beag ná mor.

Agus mura bhfuil an tIRA seo i mbun gníomhaíochtaí paramíleatacha nó nó gníomhaíochtaí de chineál ar bith – mar a mhaíonn an Príomh-Chonstábla – an féidir a rá go fírinneach go bhufil eagraíocht ar bith ann? Céard a dhéanann an eagraíocht seo?

Agus ar fhaitíos go bhfuil aon éiginnteacht ann faoi seo, tá sé á rá ag Gerry Kelly, urlabhraí dlí is cirt Shinn Féin ó thuaidh, go raibh sé féin san IRA tráth dá raibh is tá a fhios aige nach bhfuil sé ann a thuilleadh.

Is cuma le lucht cáinte Shinn Féin na hargóintí seo, ach beidh ionadh mór ormsa má bhíonn tionchar ar bith ag an scéal ar chúrsaí ó dheas.

Ach céard faoin Tuaisceart?

Arís níl aon chosúlacht go gcaillfeadh Sinn Féin aon vóta mar gheall ar an scéal, ach is léir freisin go bhfuil baol mór ann do na hinstitiúidí ó thuaidh.

Ach tá an baol sin ann le fada mar gheall ar na difríochtaí móra idir Sinn Féin agus an DUP maidir le cúrsaí leasa shóisialaigh agus na hionsaithe ar bhuiséad an Fheidhmeannais atá ar siúl ag rialtas na Breataine.

Tá toghcháin Tionóil le reáchtáil ó thuaidh i mí na Bealtaine agus tá seans maith ann go dtapóidh na páirtithe Aontachta an deis seo le briseadh leis an bhFeidhmeannas.

Ach ní bheidh i scéal an IRA ach leithscéal.

Sin é an fáth go bhfuil an dá rialtas ag iarraidh foláireamh a thabhairt gan dul thar fóir le scéal atá bunaithe ar bheagán faisnéise is nach bhfuil mórán téagar ann mar scéal ar chor ar bith.

B’fhéidir, áfach, gur fhág na rialtais ródheireanach é le beatha a choinneáil sa bhFeidhmeannas. Cinnte, tá Sinn Féin ag gearán le fada nach raibh an aird cheart á tabhairt ar na deacrachtaí is nach raibh an dá rialtas dáiríre faoin bhfadhb a fhuascailt.

Is cosúil nach bhfuil Mícheal Martin nó Alan Kelly róbhuartha faoi sin, ach b’fhéidir gur chóir don chuid eile againn a bheith níos tuisceanaí faoina bhfuil ar siúl dáiríre.

Fág freagra ar 'An ndéanfaidh na líomhainti is deireanaí aon dochar do Shinn Féin?'