An ndéanfaí leas na hÉireann dá mbeadh seasamh an rialtais maidir le Breatimeacht soiléir?

Dáiríre, tá an rialtas i sáinn mar a bheifeása, a léitheoir dhil, dá mbeifeá cairdiúil le lánúin atá ar tí colscaradh a fháil, ainneoin iad a bheith pósta le dhá scór bliain

An ndéanfaí leas na hÉireann dá mbeadh seasamh an rialtais maidir le Breatimeacht soiléir?

Tá an focal ‘Breatimeacht’ nó ‘Brexit’ lochtach. Ní oireann sé go hiomlán mar chur síos ar an athrú cinniúnach a fhógrófar sa litir a chuirfidh Theresa May chun na Bruiséile i gceann tamaill bhig.

Ní imeacht dáiríre a theastaíonn ón bPríomh-Aire. Go deimhin, ní gá ach breathnú ar léarscáil chun mí-oiriúnacht an fhocail a léiriú. Beidh an Ríocht Aontaithe chomh cóngarach dá comharsana in 2027 agus atá sí in 2017, is cuma conas a athróidh Breatimeacht an caidreamh idir an tír sin agus na comharsana sin go léir.

Ní hamhlaidh go bhfuiltear ag moladh anseo go gcumfaí téarma nua in áit ‘Breatimeacht’. Ach ní foláir a thabhairt san áireamh, agus an t-ábhar á phlé mar a pléadh arís sa Dáil Dé Máirt é, go mbaineann díobháil níos doimhne leis an scéal ná mar a bhainfeadh le gnáth-imeacht.

Léirigh ceisteanna an fhreasúra agus freagraí Enda Kenny do chách go bhfuil comhráite fada casta ag teannadh linn ina rachaidh sé dian ar rialtas na hÉireann socruithe a bhaint amach a laghdóidh an dochar dosheachanta atá romhainn.

Go gairid roimh an díospóireacht Dála, thug Theresa May le fios nach dtabharfadh sí óráid i nDáil Éireann, ainneoin chuireadh an Taoisigh. Diúltú a dhúisíonn dhá cheist réasúnta. An raibh an cuireadh stuama? Nárbh fhearr é a bheith pléite faoi rún i dtosach?

De ghnáth, nuair a thugann rialtas le fios gur tugadh cuireadh do chuairteoir tábhachtach ó thír eile labhairt sa pharlaimint náisiúnta, tugtar le fios ar an bpointe gur glacadh leis an gcuireadh céanna. Ní mar sin a tharla sa chás seo. Ní raibh de thoradh air mar sin ach droim láimhe a bheith tugtha leis an Taoiseach, agus leis an Dáil, os comhair an tsaoil.

Ach fillimis ar aimsiú focail, a d’fhéadfaí a úsáid in éineacht le ‘Breatimeacht’, agus a neartódh ár dtuiscint ar an bpróiseas atá ag teannadh linn.

Dáiríre, tá an rialtas i sáinn mar a bheifeása, a léitheoir dhil, dá mbeifeá cairdiúil le lánúin atá ar tí colscaradh a fháil, ainneoin iad a bheith pósta le dhá scór bliain.

Abair gur shíl tú i gcónaí go réiteodh an bheirt gach aighneas eatarthu faoi dheireadh agus go bhfanfaidís i dteannta a chéile go héag, ar chuma éigin. Bheadh aiféala ort ar ndóigh agus cúiseanna éagsúla imní agat dá mbeadh scaradh glan i gceist. Is é sin le rá colscaradh a fhágfadh nach mbeadh aon chaidreamh riachtanach idir an bheirt ina dhiaidh.

Ach cuimhnigh nach colscaradh den chineál sin a bheadh i gceist, ach scaradh a mbeadh an bheirt ina gcónaí sa cheantar céanna go buan ina dhiaidh.

Bheadh cúrsaí níos casta dá mbeadh ceangail ghnó éagsúla agat leis an mbeirt. Abair go raibh seilbh in éineacht ag an triúr agaibh ar chomhlacht mór siopaí. Abair go raibh tú fostaithe mar bhainisteoir i gcomhlacht eile a bhunaigh an fear céile, go raibh do dheartháir i mbun gnó lena bhean chéile, gan trácht ar cheangail ghnó eile.

D’oirfeadh sé don triúr agaibh dá mbeadh carn mór airgid le roinnt mar chuid den cholscaradh, gan aon eascairdeas ná míthuiscint ag cur as don socrú leochaileach a chaithfí a phlé le cabhair dhlíodóirí.

Ní hionann an colscaradh a theastaíonn ón Ríocht Aontaithe agus colscaradh beirte. Is follas mar sin féin an chosúlacht idir an dá phróiseas, mar a bhí soiléir tar éis na díospóireachta sa Dáil Dé Máirt.

Theastaigh tuairim níos soiléire ón bhfreasúra faoin gcineál socrú a bheadh á iarraidh ag an Rialtas sna comhráite faoi Bhreatimeacht. Bheadh sé ródhéanach, a dúirt Gerry Adams, Brendan Howlin, Michael Moynihan agus Teachtaí eile, éileamh na hÉireann a fhógairt tar éis don Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil imeachta a chur chun na Bruiséile.

Dúirt Enda Kenny leo go raibh ár gcás pléite aige féin agus ag ionadaithe éagsúla rialtais le gach rialtas eile san AE. Ní féidir “idirbheartaíocht” faoi Bhreatimeacht a thosú san AE, dar leis an Taoiseach, go dtí go dtosaíonn “idirbheartaíocht” faoi Bhreatimeacht leis an mBreatain.

Aistriúchán: táimid gnóthach, go príobháideach. Tuigeann rialtais eile an AE ár gcás. Ná bíodh imní oraibh. Is fearr cúrsaí mar seo a phlé go ciúin agus go discréideach, ag an bpointe seo.

Léireofar buanna nó laigí an chur chuige seo sar i bhfad.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon

Fág freagra ar 'An ndéanfaí leas na hÉireann dá mbeadh seasamh an rialtais maidir le Breatimeacht soiléir?'