An nasc naofa sin idir tolg agus teilifíseán briste ag CLG

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Cluichí ar SKY, imeacht Bolt, costas Neymar agus sanasaíocht ainm ‘Konstanze Nic Clocharchalafoirt’ atá ag dó na geirbe ag ár Saighdiúir an tseachtain seo

An nasc naofa sin idir tolg agus teilifíseán briste ag CLG

Cúpla droch-chluiche idir Tír Eoghain agus Ard Mhacha agus idir Muineachán agus Baile Átha Cliath, is cosúil. Deirim ‘is cosúil’ nó is ar SKY a bhí siad agus ní raibh mise le híoc astu. Chuala tú an gearán seo roimhe ach déanaim arís é. An dtuigeann CLG an dochar atá déanta acu as an nasc naofa sin idir tolg agus teilifíseán a bhriseadh?

B’fhéidir gur cheart dom bheith buíoch? Thug Tír Eoghain gríosáil d’Ard Mhacha, rud a léirigh dhá rud: ba iad Ard Mhacha an contae ab fhearr de na contaetha ba mheasartha agus má tá tú le tabhairt faoi Sam a thógáil, caithfidh tú peil a imirt i Roinn a hAon den tsraith náisiúnta. Tá Tír Eoghain i Roinn a hAon; tá Ard Mhacha i Roinn a Trí. Ní chaithfidh tú an mhatamaitic a dhéanamh nó chuir foireann Mhickey Harte na suimeanna os comhair do dhá shúil i bPáirc an Chrócaigh – sa chás go raibh tú in ann an cluiche a fheiceáil.

Cibé ar bith, tá an bhréagchraobh thart! Seo chugainn anois na cluichí móra caide idir na contaetha móra caide. Ná bac leis an chur i gcéill; tá deireadh leis an chur agus leis an chúiteamh; am laochra atá anois ann.

Moltar an tOileánach ar an oileán eile

Oíche Shathairn, oíche Usain. An ráibrás céad méadar i gCraobh an Domhain i Londain agus an saol mór ag súil go mbeidh bonn óir eile ag Usain faoina chríoch. Ba é a rás deireanach céad méadar é. Faraor, mhill Justin Gatlin an oíche ar Usain agus orainn uilig nuair a thóg sé an bonn óir agus bhí Bolt fágtha in áit na leathphingine, sa tríú háit.

Mar bharr ar an mhasla, fuarthas Gatlin ciontach as drugaí a thógáil roimhe seo ach seo é go fóill, in aois a 35 bliain d’aois, ag ceansú lúthchleasaí níos óige agus níos cumasaí ná é. Sea, is ait an saol spóirt é.

Mar sin féin, cad é a dhéanfaidh muid feasta gan Bolt? Oiread céanna leis na milliúin eile, is le Bolt a fheiceáil a bhí mise i mo shuí oíche Shathairn. Mura bhfuil seisean ag rith, cad chuige a mbacfainn? Chun Gatlin a fheiceáil? Beag an baol.

Tharla gur craoladh clár faisnéise faoi Bolt an lá céanna agus a rith sé i Londain. Ba é an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ormsa ná a dhílseacht dá phobal agus dá oileán, Iamáice. Labhair sé ar “my people” agus bhí sé le feiceáil ag traenáil i measc a phobail. Níor shéan sé iad ar mhaithe le campa traenála sna Stáit nó san Eoraip. Bhí sé ag rith ina measc, ina chónaí ina measc, ag damhsa ina measc: “Rithfidh mé síos i measc na ndaoine agus rithfidh mé síos anocht!”

Moltar an tOileánach ar an oileán eile.

Buiséad Fhoras na Gaeilge go ceann na mblianta caite ar Neymar

€222 milliún ar Neymar? €222 milliún ar pheileadóir amháin?! Tá Paris St Germain i ndiaidh níos mó a chaitheamh ar fhear Bharcalona ná mar a chaithfidh an Rialtas ar an ‘straitéis’ fiche bliain go deo! Sin buiséad Fhoras na Gaeilge go ceann na mblianta agus maoiniú an fhoilseacháin seo chun na síoraíochta!

Ach níl spéis ar bith ag Neymar san airgead ollmhór a bheas le fáil aige gach seachtain. D’aistrigh sé ó Bharcalona – ceann de na clubanna is mó san Eoraip go PSG – ceann de na clubanna is lú – mar gheall ar chúrsaí peile agus dúshláin nua agus blá, blá, blá, a dúirt sé.

Aidh! Ní fada go bhfeicfidh muid Messi le Hibs. Ney-seans!

Konstanze Klosterhafen

Konstanze Nic Clocharchalafoirt

Ainm iontach eile i saol na lúthchleasaíochta. Bhí Iona Lake ón Bhreatain againn agus tá Konstanze Klosterhafen ón Ghearmáin anois againn. Bhí Klosterhafen ag rith oíche Shathairn i Londain agus, más cruinn do mo chuid drochGhearmáinise, ciallaíonn Kloster ‘clochar’ agus Hafen ‘calafort’. Konstanze Nic Clocharchalafoirt, mar sin?! Is filiúnta an sloinne é, ainm as síscéal – bíodh is nach raibh críoch shona ar an rás a rith Konstanze bhocht: ‘Fadó, fadó, i dtír i bhfad i gcéin, bhí banphrionsa ann a raibh Konstanze Klosterhafen uirthi agus chónaigh sí sa dúiche idir clochar agus calafort…’

Fág freagra ar 'An nasc naofa sin idir tolg agus teilifíseán briste ag CLG'

  • Liam Mac an Mhaoir

    Fadó, fadó, nuair a bhí an pháirc ar fad ag RTÉ le pé rud gurb annsa leo a chraoladh, d’fhág an “Staisiún Náisiúnta” na cluichí gaelacha ar leathtaoibh. Bhí níos mó rugair ar RTÉ (4 chluiche), ná peil Gaelach (3 chinn) ná iománaíocht (péire) ….. in aghaidh na bliana!!!
    Tá ioróin áirithe ag baint leis an scéal anois nuair atá stáisiúin eile sásta tuilleadh a chraoladh. Níor thuig RTÉ, ná ní rabhadar sásta cothorm na féinne a thabhairt don CLG ag an am san. Tá sé ró dhéanach anois bheith ag gol mar gheall ar na seansanna a chailleadar.
    Is dóigh liomsa gur chóir go mbeadh nasc i gcónaí idir na fíricí agus an fhírinne, a Phóil. Agus éirig de@n dtolg agus téir go dtí na cluichí