An mó duine i bhfoyer Amharclann na Mainistreach a bheadh in ann cúigear drámadóirí Gaeilge a ainmniú?

Cad iad na drámaí Gaeilge ‘is fearr’? Sin ceann de na ceisteanna á dhéanfar scagadh uirthi ag comhdháil idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn

Drama Theatre

Cad iad na drámaí ‘den chéad scoth,’ na drámaí ‘is fearr’ i dtraidisiún na Gaeilge? Cad iad na drámaí ar chóir a bheith i mbéal an phobail agus á léiriú go rialta mar chuid d’oidhreacht na teanga agus mar chuid de thraidisiún cultúrtha na hÉireann? Cé hiad na drámadóirí atá i mbun pinn i láthair na huaire a bhfuil saothar den scoth foilsithe acu? Cad é stádas na foilsitheoireachta maidir le drámaíocht na Gaeilge? Cad iad na drámaí ar chóir léiriú́ proifisiúnta a dhéanamh orthu? An bhfuil neamart á dhéanamh ar dhrámadóirí áirithe? Cén oidhreacht le huacht a d’fhág an Comhar Drámaíochta, an Damer, na Fánaithe, Amharclann de hÍde, Amharclann na Mainistreach? An bhfuiltear ag cothú dhrámaíocht na Gaeilge agus scríobh na drámaíochta faoi láthair i dtéatair na hÉireann agus i gcompántais aisteoireachta na tíre nó an gníomhaíocht amaitéarach amháin í drámaíocht na Gaeilge?

Cén seasamh atá ag drámaíocht chomhaimseartha na Gaeilge in ollscoileanna agus i meánscoileanna na hÉireann?

An bhfuil leisce ar ghrúpaí amaitéaracha faoin tuath tabhairt faoi dhrámaí nua, drámaí comhaimseartha? Má tá, cén fáth sin? 

Ní ansin ach cuid de na ceisteanna a dhéanfar cíoradh orthu ag comhdháil idirnáisiúnta faoi dhrámaíocht na Gaeilge atá á reáchtáil in ionad Boston College ar Fhaiche Stiabhna i gceartlár Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn.

Beartaíodh an chomhdháil seo chun aitheantas a thabhairt do dhrámadóirí́ Gaeilge agus chun deis a thabhairt do scoláirí́, do dhrámadóirí agus don phobal ar spéis leo an drámaíocht teacht le chéile chun tuairimí a mhalartú agus chun tús a chur le díospóireacht acadúil faoi dhrámaíocht na Gaeilge. Nuair a chuimhnítear gur léiríodh ceann de na chéad drámaí Gaeilge, An Bárd ‘gus an Fó, i Nua Eabhrac in 1884, is cuí gur ollscoil Mheiriceánach atá i mbun na comhdhála seo. 

In ainneoin an cháil idirnáisiúnta atá ar dhrámaí áirithe Gaeilge – Casadh an tSúgáin le Dubhghlas de hÍde, An Triail le Máireád Ní Ghráda, An Giall le Breandán Ó Beacháin – is beag plé a dhéantar ar staid, ar fhiúntas agus ar chaighdeán na drámaíochta Gaeilge ó thréimhse na hAthbheochana anuas go dtí an lá atá inniu ann. An mó léitheoir den Irish Times a bheadh in ann cúigear drámadóirí Gaeilge a ainmniú as a seasamh dá stopfaí iad i bhfoyer Amharclann na Mainistreach nó i bhfoyer Druid? Cuirfear tús le himeachtaí ar an 25 Feabhra nuair a sheolfaidh Bríd Óg Ní Bhuachalla (RTÉ) an chomhdháil go hoifigiúil agus leanfar de le léamh ó chuid de phríomhdhrámadóirí na Gaeilge: Seán Mac Mathúna, Éilís Ní Dhuibhne, Liam Ó Muirthile, Antaine Ó Flatharta, Darach Ó Scolaí, Micheál Ó Conghaile, Críostóir Ó Floinn, Joe Steve Ó Neachtain agus Alan Titley.

Is é Fiach Mac Conghail, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, a bheidh mar fhear an tí don ócáid seo.

An lá dar gcionn, Dé hAoine an 26 Feabhra, beidh scoláirí agus criticeoirí i lár stáitse ag scagadh dhrámaí fada na Gaeilge. I measc na rannpháirtithe as Éirinn agus as na Stáit Aontaithe a bheidh i mbun cainte, beidh an tOllamh Brian Ó Broin (Ollscoil William Patterson, New Jersey), an tOllamh Declan Kiberd (Ollscoil Notre Dame), Bríd Ó Gallchóir (Aisling Ghéar), Máire Ní Neachtain (Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach), Fidelma Ní Ghallchobhair (Aisteoirí Bulfin), Marianne Kennedy (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), Jeannine Woods (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), Malachy Ó Néill (Ollscoil Uladh), Fionntán de Brún (Ollscoil Uladh), Ian Ó Caoimh (An Coláiste Ollscoile, BÁC), an tOllamh Tony Roche (An Coláiste Ollscoile, BÁC) agus Brian Ó Conchubhair (Ollscoil Notre Dame).

Ar na drámaí fada a bheidh idir chamáin ar an Aoine, beidh: Máiréad Ní Ghráda, Giolla an tSolais An Triail; Séamus Ó Néill, Iníon Rí Dhún Sobhairce; Seán Ó Tuama, Gunna Cam agus Slabhra Óir agus Ar Aghaidh linn, a Longadáin; Breandán Ó Beacháin, An Giall; Eoghan Ó Tuairisc, Lá Fhéile Michíl agus Fornocht do Chonac; Criostóir Ó Floinn, Cóta Bán Chríost agus Aggiornamento; Antoine Ó Flatharta, Gaeilgeoirí agus Grásta i Meiriceá; Seán Mac Mathúna, Gadaí Géar na Geamhoíche ; Éilís Ní Dhuibhne, Dún na mBan trí Thine; Liam Ó Muirthile, Liodán na hAbhann; Joe Steve Ó Neachtain, Níor Mhaith Linn do Thrioblóid; Celia De Fréine, Anraith Neantóige agus Tearmann; Darach Ó Scolaí, Coinneáil Orainn agus Craos; Micheál Ó Conghaile, Go dTaga do Ríocht agus Jude.

Cuirfear críoch le himeachtaí le plé oscailte ar dhrámaíocht na Gaeilge faoi stiúir Chathail Goan. Déanfar cíoradh sa seisiún seo ar na drámaí a pléadh le linn na comhdhála agus beidh deis ag an bpobal ceisteanna a ardú agus tuairimí a nochtadh. 

Tá teorann le líon na gcathaoireacha san ionad agus moltar go tréan d’aon duine a bhfuil spéis acu sa chomhdháil seo suíochán a chur in áirithe i dTeach Boston College, 42­-43 Faiche Stiabhna, BÁC 2.

Tuilleadh eolais 01-­614­7450 nó bircl@bc.edu. Tá an chomhdháil seo á reáchtáil agus á maoiniú́ ag Boston College agus í faoi stiúir ag an Ollamh Philip O’Leary agus ag údar an ailt seo, Brian Ó Conchubhair.

Fág freagra ar 'An mó duine i bhfoyer Amharclann na Mainistreach a bheadh in ann cúigear drámadóirí Gaeilge a ainmniú?'