An mbíonn blas ar an mbeagán nuair a bhíonn cúrsaí gnéis faoi chaibidil?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: is minic a deirtear le scríbhneoirí go mbíonn blas ar an mbeagán nuair a bhíonn cúrsaí gnéis faoi chaibidil. Uaireanta, bíonn a mhalairt fíor

An mbíonn blas ar an mbeagán nuair a bhíonn cúrsaí gnéis faoi chaibidil?

Léamh agus Scríobh ar ais tar éis saoire bige, agus bheadh sé chomh maith againn tús a chur leis an séasúr nua le píosa a mheallfadh aird.

Piteanna, boid, cíocha agus tóineanna. Is minic a deirtear le scríbhneoirí go mbíonn blas ar an mbeagán nuair a bhíonn cúrsaí gnéis faoi chaibidil. Moltar dúinn an mionchur síos ar chraiceann a sheachaint. Cuirtear comhairle orainn gearradh amach roimh an nGníomh agus an chleasaíocht sa leaba a fhágáil faoi shamhlaíocht an léitheora.

Ach uaireanta, ní ag lucht na dea-chomhairle a bhíonn an ceart.

Agus mé ar eitilt trasna an Atlantaigh le gairid d’athléigh mé leabhar nár léigh mé ó bhí mé ar an meánscoil: Turks Fruit le duine de mhórscríbhneoirí na hÍsiltíre, Jan Wolkers. Mar a tharlaíonn, tháinig aistriúchán Béarla amach i mbliana faoin teideal Turkish Delight.

Nílim ag dul thar fóir ach rud beag bídeach má deirim go mbaineann Wolkers úsáid as an bhfocal ‘pit’ chomh minic céanna leis an bhfocal ‘agus’ san úrscéal seo, agus as an bhfocal ‘bod’ chomh minic céanna leis an bhfocal ‘ach’. Maidir le cíocha agus tóineanna: tá nós ag focharachtar amháin a leagan féin de Mháirseáil Radetzky a chasadh in ard a ghlóir, an téacs ‘Cíocha tóin, cíocha tóin, cíocha tóin tóin tóin’ ag dul leis an bhfonn múisciúil sin ag Johann Strauss Sr. (oibríonn an cleas i nGaeilge, fiú amháin!)

Toradh na síorthagairtí seo ar fad do na baill íogair agus an cur síos cuimsitheach a dhéantar ar an tsíorchollaíocht a bhíonn ar bun ag fear inste an scéil agus an bhean rua a shásaíonn a mhianta uile – ná go gcuirtear an ruaig ar an rúndiamhair a bhaineann le cúrsaí gnéis in aigne an duine. Cuirtear ar shúile an léitheora gur gnáthchuid den saol í an chollaíocht: téann bod nó teanga isteach i bpoll éigin agus sin a bhfuil faoi. Gníomh chomh nádúrtha céanna le hanáil a tharraingt, le greim bia a ithe, le deoch uisce a ól.

Creid é nó ná creid: úrscéal faoi ailse atá in Turks Fruit dáiríre, tour de force liteartha a bhfuil an tsíorchoimlint idir beatha agus bás mar ábhar aige. Ní thaitneodh sé le léitheoirí cúisiúla agus chuile sheans nach dtaitneodh sé le mórán ban, ach chuile dhuine agus a thuairim féin. Níor thaitin an leabhar liomsa ach an oiread nuair a léigh mé den chéad uair é, mar chuid de churaclam Ísiltírise na meánscoile. Is ea, duine cúisiúil a bhí ionam tráth agus tháinig na piteanna, na boid, na cíocha agus na tóineanna ar fad idir mé agus pléisiúr na léitheoireachta.

Ach ba iad na piteanna, na boid, na cíocha agus na tóineanna céanna a shúigh isteach sa scéal mé an iarraidh seo, áfach, agus úrscéal Wolkers á athléamh agam ar eitilt fhada fhadálach. B’fhacthas dom gur chabhraigh an cur síos neamhbhalbh, neamhthrócaireach ar chomhrac leapan na gcarachtar liom spéis a chur in ábhar scéil nach gcuirimse (fear a bhfuil dúil aige i bhfir) spéis ann i gcónaí: caidreamh grá idir fear agus bean.

Meas tú an gcabhródh mionchur síos cuimsitheach ar eachtraí leapan beirt fhear – nó beirt bhan – le léitheoirí heitrighnéasacha spéis a chur i scéalta grá neamh-heitrighnéasacha? Ceist shuimiúil í sin, go háirithe do mo leithéid féin, ach níl mé chun triail a bhaint as.

Ní mise Jan Wolkers.

– Tá Turkish Delight, aistriúchán ó pheann Sam Garrett, ar fáil ó Tin House Books.