An mbeidh an bua ag na Piarsaigh i mbliain seo an chomórtha?

Beidh sárchoimhlint inniu i nDúrlas idir Piarsaigh Luimnigh agus Abhallort an Bealach Loch Garman agus foirne den scoth ag an dá chumann

Shane Dowling. Pictiúr: ©INPHO/Keith Wiseman
Shane Dowling. Pictiúr: ©INPHO/Keith Wiseman

Sular tháinig an Nollaig, an athbhliain nó na tuillte bhí an tuairim ann gurb iad Piarsaigh Luimnigh agus Sáirséalaigh na Gaillimhe a bheadh ag dul chun catha Lá Fhéile Pádraig i mbliana. Nach tráthúil a bheadh sé i bhfianaise na staire a bhaineann leis na hainmneacha sin i mbliain chomórtha Éirí Amach 1916. Ach fágfaimid ar leataobh an stair nó go n-imreofar cluichí leathcheannais an lae inniu.

Inniu, tiocfaidh Cumann Ruairí Óg as Bun Abhann Dalla Aontroma aduaidh chun tabhairt faoi na Sáirséalaigh i bPáirc Tailteann san Uaimh agus beidh triall Abhallort an Bealach Loch Garman agus na Piarsaigh ar Staid Semple i nDurlas Éile.

Is cinnte go mbeidh dianchoimhlint i nDúrlas. Nílim chomh cinnte faoin gcluiche eile. Chuala scéalta nach bhfuil fir an Tuaiscirt chomh maith le foirne eile a tháinig amach as gleannta Aontroma rompu. Ní fhaca ag imirt iad agus mar sin ní féidir liom breithiúnas ceart a thabhairt orthu.

Ach tá rud amháin cinnte agus is é sin go bhfuil sé thar a bheith deacair craobh na Gaillimhe a bhuachaint agus de bharr sin bíonn sé deacair an ceann is fearr a fháil ar bhuaiteoirí na Gaillimhe gach bliain. Tá gaisce iontach déanta ag clubanna na Gaillimhe i gCraobh Sinsear na gClub. Ó thosach na mílaoise, tá Craobh na gClub buaite ocht n-uaire ag cúig chlub. Go luath sna nóchaidí bhuaigh na Sáirséalaigh dhá chraobh Uile-Éireann i ndiaidh a chéile. 

Ach níl aon bhaint ag na gaiscí sin le cluiche an lae inniu. Níor imríodh craobh na Gaillimhe go dtí lár mhí na Samhna i mbliana. Comhscór a bhí ann an chéad lá agus is buntáiste é do na Sáirséalaigh go raibh dhá chluiche dhiana acu chomh déanach sin sa bhliain. Agus leithéidí Cooney, Skehill, Hynes, Morrissey agus Wade acu, gan trácht ar chaighdeán na hiománaíochta ag leibhéal an chlub sa Ghaillimh trí chéile, beidh siad rómhaith do Ruairí Óg inniu.

Ní féidir an rud céanna a rá faoin gcluiche leathcheannais eile.

Is féidir a rá go measartha cinnte go bhfuil an fhoireann is láidre ag fir Luimnigh. Is féidir a rá freisin go bhfuil siad ag feabhsú i ngach cluiche ó d’imir siad cluiche ceannais an chontae. Tá meascán maith acu d’imreoirí óga agus imreoirí a bhfuil taithí acu. Gan amhras tá ainmneacha ar nós Dowling, Breen, King, Lynch, Downes agus Dempsey cloiste againn go minic agus trácht á dhéanamh ar chluichí idirchontae.

Is iad na Piarsaigh rogha na n-údar agus an stádas sin tuillte acu ach seo cluiche leathcheannais agus rompu tá foireann a tháinig amach as an gcúige céanna le Cill Chainnigh. Anuas air sin, tá mórán taithí ag foireann seo an Abhalloirt.

Chonaic mé ag imirt iad cúpla uair i mbliana agus cheapas gur chun feabhais a chuaigh siad i ngach cluiche. Tá bainisteoir nua acu i mbliana, Frank Flannery, agus cé go bhfuil sé óg fós tá CV láidir aige.

Tá se soiléir freisin ó na taispeántais a thugann siad uathu ar pháirc na himeartha go an-mhuinín acu astu féin.

Ní bheidh mórán eatarthu, ach ceapaim, nuair a bheidh deireadh déanta gur idir na bhfoirne a bhfuil na hainmneacha stairiúla orthu a bheidh sé ar Lá Fhéile Pádraig.

Fág freagra ar 'An mbeidh an bua ag na Piarsaigh i mbliain seo an chomórtha?'