An maolú nua don Ghaeilge san Aontas Eorpach: dóchas agus dúshlán

Faoin maolú nua, beidh córas iomlán aistriúcháin á thabhairt isteach de réir a chéile don Ghaeilge ón 1 Eanáir 2017 ar aghaidh

28/2/2012 European Union Flags

Ar an 14 Iúil 2015, d’fhógair Joe McHugh TD, an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, go bhfuil an Rialtas tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach. Chuige sin, chuirfí dréacht-Rialachán faoi bhráid Chomhairle an Aontais a shocródh go mbeadh maolú nua cúig bliana i bhfeidhm a rachadh in éag ar an 31 Nollaig 2021. Ach ní maolú ar aon dul leis an dá mhaolú a bhí ann go dtí seo a fógraíodh, ach maolú a ndéanfar a scóip nó a raon feidhme a chúngú céim ar chéim in incrimintí: beidh seirbhísí breise á gcur ar fáil de réir a chéile, agus daoine oilte á nearcú dá réir, le linn thréimhse an mhaolaithe.

Agus ón mbliain 2022 amach, ní bheidh aon mhaolú ann, ach seirbhís iomlán ar fáil i nGaeilge ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile. As na roghanna a bhí ar fáil don Rialtas ag an bpointe áirithe seo, is í an rogha seo an sméar mhullaigh. Fáiltím go huile agus go hiomlán roimh an gcinneadh, agus tacóidh mé leis an Rialtas, sa mhéid gur féidir, chun go nglacfadh an Chomhairle d’aon toil leis an togra atá fógartha.

Cén fáth a bhfuil an maolú seo chomh héagsúil sin leis na maoluithe eile, agus cén fáth a bhfuil sé inghlactha?

Leagadh síos sa chéad mhaolú, a bhí i bhfeidhm ó 2007 go dtí deireadh 2011, go bhféadfaí é a athnuachan go ceann cúig bliana ag deireadh a thréimhse. Cé gur mhaolú sealadach a bhí ann, d’iarr Rialtas na hÉireann (sa bhliain 2010) go ndéanfaí é a athnuachan ó 2012 go dtí deireadh na bliana seo chugainn, agus fágadh an fhéidearthacht athnuachana arís ann. Ní hamháin sin, ach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, thug an Rialtas céanna le fios go mbeadh sé sásta dá bhféadfaí coinníollacha a chruthú chun go bhféadfaí deireadh a chur leis an maolú roimh 2030: ní raibh aon ghealltanas ann go gcuirfí deireadh leis faoin am sin.

Thoiligh na mór-eagrais Ghaeilge leis an gcur chuige sin ag an am, agus ní raibh toradh fónta ar an aighneacht i scríbhinn ina choinne a chuireas féin faoi bhráid an Choiste Oireachtais a bhí ag measúnú na dréacht-Straitéise. D’fhág an éiginnteacht a d’éirigh ó mhaolú gan fíordháta éagtha go raibh deacrachtaí móra ag pobal na Gaeilge. Gan chinnteacht, ní raibh na hinstitiúidí Eorpacha sásta cur go mór lena líon foirne le Gaeilge, agus de dheasca easpa comórtas earcaíochta, tháinig laghdú ar líon na ndaoine a bhí sásta cúrsaí oiliúna a dhéanamh. Fiú nuair b’eol don Pharlaimint go raibh ateangairí comhdhála láncháilithe den scoth ar fáil don Ghaeilge, dhiúltaigh sí iad a earcú ar bhonn lánaimseartha, agus d’úsáid sí an maolú mar leithscéal.

Anonn sa bhliain 2012, d’iarr institiúidí an Aontais ar Rialtas na hÉireann a intinn i leith an mhaolaithe a chur in iúl dóibh gan mhoill, agus cinneadh críochnúil a chur ar fáil roimh dheireadh 2013 ar a dhéanaí sa tslí is go bhféadfaí comórtais earcaíochta a reáchtáil sa bhliain 2015. Chuir an Rialtas agus a státseirbhís a gcosa i dtaca, agus d’fhreagair siad an t-iarratas sin le ceisteanna breise agus le héiginnteacht. Ligeadh ár leas ar cairde.

Agus ceithre bliana ar fáil roimh dheireadh an mhaolaithe, d’fhéadfaí socruithe a dhéanamh chun go mbeifí in ann deireadh a chur leis ar an 31 Nollaig 2016. Ach ní dhearnadh sin, agus sin stair. Rinne an Rialtas cinneadh i bprionsabal i nDeireadh Fómhair 2014, agus a chinneadh críochnúil faoin maolú i mí Iúil 2015. Fiú dá mbeadh toghchán agus Rialtas nua againn amárach a tharraingeodh siar an dréacht-Rialachán, ní bheadh rogha ag an gComhairle ach maolú nua ar bhonn éigeandála a thabhairt isteach roimh thús 2017, de bhrí nár fágadh dóthain ama ann chun foireann dhóthanach i gcomhair seirbhís iomlán a earcú. Rinneadh amhlaidh i gcás na Máltaise chun moill as cuimse sa chóras reachtach a sheachaint.

Faoin maolú nua, beidh córas iomlán aistriúcháin á thabhairt isteach de réir a chéile don Ghaeilge ón 1 Eanáir 2017, lá tosaithe an mhaolaithe nua, ar aghaidh. Le hincrimintí nua ag teacht i bhfeidhm gach bliain go dtí 2021, beidh aistritheoirí, cúntóirí, agus bainisteoirí á n-earcú céim ar chéim. Leagadh an togra faoi bhráid na meithle Antici (cúntóirí na mBuanionadaithe) ar an 14 Iúil 2015, agus faoi bhráid na mBuanaionadaithe ag cruinniú de Coreper II ar an 22 Iúil 2015. Cé go bhfuil dátaí na n-incrimintí le socrú go fóill, tá togra an Rialtais do Rialachán curtha go foirmiúil faoi bhráid na Comhairle. Bheinn ag súil go dtosódh an chéad incrimint ar an 1 Eanáir 2017, mar a bhí á bheartú sa chéad leagan den dréacht-Rialachán.

Beidh comórtas d’aistritheoirí á reáchtáil ag EPSO (an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne) an bhliain seo chugainn, 2016. Ní bheidh na torthaí ar fáil roimh thús na bliana 2017, ach ós rud é go ndéantar cuid den obair a eisfhoinsiú ó ghníomhairí sealadacha i gcás fhormhór na dteangacha, is féidir cuid den obair a dhéanamh sa tslí sin i gcás na Gaeilge. D’éirigh le 14 le Gaeilge dul ar liosta na ngníomhairí sealadacha mar thoradh ar chomórtas de chuid an Choimisiúin sa bhliain 2014.

Chomh maith le comórtas d’aistritheoirí sa bhliain 2016, tá comórtais bhreise á mbeartú do na blianta 2018 agus 2020. Is ábhar dóchais dúinn na pleananna seo, ach is dúshlán mór do Rialtas na hÉireann agus go háirithe do phobal na Gaeilge iad. Ní haon mhaith tabhairt faoin dúshlán sin mar a rinneadh go dtí seo. Sna comórtais earcaíochta le blianta beaga anuas, níor líonadh fiú leath na náiteanna a bhí ar fáil ar phainéil óna ndéanfadh na hinstitiúidí daoine a earcú. Don Choimisiún amháin, mar shampla, beidh beagnach leathchéad aistritheoir, móide deichniúr cúntóirí, roinnt profléitheoirí, bainisteoir nó dhó, agus dlítheangeolaí ag teastáil le haghaidh an chórais iomláin teanga, le cois an ochtar déag atá ann faoi láthair.

Is ar Rialtas na hÉireann a thiteann an dualgas leordhóthain daoine cáilithe incheaptha a chur ar fáil don chóras Eorpach. Tá socruithe nua do chúrsaí ábhartha tríú leibhéal á gcur i bhfeidhm ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an Údarás um Ardoideachas. Tosóidh na cúrsaí seo i bhfómhar na bliana seo. Tá ráite go mbeidh fócas níos mó iontu ar inniúlacht i dtrí theanga oifigiúla, agus go gcothófar cumas i gcomhair na dtrialacha réasúnaíochta atá mar dhlúthchuid den chóras earcaíochta Eorpach. Teastaíonn dearadh nua sna cúrsaí seo, dearadh a chuimseodh coinníollacha foirmiúla i dteanga seachas Béarla agus Gaeilge, ullmhúchán réadúil don chóras earcaíochta, agus rannpháirtíocht i scéimeanna éagsúla de chuid an Aontais ar nós na Máistreachta Eorpaí san Aistriúchán nó na dtréimhsí oiliúna.

Ní bheidh poist lánaimseartha mar aistritheoir nó ateangaire nó dlítheangeolaí de chuid an Aontais ar fáil do dhaoine nach bhfuil cumas sa tríú teanga acu. Do phoist ag leibhéil níos ísle, is gnách gur leor dhá theanga oifigiúla.

Más dúshlán dúinn in Éirinn é an turas seo i dtreo seirbhís iomlán don Ghaeilge, is dúshlán freisin é d’institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tá iarrtha ar an gCoimisiún ráiteas airgeadais a dhéanfadh measúnú ar na costais do na hinstitiúidí ar fad agus ábhair ghaolmhara a ullmhú. Bheadh sé sin ar fáil go luath san fhómhar. Ach is faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh amháin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le togra na hÉireann do dhréacht-Rialachán faoin maolú, agus caithfidh sé sin tarlú roimh dheireadh na bliana.

Má sheasann Rialtas na hÉireann leis an dréacht a chuir sé faoi bhráid na Comhairle, creidim go mbeidh na Ballstáit eile ar fad sásta glacadh leis d’aon toil.

Fág freagra ar 'An maolú nua don Ghaeilge san Aontas Eorpach: dóchas agus dúshlán'