An maíomh is déanaí faoin éileamh ar Acht – ‘An Ghaeilge éigeantach i scoileanna an toradh a bheadh air’

Is é áiteamh Reg Empey faoin nGaeilge éigeantach an ráiteas conspóideach is déanaí ó pholaiteoirí aontachtaithe faoin éileamh ar Acht Gaeilge

An maíomh is déanaí faoin éileamh ar Acht – ‘An Ghaeilge éigeantach i scoileanna an toradh a bheadh air’

An Ghaeilge éigeantach i scoileanna an toradh a bheadh ar Acht Gaeilge don Tuaisceart, dar leis an bpolaiteoir aitheanta aontachtach Reg Empey.

Ag labhairt dó leis an Newsletter, dúirt Reg Empey go raibh Sinn Féin agus Gerry Adams ag cloí le cur chuige “tír gan teanga, tír gan anam” Éamonn De Valera.

“If the DUP cave in to the Sinn Féin agenda – and I think they already have – it will ultimately lead to compulsory Irish having to be taught in all schools,” a dúirt iarcheannaire an UUP.

Is é áiteamh Empey faoin nGaeilge éigeantach an ráiteas conspóideach is déanaí ó pholaiteoirí aontachtaithe faoin Acht Teanga.

I mbileog eolais a scaip ceannaire an TUV Jim Allister le déanaí, maíodh gur bhain an t-éileamh ar Acht Gaeilge leis an bpoblachtánachas míleata agus gur dhlúthchuid riamh de chlár oibre an IRA ab ea an reachtaíocht Ghaeilge. Mhaígh Allister chomh maith gur theith Protastúnaigh ón deisceart le linn na 1930idí mar gheall ar pholasaí Gaeilge ‘ionsaitheach’ Éamoinn De Valera.

Tá ráite chomh maith ag Allister gurb í an bhunsprioc atá leis an éileamh ar Acht Gaeilge ná an Tuaisceart a “dhíBhriotanú” agus aontachtóirí “a bhrú amach” as an tseirbhís phoiblí.

I measc na bpolaiteoirí eile a bhfuil fogha tugtha acu fúthu siúd atá ag éileamh Acht Teanga, tá ceannaire an UUP Robin Swann, a mhaígh go gceapfaí Coimisinéir Teanga faoin Acht a mbeadh an chumhacht chéanna aige  “le dul i ndiaidh cainteoirí Béarla” is a bheadh ag breitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Dar le Swann, níl san Acht Gaeilge ach “Capall Adhmaid na Traí eile” de chuid Shinn Féin le cur in aghaidh an aontachtais.

Meastar gur iarracht atá i gcuid de na ráitis is binbí faoin Acht Gaeilge ó na páirtithe aontachtacha beaga buntáiste polaitiúil a fháil ar an DUP trí dhul i bhfeidhm ar an dream is dígeanta i measc vótóirí aontachtaithe.

Ag tagairt dó do ráitis chonspóideacha atá déanta ag a bpáirtí féin faoin nGaeilge, thug Ian Pasiely Jr an DUP le fios ag an deireadh seachtaine go raibh brú polaitiúl ar a chomhghleacaithe “fearg” an phobail aontachtaigh a léiriú.

 Dúirt sé go gcaithfeadh an DUP dul i bhfeidhm ar a vótóirí féin agus ‘labhairt leo’.

Ní ann don vótálaí aistreach ó thuaidh atá báúil don Ghaeilge agus ní mór do pholaiteoirí ó thuaidh labhairt lena “lucht éisteachta” féin dá bharr.

Dúirt Paula Bradley, MLA de chuid an DUP, an tseachtain seo gur mheas sí go bhféadfaí teacht ar chomhréiteach maidir leis an nGaeilge ach nach bhféadfaí glacadh faoi láthair le hAcht Gaeilge.

“Ní dóigh liom gur rud é go nglacfadh na daoine a thug vótá dúinn leis. Tá sé sách deacair dul i gcoinne an rud ar sheas tú dó,” a dúirt Bradley.

Tá ceist an Achta Gaeilge fós ar an dris chosáin is mó roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont agus an DUP agus Sinn Féin in adharca a chéile faoin éileamh ar reachtaíocht teanga.

Chuir an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir i leith an DUP an tseachtain seo caite go bhfuil siad  “ag scríobadh thóin an bhairille” maidir lena ndearcadh i leith na Gaeilge agus mhaígh sé gur thuig an páirtí aontachtach “nach nglacfaí lena n-argóintí i gcoinne na Gaeilge in aon sochaí fhorásach san Eoraip”. 

Dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid an DUP Sammy Wilson go bhfuil “ag teip” ar an nGaeilge agus go ndéanfaí “leithcheal” ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu dá dtabharfaí isteach acht teanga don Ghaeilge amháin.