Beag leigheas atá ag an Lucht Oibre ar na gealltanais nár comhlíonadh, ach mar sin féin…

An drochscéala: chlis ar an bpáirtí igcás scata gealltanas a thugadar i 2011.  An dea-scéala: cliseann ar chuimhne vótóirí, uaireanta

An Tanaiste Joan Burton. Pictiúr: RollingNews.ie
An Tánaiste Joan Burton. Pictiúr: RollingNews.ie

Níl an t-ábhar seo ar chlár chomhdháil Pháirtí an Lucht Oibre, ar ndóigh. Mar sin féin, a dhaoine chóra, sibhse atá ag freastal ar chomhdháil an pháirtí ar an Muileann gCearr, ní hionann é sin agus a rá gur féidir an t-ábhar seo a chur ar leataobh faraor.

Seo mar sin an t-ábhar nach bpléifear an deireadh seachtaine seo ar an Muileann gCearr:

Na príomhghealltanais nár comhlíonadh:

1. Nach n-ardófaí an ráta cáin bhreis-luacha VAT.  Ardaíodh.

2. Nach n-ardófaí an cháin ar thaiscí DIRT. Ardaíodh.

3. Nach n-ardófaí an cháin ar ghluaisteáin. Ardaíodh.

4. Nach n-ardófaí an cháin ar bhuidéal fíona. Ardaíodh.

5. Nach n-ardófaí táillí ollscoile. Ardaíodh.

6. Nach laghdófaí sochar leanaí. Laghdaíodh.

7. Go raibh an páirtí in aghaidh táillí uisce. Tá na táillí i bhfeidhm ó anuraidh.

Ní foláir a lua gur ar fhógraí toghchánaíochta seachas i bhforógra toghcháin a tugadh an chuid is mó de na gealltanais thuas, ach ní bhainfidh an tslí a scaipeadh na gealltanais den nimh sa scéal seo fad is a bhaineann sé le naimhde an pháirtí. Thug an Lucht Oibre le fios in 2011, i bhfógra a rinne aithris ar fhógraíocht Tesco, nach ligfidís d’Fhine Gael an chuid is mó (uimh. 1-6 ar an liosta thuas) de na hathruithe thuas a chur i bhfeidhm. Lig.

Caithfear leathgheallúint eile a lua, ar ndóigh. Tugadh an gheallúint áirithe seo i bpíosa cainte a rinne Eamon Gilmore (a bhí ina cheannaire ar an bpáirtí go dtí 2014) faoin rogha ba mhó a bhí le déanamh ag an tír, dar leis. Rogha a bhí ann, a dúirt sé, idir cur chuige Pháirtí an Lucht Oibre agus cur chuige Frankfurt*. Mar is eol dúinn anois, ghéill an Lucht Oibre don chuid is mó do chur chuige Frankfurt.

Má chuirtear neamhchomhlíonadh na ngealltanas, agus na fadhbanna atá ann i réimse na tithíochta agus na sláinte as an áireamh, tá téagar áirithe fós sa chás a chuirfidh Páirtí an Lucht Oibre chun cinn idir seo agus lá an olltoghcháin.

Tá seasmhacht agus dóchas i réim sa tír ar dhóigh nach raibh súil ag aon duine leis i 2011. Tá an ráta dífhostaíochta ag ísliú go leanúnach, agus tá imircigh ag filleadh in áiteanna.

Tá an troika imithe abhaile agus tá an tír neamhspleách arís ó thaobh riar an státchiste de. Ar ndóigh, is é an t-athrú is suntasaí ó 2011 ná go bhfuil ráta fáis an gheilleagair anois chun cinn ar gach ballstát eile san AE.

Níl aon leigheas, áfach, ag an bpáirtí ar cheist na ngealltanas. Cibé coinníoll réasúnta a bhain le cuid acu (mar shampla, dúradh nach rabhthas cinnte go gcuirfí i bhfeidhm iad sa chás nach mbeadh an lámh in uachtar ag an bpáirtí sa rialtas) ní thabharfar aird ar na coinníollacha sin anois.

Táthar ann a chaithfidh vóta i gcoinne an pháirtí le teann feirge agus le fonn díoltais agus níl aon leigheas ar an méid sin. Is féidir leis an Lucht Oibre cur chuige aontaithe an rialtais a chosaint, rud nach féidir le Gerry Adams a dhéanamh, mar shampla, i gcás a chuid cainte siúd in 2011 gur chóir don IMF bailiú leo lena gcuid airgid.

Ach is í fírinne an scéil gur ar an taobh eile den choimhlint pholaitiúil a bheidh an deis is fearr ag Páirtí an Lucht Oibre vótaí a charnadh, nó ar a laghad na vótaí a bhí acu a chosaint.

Beidh Fine Gael i mbun rialtais tar éis an toghcháin seo, de réir cosúlachta, ach níl bunú rialtas aonpháirtí á thuar fiú acu féin.

Tá gealltanais á bhfógairt i gcónaí ag an Lucht Oibre (an scéim le costas cúram leanaí a laghdú, mar shampla), ach b’fhéidir go mb’fhearr don pháirtí glacadh leis nach bhfuil aitheantais ag dul dóibh as ar tharla in 2011.

Céard is féidir le hiarrthóirí an pháirtí a rá mar sin chun vótaí agus tacaíocht a mhealladh seachas a bheith ag brath air go bhfuil meas nó aithne phearsanta ag vótálaithe áirithe orthu? A leithéid seo, b’fhéidir:

‘Féach, nílimid gan locht, ach beimid ábalta rudaí fiúntacha a dhéanamh as seo amach nach raibh ar ár gcumas iad a dhéanamh, cheal airgid, le cúig bliana anuas. Tithe a thógáil mar shampla.”

Céard eile?

‘Coinneoimid srian ar Fhine Gael. B’fhearr leosan béim a chur go síoraí ar laghdaithe ar cháin. Cuirfimidne béim i gcónaí ar na seirbhísí poiblí a theastaíonn go géar. Agus cá bhfios cén sórt margaidh a dhéanfaí, le Michael Lowry agus le neamhspleáigh eile, mura mbeadh móramh in éineacht arís ag Fine Gael agus an Lucht Oibre.

‘Má theastaíonn uait go mbeadh seasmhacht ann, go gcuirfí srian le Fine Gael, agus nach mbeadh an iomarca cumhachta ag neamhspleáigh, tabhair vóta don Lucht Oibre.”

Ní beag san. An leor é chun a leath de Theachtaí Dála an pháirtí a thabhairt slán? Bheadh amhras ar an té a bheadh stuama.

* I mBéarla, dúirt Gilmore: “It’s Labour’s way or Frankfurt’s way.”

Is láithreoir é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar 'Beag leigheas atá ag an Lucht Oibre ar na gealltanais nár comhlíonadh, ach mar sin féin…'