An lucht féachana teilifíse is mó riamh i stair Pheil na mBan ag TG4

D’fhreastail an slua is mó riamh ar chluichí ceannais Pheil na mBan inné agus bhain beochraoladh TG4 ar na cluichí i bPáirc an Chrócaigh curiarracht eile amach ó thaobh lucht féachana

An lucht féachana teilifíse is mó riamh i stair Pheil na mBan ag TG4

Ba é bua Bhaile Átha Cliath i gcluiche ceannais Pheil na mBan i bPáirc an Chrócaigh inné an cluiche is mó a mheall lucht féachana teilifíse i stair pheil na mban.

Bhí meánlucht féachana 303,800 duine ag breathnú ar chluiche ceannais na sinsear idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo, an figiúr is airde ó thosaigh TG4 ag déanamh beochraoladh ar na cluichí in 2001.

Sciar 40% den lucht féachana teilifíse in Éirinn ag an am a bhí ag TG4.

Is i dtreo dheireadh an chluiche a bhí an lucht féachana ba mhó ag an mbeochraoladh agus 409,700 duine ag féachaint ar an gcluiche ag 5.24 tráthnóna, díreach agus an tríú cúl do Bhaile Átha Cliath á aimsiú ag Carla Rowe.

Bhí ardú mór lucht féachana i gceist do TG4 i gcomparáid le beochraoltaí eile ar Pheil na mBan. Roimh chluiche an lae inné, ba é cluiche ceannais na mban idir Corcaigh agus Muineachán in 2013  is mó a mheall lucht féachana agus 234,800, ar an meán, a d’fhéach ar an gcluiche sin. D’fhéach beagnach 70,000 duine níos mó ná sin ar Bhaile Átha Cliath ag fáil an cheann is fearr ar Mhaigh Eo inné.

Thréaslaigh Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont torthaí an lae inné le Cumann Peil Gael na mBan agus dúirt gur cruthúnas a bhí ann ar an obair “iontach” atá ar bun ar son na peile.  “Is páirtíocht ar leith an caidreamh fadbhunaithe idir TG4 agus an Cumann agus táimid cinnte gur féidir linn, le chéile, níos mó fós a bhaint amach,” a dúirt Esslemont.

Lá stairiúil a bhí ann do Pheil na mBan ó thaobh líon na ndaoine a d’fhreastail ar an gcluiche féin chomh maith. Slua 46,286 a d’fhreastail ar Pháirc an Chrócaigh inné do na trí chluiche ceannais. Ní hamháin gur sháraigh an figiúr sin curiarracht na bliana seo caite (34,445), ach ba é sin an tinreamh ab airde ag aon imeacht i spórt na mban san Eoraip i mbliana.

Fág freagra ar 'An lucht féachana teilifíse is mó riamh i stair Pheil na mBan ag TG4'

  • Sean

    Ni nach ionadh…beithe breatha!

  • rachel

    Comhgairdeachas leis an gcomhlacht léirúcháin teilfíse Nemeton ós na Déise i gCo Phort Láirge, a chuir na cluichí spleodracha i láthair.