An lucht féachana is mó riamh ag TG4 do bhua Chiarraí ar Áth Cliath inné

D’fhéach 354,000 duine ar an meán ar chluiche ceannais na sraithe peile i bPáirc an Chrócaigh inné, mar ar bhuaigh Ciarraí a 20ú sraith

An lucht féachana is mó riamh ag TG4 do bhua Chiarraí ar Áth Cliath inné

Ba é cluiche ceannais na sraithe peile inné idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath an clár is mó a mheall lucht féachana riamh do TG4.

Ar an meán, d’fhéach 354,000 duine ar an gcluiche, rud a d’fhág chun tosaigh é ar chluiche ceannais sraithe na bliana seo caite idir na foirne céanna, an clár ba mhó lucht féachana ag an stáisiún go dtí an lá inné.

D’fhéach 642,000 duine ar nóiméad amháin, ar a laghad, de chluiche an lae inné ar an stáisiún Gaeilge agus is ag féachaint ar an gcluiche ar TG4 a bhí 37% de na daoine a bhí ag breathnú ar an teilifís le linn an tseala ama ar craoladh é.

D’fhéach 20,000 duine níos mó ar an gcluiche ceannais inné ná mar a d’fhéach ar chluiche ceannais na bliana seo caite, a mheall 334,000 duine chuig TG4.

Cé gur mhó go mór an tsuim a bhí ag daoine i gcluiche ceannais Roinn 1, inar éirigh le Ciarraí an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha Cliath den chéad uair le dhá bhliain anuas, bhí lucht féachana maith freisin ag cluiche ceannais Roinn 2, idir Gaillimh agus Cill Dara.

154,000 duine, ar an meán, a d’fhéach ar an gcluiche sin inar éirigh le Gaillimh cluiche a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh den chéad uair ó 2001. B’ionann é sin agus sciar 21% den lucht féachana ag an am sin inné.

Dúirt Eagraí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha gur údar bróid don stáisiún gur éirigh le cluiche an lae inné curiarracht a bhaint amach don stáisiún ó thaobh lucht féachana de agus mhol sé go háirithe saothar Nemeton, an comhlacht Gaeltachta a léiríonn soláthar spóirt TG4.

“Is ábhar mórtais iad na figiúirí féachana seo dúinn agus ba dhoiligh cluiche níos drámatúla a shamhlú ná ceann mór an lae inné ina raibh teannas, díocas, scileanna den scoth, dian-iomaíocht agus amhras faoin toradh nó gur séideadh an fheadóg ag deireadh na himeartha,” a dúirt Eagraí Spóirt TG4.

Fág freagra ar 'An lucht féachana is mó riamh ag TG4 do bhua Chiarraí ar Áth Cliath inné'

  • patrick

    Is firici iontacha iad seo a thugann le fios go bhfuil muintir Fodla broduil as a gcultur arsa idir chluichi is theanga. Ach feach go muchtar an fhuaim sna tithe tabhairne (a bhformhor mor d’reir mo thaithi fein), rud a fhagann gur ar scailean balbh a bhitear ag stanadh. Ni me an ndeantar an rud ceanna sa bhaile? Aon rud ach an teanga arsa seo againne a labhairt no i a bheith le cloisteail fein fiu! Is cuis naire don lucht feachana i toisc go gcuirtear i gcuimhne dhoibh gur tir dhatheangach (fos) i Eire agus nach bhfuil an ‘dara teanga’ sin acu. Musclaitear an cheist ansin ‘cad is Eireannach ann?’

  • Seán Mag Leannáin

    Cé a dúirt nach ndéanann an CLG faic ar son na Gaeilge? Sampla é seo den raiméis a chloistear go minic ó Ghaeilgeoirí áirithe. Ní féidir leo a gcuid cairde a aithint ón a gcuid naimhde!