An líon is mó suíomhanna Gaeilge riamh ainmnithe do na Web Awards i mbliana

Bhíodh lucht eagraithe na ngradam ag streachailt le níos mó má cúig shuíomh Gaeilge a aimsiú don rannóg ach deir siad go bhfuil níos mó á dhéanamh acu anois le spéis phobal na Gaeilge a mhealladh.

An líon is mó suíomhanna Gaeilge riamh ainmnithe do na Web Awards i mbliana

Tá tuairim is 30 suíomh Gaeilge ainmnithe don rannóg ‘An Suíomh Gaeilge is Fearr’ ag Web Awards 2016, an líon is mó riamh, dar le bunaitheoir na ngradam Damien Mulley.

Dúirt Mulley le Tuairisc.ie go mbíodh sé ag streachailt le níos mó má cúig shuíomh Gaeilge a aimsiú don rannóg ach go bhfuil níos mó á dhéanamh ag foireann na nGradam anois le spéis phobal na Gaeilge a mhealladh.

“Cúpla bliain ó shin, ba mise a bhí ag ainmniú na suíomh a bhí ar eolas agam agus á gcur isteach ag an nóiméad deiridh don Suíomh Gaeilge is fearr leis an líon a chur os cionn cúig ainmniúchán.

“Tá pobal na Gaeilge iontach ag slógadh na dtrúpaí agus chonaic mé cúpla cainteoir Gaeilge ag caint faoi ar Twitter agus go tobann bhí rabharta ainmniúchán ann in achar gairid. Ní dóigh liom gur dhíríomar ar na daoine cearta san am atá thart ná ní raibh na daoine cearta inár ngréasán, ach tá anois,” a dúirt sé.

Beidh gradaim na bliana seo dírithe níos mó ar an scríbhneoireacht  agus na rannóga do mhionghnólachtaí agus ríomhthráchtáil bogtha go hócáidí gradaim eile. Tá tuairim is 600 ainmniúchán faighte ag lucht Ghradaim 2016 ó bhreis agus 200 duine go dtí seo.

Cé go bhfuil méadú mór tagtha ar líon na ndaoine a chuir ainmniúchán isteach don Suíomh Gaeilge is Fearr, is iad na rannóga d’fhoilseacháin ar líne amháin, do shuíomhanna spóirt agus don ‘Suíomh is Áille’ na rannóga is mó tóir i mbliana.

Cuireadh thart ar 60 ainmniúchán isteach don Suíomh is Áille i mbliana. Dúirt Mulley go mbíonn tuairim is scór ainmniúchán ann do gach rannóg ar an meán ach go bhféadfadh líon na n-ainmniúchán a bheith chomh hard le 70 nó chomh híseal le 5 i rannóga ar leith.

Dúnadh na hainmniúcháin do na Web Awards Dé Máirt ag meán lae.  Fógrófar an gearrliosta sa 23 rannóg éagsúil go luath agus bronnfar na gradaim ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 28 Meán Fómhair.

Dúirt Mulley le Tuairisc.ie go mbeidh an t-ainmniúchán féin tábhachtach i bpróiseas marcála an chomórtais don Suíomh Gaeilge is Fearr ach go mbeidh go leor pointí á dtabhairt d’ábhar an tsuímh freisin.

“Tá dearadh agus struchtúr an tsuímh tábhachtach, chomh maith le fealsúnacht an tsuímh, agus tugtar go leor marcanna don ábhar freisin. Ní fiú filleadh ar shuíomh atá go deas ag breathnú ach nach bhfuil mórán téagair ann. Beidh ceathrar nó cúigear ag déanamh moltóireacht ar na suíomhanna,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'An líon is mó suíomhanna Gaeilge riamh ainmnithe do na Web Awards i mbliana'

  • Pól Réamonn

    An bhfuil an liosta shuímh ar fáil?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bheadh suim agamsa fosta an liosta a fheiceáil. Agus na buaiteoirí. Sa deireadh, tá rud inteacht dearfach ag tarlú leis an nuatheicneolaíocht agus an gnó tré Ghaeilg.