Fuair Oifig an Choimisinéara Teanga an líon is mó gearán riamh anuraidh, de réir thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga a foilsíodh inniu.
Rinneadh 768 gearán ar fad leis an Oifig le linn na bliana 2016, a líon is mó ó bunaíodh an oifig in 2004.
Bhain beagnach an tríú cuid de na gearáin sin le seirbhísí a thagann faoi scáth scéimeanna teanga.
Is ó Bhaile Átha Cliath a tháinig a tháinig an líon is mó gearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga in 2016. Tháinig 45% de na gearáin ón bpríomhchathair – méadú ón 40% a tháinig as an bhliain roimhe sin.
Gaillimh, an contae ina bhfuil an Ghaeltacht is mó in Éirinn, a bhí sa dara háit ar an liosta agus 12% de na gearáin ag teacht ón gcontae sin, an áit a bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill, féin lonnaithe.
Bhí ceithre chontae Gaeltachta eile ar liosta na gcontaetha ba mhó a ndearnadh gearáin iontu — Dún na nGall (4.2%), An Mhí (3%), Ciarraí (2.9%) agus Corcaigh (2.6%). Ní raibh Port Láirge ná Maigh Eo ard ar an liosta.
Tháinig 19% de na gearáin ar fad ó cheantair Ghaeltachta oifigiúla ach is ó na ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht oifigiúil a tháinig formhór mór na ngearán, 81%.
I measc na gcontaetha eile a bhí ar liosta na gcontaetha ba mhó as a dtáinig gearáin, bhí Cill Chainnigh (9%), Cill Dara (2%), Cill Mhantáin (1.6%) agus Liatroim (1.3%).
Tháinig 1.3% de na gearáin a rinneadh in 2016 ó áiteanna taobh amuigh de dhlínse an Choimisinéara Teanga.
Bhain formhór na ngearán le forálacha i scéimeanna teanga a sáraíodh. Is faoin réimse sin a thagann fadhbanna le cártaí aitheantais, suíomhanna gréasáin, foirmeacha agus araile i gceist.
Easpa Gaeilge ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht ba chúis le 27.6% de na gearáin anuraidh, ardú ó 21.6% in 2015.
Bhí comharthaíocht ar bhóithre réasúnta ard ar liosta na gcineálacha gearán i mbliana agus ba faoin ábhar sin 11.2% de na gearáin a rinneadh— ardú ó 8.3% in 2015.
Fadhbanna le hainmneacha agus seoltaí i nGaeilge ba chúis le 8.2% de na gearáin in 2016. Is laghdú é sin ar líon na ngearán faoin ábhar sin, 14.4%, in 2015, ach ba sa bhliain sin a tháinig an chonspóid maidir le Eircode chun cinn, conspóid a spreag go leor gearán faoi ainmneacha agus seoltaí, go háirithe i gceantair Ghaeltachta.
I measc na n-ábhar eile a bhí liosta na ngearán, bhí freagraí i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge, foilsiú doiciméad i nGaeilge, fadhbanna le logainmneacha Gaeltachta agus fadhbanna le haitheantas don Ghaeilge i gcomórtais earcaíochta de chuid an stáit.
Is eagraíochtaí stáit, taobh amuigh de Ranna Rialtais agus údaráis áitiúla, ba mhó a bhí i gceist le gearáin 2016. Is faoi na heagraíochtaí stáit sin a rinneadh os cionn 43% de na gearáin — ardú suntasach ar an 30% a bhí ann in 2015.
Is faoi na comhairlí contae agus cathrach a rinneadh 41% de na gearáin anuraidh agus bhain 10.5% de na gearáin le ranna rialtais. Rinneadh gearáin freisin faoi údaráis sláinte (3%) agus faoi údaráis oideachais (3%).
Fág freagra ar 'An líon is mó gearán riamh faighte ag an gCoimisinéir Teanga anuraidh'