An ligfear anuas nó aníos an Cadhnach má bhuann Cré na Cille ‘leabhar na bliana 2017’?

Ar chóir saothar pheannadóirí an lae inniu a chur i gcomórtas do ‘Ghradam Uí Shúilleabháin’ le mórshaothar mháistir an Chnocáin Ghlais a foilsíodh i 1949

An ligfear anuas nó aníos an Cadhnach má bhuann Cré na Cille ‘leabhar na bliana 2017’?

Féile mhór don Ghaeilge agus do Ghaeil a bhíonn san Oireachtas faoi Shamhain. Deis a bhíonn ann bualadh le seanchairde, amhráin a chasadh, ól agus pléaráca a dhéanamh, béadán a scaipeadh agus thar aon rud eile Gaeilge a labhairt go nádúrtha gan cás ná náire ná gothaí tírghrá a chur ort féin.

Tugann an fhéile deis d’aon ghíománach gairmiúil i dtionscal na Gaeilge a dtachtfadh aon fhocal den teanga é ina shaol pearsanta de ghnáth an teanga sin a labhairt taobh amuigh dá oifig. I saol seo na hiomaíochta agus na dtáblaí barr feabhais, sórt cluichí Oilimpeacha an chultúir dhúchais atá san fhéile anois agus ní lia duine ná tuairim faoi leas nó aimhleas an tionscnaimh sin.

Ardán margaíochta atá san Oireachtas do dhreamanna agus comhlachtaí díograiseacha lena ngabhar a sheoladh i lár an aonaigh agus a scéal a scaipeadh ar a bpobal.  Ní hiontas mar sin go mbíonn seoltaí agus ócáidí poiblíochta fairsing ag an bhféile agus is iomaí féirín nua a d’éireodh le duine a thabhairt abhaile leis.

Bronnfar féirín €3000 ar cheann de na foilsitheoirí paiteanta seo Lá Samhna i gCill Airne – Cló Iar-Chonnacht, Leabhar Breac nó Cois Life. De réir lucht an Oireachtais dea-chaighdeáin na foilsitheoireachta go príomha a chothaítear agus a chúitítear le Gradam Uí Shúilleabháin agus tá sin le moladh mar is minic gurb é a shlacht a dhíolann leabhar.

Ar na saothair atá ar ghearrliosta na bliana seo, tá eagrán nua de Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, agus Éagóir, leabhar Sheáin Uí Chuirreáin faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna, a d’fhoilsigh Cois Life.

Ó Chois Life an dá leabhar seo freisin – úrscéal comhaimseartha An tIriseoir le Michelle Nic Pháidín agus I dTír Mhilis na mBeo, cnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin.

Tá áit ar an liosta ag dhá leabhar leis an gcomhlacht foilsitheoireachta, Leabhar Breac: Conaire Mór Seacht nDoras na Cinniúna le Diarmuid Johnson, insint nua ar scéal béaloidis, agus Corp an Duine Uasail, úrscéal grafaice le Pénélope a d’aistrigh Darach Ó Scolaí.

Is maith sin ach bronnfar duais €2000 ar an té a scríobh an saothar buacach chomh maith. Ba dheas milis a bheadh an dá mhíle sin ag an gCadhnach i 1949 agus is maith is eol dom go mbíonn cead bóithreoireachta ag na mairbh oíche Shamhna ach an ligfí anuas nó aníos an Cadhnach leis an dá mhíle a bhailiú? Bheadh caint ar Oireachtas 2017 go deo, ach tá súil agam nach dtiocfaidh sé mar bhrisfí a chroí.

Cén coiste nó léirmheastóir a dhéanfadh leabhar staire, leabhar gearrscéalta, úrscéal éadrom, leabhar grafaice nó scéal béaloidis a mheas mar shaothar litríochta in aghaidh Bhíobla na nGael le beagnach seachtó bliain?

An amhlaidh nach féidir le scríbhneoir an gradam a fháil más ceirt ghioblach a dhéanann an foilsitheoir dá leabhar? Nó a mhalairt sin, scrín na dea-cheardaíochta atá sa leabhar ach gan istigh ann ach giob geab a chuirfeadh fonn múisce ar ghadhar agus ar mholtóir?  Nach séanann sin cothrom na Féinne?

Más duais foilsitheoireachta é ‘Gradam Uí Shúilleabháin’, bíodh sí ina duais foilsitheoireachta, ach má tá caighdeán na scríbhneoireachta le cur san áireamh freisin, ná cuirtear saothar pheannadóirí 2017 i gcomórtas le mórshaothar mháistir an Chnocáin Ghlais a foilsíodh i 1949.

Tá fonn orm féin gradam a bhronnadh ar an duine is abartha agus an gob is binbí a chaithfear i gClub na Féile má fhógraítear nach é Cré na Cille leabhar gach bliana. Ach beidh gradam eile dlite don duine is abartha agus an gob is binbí má fhógraítear gurb é Cré na Cille leabhar na bliana 2017.

Cogadh é seo nach bhfuil buachan i ndán dó, ach má thagann taibhse an Chadhnaigh an chlub, déarfainn nach sásta a bheadh sé, buacach nó caillteach.

Scaoil chugam Lúibíní 2018!

Fág freagra ar 'An ligfear anuas nó aníos an Cadhnach má bhuann Cré na Cille ‘leabhar na bliana 2017’?'

  • Mánus

    Aisteach nach luaitear an dochar atá déanta don Oireachtas ag an rabharta mór Béarlóirí ag an Shanknows Dancing Competition san alt. Tá Gaeil a sheachnaíonn an fhéile dá bharr.Ba chóir go Mbeadh náire ar Confadh na Gaeilge as an fhéile a bhronnadh ar chomhlacht príobháideach.