An lasair sa bharrach sa Chatalóin agus an ghéarchéim pholaitiúil imithe chun an diabhail le fána

Tá léirsithe móra sa Chatalóin in aghaidh rialtas na Spáinne a bhfuil an iarracht is treise fós déanta aige stop a chur le reifreann neamhspleáchais

An lasair sa bharrach sa Chatalóin agus an ghéarchéim pholaitiúil imithe chun an diabhail le fána

Tá an lasair sa bharrach sa Chatalóin agus an ghéarchéim pholaitiúil imithe chun an diabhail le fána go mór ó dhein póilíní na Spáinne, an Guardia Civil, ruathar inné ar oifigí de chuid rialtas na Catalóine, an Generalitat, in Barcelona. San iarracht is mó fós stop a chur leis an reifreann neamhspleáchais atá le reáchtáil ar an 1 Deireadh Fómhair, gabhadh 14 feidhmeannach rialtais, ina measc leas-Aire rialtais. Mhóidigh na Catalónaigh agus na Spáinnigh araon nach ngéillfidís, áfach.

‘Tá féinrialtas na Catalóine curtha ar ceal de facto ag rialtas na Spáinne’, a dúirt Uachtarán an Generalitat Carles Puigdemont ach bhagair an Príomh-Aire Mariano Rajoy ar na Catalónaigh éirí as ‘a bhfeachtas mídhleathach easumhlaíochta’ agus géilleadh don dlí. Chaith na mílte Catalónach an lá agus an oíche ag léirsiú go síochánta i gcoinne rialtas na Spáinne ar shráideanna Barcelona agus i gcathracha eile.

Is beag aird a thug mórmhéain chumarsáide an Bhéarla sa tír seo ar an gCatalóin go dtí seo agus ba mhó an t-aineolas ná an t-eolas a léiríodar ina leith. Mar sin, creidim nár mhiste roinnt fíricí a mheabhrú do léitheoirí Tuairisc.ie nach mbeadh fáil orthu go fuirist sna mórmheáin Éireannacha. Admhaím ar dtúis gur independentista mé féin, go dteastaíonn uaim go dtiocfaidh Poblacht na Catalóine ar an saol go síochánta agus go bhfuilim ag súil le tacú le mo chairde Catalónacha trí dhul go ceantar Girona ag deireadh na míosa:

1. Rialaítear an Chatalóin faoi Reacht Féinrialtais ina ndéantar sainmhíniú ar rialacha institiúideacha na Catalóine. Téann préamhacha an aighnis seo chomh fada siar le 2010 nuair a chinn Cúirt Bhunreachtúil na Spáinne – le tacaíocht ó pháirtithe aontachtacha na tíre, go háirithe an Partido Popular – cuid den reacht a chur ar ceal, rud a chuir srian leis an bhféinrialtas. I measc na bhforálacha a cuireadh ar ceal bhí na cinn a bhain le stádas na Catalóinise agus chinn an Chúirt chomh maith nach raibh aon bhunús dlí leis an bhfocal ‘náisiún’ a bhí in úsáid sa réamhrá. Ní nach ionadh go bhfuiltear ag méadú ó shin i leith ar thacaíocht an phobail don neamhspleáchas, nó ar a laghad do reifreann ina dtabharfaí an rogha sin don toghlach.

2. Diúltaíonn rialtas na Spáinne glan ceist an neamhspleáchais a phlé, in ainneoin go bhfuil níos mó ná fiche iarracht fhoirmeálta déanta ag an Generalitat dul i mbun idirbheartaíochta. Ní bhíonn de fhreagra ag Rajoy ar achainíocha na gCatalónach ach an seanphort céanna: dar leis an mBunreacht, tá an Spáinn indivisible (doroinnte) agus sin a bhfuil de. Cé gur aondachtach go smior é David Cameron, bhí a dhóthain den ngliceas polaitiúil aige chun rogha a thabhairt do na hAlbanaigh agus d’éirigh leis an ghluaiseacht neamhspleáchais a chloí.

3. Tá móramh – más móramh beag é – de pharlaimint na Catalóine ar son an neamhspleáchais, comhghuaillíocht idir Junts Pel Sí (Le Chéile ar son Tá) agus La CUP, páirtí radacach den eite chlé. Is cosúil go dtacaíonn móramh de mhuintir na Catalóine leis an neamhspleáchas: léiríonn pobalbhreitheanna éagsúla le tamall anuas go bhfuil timpeall 50 faoin gcéad nó beagán os a chionn ar a shon agus go méadaíonn an céatadán sin go suntasach i measc daoine atá cinnte go gcaithfidh siad vóta. Ach níos suntasaí fós, is léir go dteastaíonn ó mhóramh an-mhór go reáchtálfí reifreann faoin gceist – idir 70 agus 80 faoin gcéad.

4. Mar sin, cé gur chinn Cúirt Bhunreachtúil na Spáinne go raibh an reifreann seo mídhleathach, tá iliomad iarrachtaí déanta ag an Generalitat dul i mbun idirbheartaíochta agus tugadh an chluas bhodhar dóibh. Teastaíonn ó mhóramh suntasach de phobal na Catalóine rogha a bheith acu idir fanacht laistigh den Spáinn nó poblacht dá gcuid féin a bhunú ach diúltaíonn rialtas na Spáinne an ceart sin a thabhairt dóibh. Cé go mbaineann deacrachtaí praiticiúla lena chur i bhfeidhm go minic, dlúthchuid den dlí idirnáisiúnta is ea an ceart féinchinntiúcháin agus áitím go dtagann sé sin i gceist sa chás seo.

5. Tá iarrachtaí córasacha déanta ag údaráis na Spáinne srian a chur le bunchearta daonna ar nós saoirse chainte agus an ceart féinchinntiúcháin agus tá meáin chumarsáide na Spáinne, den chuid is mó, go binbeach agus go dóite i gcoinne na gCatalónach. Dúradh le teilifís phoiblí na Catalóine, TV3 go mbeadh an dlí á shárú aici dá gcraolfadh sí eolas faoin reifreann. Bagraíodh ar na céadta méara a raibh a dtacaíocht tugtha don reifreann acu go ngabhfaí iad agus go deimhin ceistíodh cuid acu cheana. Deineadh ruathair ar chomhlachtaí clódóireachta a raibh ábhar i gcomhair an reifrinn á ullmhú acu. Inné, chroch an Guardia Civil dhá mhilliún páipéar ballóide leo agus gabhadh na feidhmeannaigh rialtais in Barcelona.

Bhí na léirsithe síochánta go dtí seo ach tá dainséar níos mó ná riamh ann go mbrisfidh ar fhoighne an phobail agus go dtarlóidh foréigean. Agus na sceana amuigh ag an dá thaobh dá chéile, an gá eadráin idirnáisiúnta de shórt éigin chun an tsáinn a bhriseadh? Ní fios d’éinne cad a tharlóidh ar 1 Deireadh Fómhair ach is cinnte go bhfuil na Catalónaigh agus na Spáinnigh araon diongbháilte go bhfaighidh siad a mian.

Léachtóir Sinsearach Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an Dr John Walsh. Caitheann sé tréimhsí taighde sa Chatalóin go minic. 

Fág freagra ar 'An lasair sa bharrach sa Chatalóin agus an ghéarchéim pholaitiúil imithe chun an diabhail le fána'

  • Seán Mac Gearailt

    A Chara,
    Tá mé dall ar chúrsaí polaitiochta na Spáinne, ach mheas mé go raibh an t-alt seo an-suimiúil agus lán d’eolas soiléir faoin bhfadhb sa Chatalóin.
    Ar ndóigh bíonn dhá insint ar gach scéal. B’fhiú alt faoin taobh eile den argóint más feidir an t-alt seo a bhréagnú.

  • file

    An bhfuil an ceart agam gobhfuil cuid de cheantar na Catalóine sa Fhrainc? Más amhlaidh atá, cá fhágann sin an chaint fá neamhspleáchas agus cuid den náisiún á fágáil ina ndiaidh ar an taobh eile de na Pyrenees?

  • Joan Pau Perez

    Thanks for that article. In Catalunya we just claim for the right of voting, something that Spain wants to deny us. But the aim of millions of people won’t be stopped just putting the law on them.

  • Mánus

    Tá an Chatalóinis á labhairt ar na hoileáin Bhailéaracha in Andorra, ins an tSairdín agus timpeall ar Perpignan sa Fhrainc

  • Eamonn

    Mar a dúirt Seán thuas bheadh sé go deas alt faoin taobh eile den argóint a léamh anseo. Ní saineolaí mé ar an gceist seo ach léim na nuachtáin sa Spáinn go rialta agus bheinn abhrasach faoi cúpla rud a deir an t-údar. Cé go bhfuil an ceart aige go bhfuil na meáin sa Spáinn claonta i gcoinne an neamhspléachais, ba mhaith liom cúpla rud a chur ós bhur gcomhair:
    1. Go bhfios domsa (agus in aineoinn an rud atá ráite thuas) deir na pobalbhreitheanna go ginerálta nach bhfuil móraimh ar son an neamhspléachais. 40% an ceatadán atá i bhfábhar de réir an chuid is mó de na pobalbhreitheanna.
    2. Tá rialtas na Catalóine ag rá go bhfuil siad chun an neamhspléachais a fhogairt má tá vóta i bhfábhar sa reifreann fiú mura chaitheann ach ceatadán beag den phobal vóta. Ní ghlaofainn daonlathas ar an seasamh sin.
    3. Tá an Chatalóin mar chuid de na ceantair is saibhre sa Spáinn. Tá an cuma ar an scéal go bhfuil cuid de na daoine atá i bhfábhar an neamhspléachais mí-shásta leis an méid airgead a bhíonn ar an gCatalóin a aistriú go regiúin bhochta sa chuid eile don Spáinn. Ní dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil easpa féinchinntiucháin i gceist. Da mba rud é go raibh gluaiseacht i mBlá Cliath chun poblacht neamhspléach a dhéanamh den Pháil toisc go raibh siad braon de bheith ag tabhairt airgead do na culchies an mbeadh dualgais ar rialtas na hEireann reifreann a eagrú?!