An lasair sa bharrach: géarchéim pholaitiúil na Catalóine agus na Spáinne imithe in olcas

Chaith ár gcolúnaí John Walsh an Nollaig sa Chatalóin. Sa alt seo, déanann sé anailís ar an gcor is déanaí i ngéarchéim pholaitiúil na Catalóine a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tranglam a d’fhág toradh olltoghchán na Spáinne le déanaí

20151228_164500

Tá teipthe ar iarrachtaí atá á ndéanamh le trí mhí anuas rialtas nua a bhunú sa Chatalóin agus tá géarchéim pholaitiúil na Spáinne imithe in olcas dá dheasca. Inné, thug páirtí radacach Catalónach atá i bhfad amach ar an eite chlé droim láimhe d’insealbhú Artur Mas mar uachtarán an Generalitat (rialtas na Catalóine). Tar éis seachtainí fada d’allagar bríomhar inmheánach faoin gceist, vótáil móramh de cheannaireacht an Candidatura d’Unitat Popular (‘Iarrthóireacht Aontas an Phobail’) – La CUP mar a thugtar orthu go coitianta – i gcoinne Mas. Dá thoradh sin, mura n-ainmneofar duine eile mar uachtarán, caithfear parlaimint na Catalóine a scor ar 10 Eanáir agus toghcháin nua a ghairm i mí na Márta.

20151225_142126Bhí polaitíocht na Catalóine idir dhá cheann na meá ó reáchtáladh na toghcháin réigiúnacha i mí Mheán Fómhair, toghcháin inar ghnóthaigh an dá ghrúpa polaitiúil atá ar son neamhspleáchas na Catalóine móramh na suíochán – La CUP agus an comhaontas ilpháirtí Junts Pel Sí (‘Le Chéile ar son Tá’).

Tá páirtí Mas páirteach in Junts Pel Sí agus ba é a d’ainmnigh an comhaontas mar uachtarán an Generalitat. Is fada an páirtí beag frithchaipitlíoch ag maíomh nach dtacóidís le Mas, áfach, toisc go gcuireann siad caimiléireacht i leith a pháirtí. Chomh maith leis sin, creideann La CUP go bhfuil scrios déanta ag cur chuige nualiobrálach Mas ar shochaí na Catalóine le blianta beaga anuas. Aréir, dhiúltaigh Junts Pel Sí iarrthóir eile a ainmniú rud a fhágann go bhfuil gach cosúlacht ann go ngairfear toghchán nua.

Cuireann tranglam polaitiúil na Catalóine an lasair sa bharrach ó thaobh neamhspleáchas na Catalóine ach tá impleachtaí aige do pholaitíocht na Spáinne chomh maith. Tá géarchéim pholaitiúil ann ón 20 Nollaig nuair a theip ar pháirtí an Phríomh-Aire Mariano Rajoy, an Partido Popular (PP), móramh a bhaint amach san olltoghchán. Cuireadh deireadh drámatúil le bipartidismo na Spáinne nuair a thit an tóin as tacaíocht an dá pháirtí mhóra, an PP agus Páirtí Sóisialach na Spáinne, an PSOE. D’imigh ualach de vótaí an PSOE i dtreo pháirtí nua na heite clé Podemos agus thug cuid de lucht leanúna Rajoy a dtacaíocht do Ciudadanos (‘Saoránaigh’), páirtí nua lárnach deasach a bhfuil Catalónach aontachtach, Albert Rivera, ina uachtarán air. Tá iarrachtaí déanta ag Rajoy comhrialtas náisiúnta a bhunú leis na Sóisialaigh agus Ciudadanos toisc go bhfuil siad araon i gcoinne neamhspleáchas na Catalóine, ach níl na Sóisialaigh sásta tacú le Rajoy in aon chor agus tá siad á réabadh féin as a chéile ó bhí an t-olltoghchán ann. Tá uachtarán an PSOE, Pedro Sánchez, faoi bhrú millteach ó cheannaire na Sóisialach san Andalúis, Susana Díaz.

Ní féidir comhrialtas leathan de chuid na heite clé a bhunú ach an oiread toisc go bhfuil Podemos ar son deis a thabhairt do mhuintir na Catalóine reifreann neamhspleáchais a ghairm, éileamh a dtugann na páirtithe eile an t-eiteachas glan dó. Tá dul chun cinn éachtach déanta ag Podemos ó bunaíodh an páirtí dhá bhliain ó shin a bhuíochas cuid mhaith lena gceannaire ríchumasach Pablo Iglesias agus d’fhéadfaidís éacht níos mó fós a dhéanamh dá ngairfí olltoghchán eile. An fhaid agus a leanann na Sóisialaigh orthu á n-ithe féin, tá an baol ann go gcaillfidh siad a thuilleadh tacaíochta agus gurb é Podemos a bhainfidh an fómhar.

20151226_152959

Maidir le haontas na Spáinne, cé nach bhfuil Podemos ar son neamhspleáchas na Catalóine i bprionsabal, bheidís sásta deis a thabhairt do mhuintir na Catalóine a gcinneadh féin a dhéanamh. Nuair a chuimhnítear ar an gcíor thuathail sa ghluaiseacht náisiúnach Chatalónach – Junts Pel Sí agus La CUP in adharca a chéile le míonna anuas – is deacair a thuar cén toradh a bheidh ar thoghchán na Catalóine sa Mhárta ach d’fhéadfadh na náisiúnaithe a bheith thíos leis an éiginnteacht a chruthaíodar le trí mhí. Maidir le holltoghchán eile – agus is deacair a shamhlú conas is féidir a leithéid a sheachaint – d’fhéadfadh na Catalónaigh vóta níos mó fós a thabhairt don leagan áitiúil de Podemos a dtugtar En Comú Podem (‘Le Chéile Is Féidir Linn’) air, le súil go bhfaighidh siad deis vóta a chaitheamh i reifreann neamhspleáchais. 

Embolic general a thug an nuachtán Catalónach El Punt ar thorthaí an olltoghcháin ar maidin an 21 Nollaig – ‘praiseach ghinearálta’. D’fhéadfaí an breithiúnas céanna a dhéanamh ar chás na Catalóine chomh maith. Ní praiseach go dtí é.

Fág freagra ar 'An lasair sa bharrach: géarchéim pholaitiúil na Catalóine agus na Spáinne imithe in olcas'