An lámh in uachtar ag Ciarraí má tá freagra acu ar choisíocht Átha Cliath – Gary Brennan

Deir fear lár páirce an Chláir, a d’imir in aghaidh Chiarraí faoi dhó sa Chraobh, nach dtiocfaidh athrú rómhór ar Chiarraí ar an Domhnach mar go bhfuil an plean atá ag Éamonn Fitzmaurice á fhorbairt aige ó thús na bliana

An lámh in uachtar ag Ciarraí má tá freagra acu ar choisíocht Átha Cliath – Gary Brennan

Marc Ó Sé ag iarraidh stop a chur le Michael Darragh Macauley i gcluiche ceannais na sraithe. INPHO/Cathal Noonan

Níl aon amhras ach gurb é cluiche leathcheannais na hÉireann an Domhnaigh idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath an cluiche is mó den bhliain go dtí seo agus tuairim ag gach duine faoina dtarlóidh.

 

Agus an ceann is fearr faighte ag foireann Jim Gavin ar Chiarraí i dtrí chluiche craoibhe as a chéile, chomh maith leis an ngreadadh a thug siad dóibh i gcluiche ceannais na sraithe níos luaithe i mbliana, tá an-chaint ann go gcaithfidh Éamonn Fitzmaurice teacht aniar aduaidh ar Bhaile Átha Cliath le plean éigin nua.

 

Dar le fear a thug aghaidh ar Chiarraí faoi dhó sa chraobh i mbliana, áfach, ní thiocfaidh aon athrú rómhór ar Chiarraí seachas a bhfuil feicthe uathu go dtí seo. Deir Gary Brennan, imreoir lár páirce an Chláir, go bhfuil Ciarraí ag fáil réidh do choimhlint an Domhnaigh ó thús na bliana agus nach gcaithfidh siad an plean a bhí acu go dtí seo i dtraipisí.

 

“Ó bheith ag imirt ina n-aghaidh, measaim go bhfuil siad ag ullmhú don chluiche seo ó thús na bliana agus nach n-athróidh siad a stíl an oiread sin. Is dóigh liom go dtitfidh Paul Murphy siar arís, sin athrú amháin b’fhéidir.

 

“Ceapaim go gcuirfidh sé Kieran Donaghy ar imeall na cearnóige agus go mbeidh Paul Geaney istigh ann in aice leis ach b’fhéidir nach dtiocfaidh an oiread sin athruithe ar na fir eile. Beidh siad ag iarraidh líne chosanta a shocrú timpeall ar lár na páirce nó ar an líne 40m chun cosaint bheag a thabhairt dóibh féin.”

 

Is í an chúis a mheasann Brennan go bhfeicfidh muid Donaghy mar lántosach in áit i lár na páirce ná an easpa airde atá anois ann i líne lánchúil Bhaile Átha Cliath.

 

“Rud nach bhfaca muid aon duine a dhéanamh fós, go háirithe agus Rory O’Carroll in easnamh, ná liathróidí arda a chiceáil isteach ar líne lánchúl Bhaile Átha Cliath. Seans go mbainfidh Ciarraí triail as sin le Donaghy ach tá seilbh na liathróide ag teastáil ar dtús chun é sin a thriail, rud nach éasca a fháil i gcoinne Bhaile Átha Cliath.”

 

Seachas sin, níl mórán laigí feicthe ag Brennan i bhfoireann Jim Gavin go dtí seo. Ábhar dóchas amháin do lucht tacaíochta Chiarraí, áfach, dar leis, ná an deacracht a bhíonn ag foirne Craobh Peile na hÉireann a chosaint.

 

“Rud amháin a déarfainn ná go bhfuil sé an-deacair an chraobh a bhuachan dhá uair as a chéile. Lá éigin, tiocfaidh siad ar rud nach raibh siad ag súil leis nó ní bheadh an t-ocras céanna orthu ach n’fheadar cén uair a thiocfaidh sé sin.”

 

Fiú agus Jack McCaffrey caillte acu agus amhras ann faoi aclaíocht James McCarthy, bíonn an-tionchar ag cosantóirí Bhaile Átha Cliath agus iad ag cur tús le hionsaí agus deir Brennan gur ansin a bhuafar nó a chaillfear an cluiche. Agus cleachtadh aige féin ar na Ciarraígh a imirt, deir sé gur gné den imirt é sin atá tugtha chun foirfeachta ag Ciarraí i mbliana.

 

“Beidh sé thar a bheith tábhachtach dóibh na reathaithe ó líne leathchúl agus lár páirce Bhaile Átha Cliath a stopadh ach is rud é sin atá déanta go maith acu i mbliana. Is leis na reathaithe sin a rinne muide sa Chláir damáiste i gcoinne Ros Comáin agus Sligeach, ach ní rabhamar in ann é sin a dhéanamh in aghaidh Chiarraí.

 

“B’amhlaidh an scéal ag Tiobraid Árann, a rinne scrios in aghaidh na Gaillimhe agus Mhaigh Eo cúpla uair ach ní bhfuair a gcuid reathaithe an spás sin in aghaidh Chiarraí,” a deir Brennan.

 

Má bhíonn an rath céanna ar imreoirí Fitzmaurice in aghaidh Bhaile Átha Cliath agus má éiríonn leo gan cúil a ghéilleadh, is acu a bheidh an lámh in uachtar, a mheasann Brennan, más ar éigean féin é.

Fág freagra ar 'An lámh in uachtar ag Ciarraí má tá freagra acu ar choisíocht Átha Cliath – Gary Brennan'