An lá ar tugadh buille báis don iomáint talún…

Bíonn gach spórt ag síorathrú agus bhí ár gcolúnaí ar an taobhlíne mar bhainisteoir ar Chorcaigh ar an lá ar tugadh buille báis don iomáint talún…

Allianz Hurling League Division 1A 10/3/2013 General view of hurling in muddy conditions Mandatory Credit ©INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Bhíos ag cuid mhaith cluichí iomána i rith na bliana agus is minic a chonac imreoir ag tógaint poc nó poc saor óna líne cúig shlat is seasca féinig, agus é ag tiomáint an tsliotair chomh fada leis an slua taobh thiar de na postaí.

Is cuimhin liom laoch Chorcaí ‘Blondie’ John Horgan sna seachtóidí agus é ag teacht amach ón gcúinne chun poc seachtó slat a thógaint. Chuir sé céatadán maith go leor des na pocanna feadh na páirce agus cuid mhaith díobh freisin thar an trasnán. Fear eile a sheas amach dom blianta ina dhiaidh sin ná Séanie McMahon an Chláir agus an beart céanna á dhéanamh aige.

Ach le tamall maith de bhlianta anois, tá tromlach na n-imreoirí ábalta an sliotar a bhualadh céad méadar ar a laghad. Dar ndóigh, tá sliotair níos fearr á n-úsáid anois agus camáin níos fearr chomh maith. Sna cluichí idirchontae, úsáidtear sliotar nua i gcomhair beagnach gach poc amach. Mar sin, ní chuireann an aimsir isteach ar mheáchan an tsliotair.

Ceapaim féinig go bhfuil an sliotar ró-éadrom agus go gcaithfidh Cumann Lúthchleas Gael ceann níos troime a thriail.

Ar an taobh eile den argóint sin, tá caighdeán scile na n-imreoirí leis an sliotar feabhsaithe go mór. Tá faid na gcamán atá á n-úsáid ag imreoirí na laethanta seo difriúil chomh maith. I gcoitinne, tá na camáin orlach nó dhó níos giorra ná na cinn a d’úsaid an ghlúin rompu. Agus é i lámha cuid mhaith des na himreoirí, tá an camán mar shlat draíochta. Tá luas agus láidreacht na n-imreoirí feabhsaithe go mór freisin.

Uaireanta bíonn daoine ag gearán faoin easpa iománaíochta talún agus is fíor go mbíonn i bhfad níos mó clibirte sna cluichí anois agus beagnach gach imreoir uaireanta bailithe le chéile in aon phaiste amháin den pháirc ag iarraidh an sliotar a smachtú.

Bhíos i mo bhainisteoir ar fhoireann Chorcaí a d’imir i gcoinne Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann i 2006. Bhí Corcaigh ag déanamh iarrachta an tríú craobh i ndiaidh a chéile a bhuachaint. Ba é tuairim na coitiantachta gur linne a bheadh an lá. Ach mo léan cráite, níor lig na Cait amach as na ‘traps’ sinn.

Chuireadar stop leis an gcóras reatha agus tacaíochta a bhí á úsáid againn le cúpla bliain roimhe sin. Bhí an féar pas beag fada i gceanncheathrú CLG an lá sin, rud a chuir isteach ar aon iarracht a dhéanfaí ar an iomáint talún. 

Tá sé ráite go mion minic gurb é sin an lá a thosnaigh ré órga Chill Chainnigh, ré nach bhfuil deireadh leis fós. Déantar cur síos ar an gcluiche sin chomh maith ar an lá ar tugadh buille báis don iomáint talún.

I gcluiche craoibhe 2000 idir na Cait agus Uíbh Fháilí, buaileadh an sliotar ar an dtalamh beagnach ceithre scór babhta. I 2006 bhí an figiúr laghdaithe go tuairim is deich mbuille.

Ó shin i leith, tá an-bhéim ar sheilbh na liathróide, ar an ngreamú, ar an bhfrithionsaí agus ar an bhfisiciúlacht. Is beag meas anois atá ar an iomáint talún. Ach sin mar a tharlaíonn in aon spórt a bhíonn ag athrú an t-am ar fad.

I láthair na huaire, is iad Cill Chainnigh atá ag stiúradh conas a imrítear ár gcluiche ársa, agus d’aon chontae atá fíordháiríre faoi Chorn Liam Mhic Cárthaigh a thabairt leo abhaile i mbliana, caithfidh siad caighdeán na gCat a bhaint amach agus cur leis.

Tríd is tríd, táim sásta leis an gcluiche iománaíochta ach níl sé sláintiúil go mbeadh monaplacht ann i gcúrsaí gnó nó i gcúrsaí spóirt.

Mar sin, táim ag súil go dtiocfaidh athrú ar chúrsaí an bhliain seo chugainn. Tá an ghuí sin curtha ar bharr an liosta ar mo litir chuig Santa.

Agus tá sliotar níos troime luaite ar an liosta céanna!

Fág freagra ar 'An lá ar tugadh buille báis don iomáint talún…'

  • seamus

    Ta an iomanaiocht millte ag Cill Chainnigh, pasanna laimhe fud faid na pairce agus beistiulacht agus iomlasc gan mhaise, gan ailleacht acu. Ta scil acu gan aon ago ach ni fheadfaidis an scil sin a fheidhmiu murach a gcuid fisiciulachta agus an taithi ata acu ar an liathroid laimhe. Ta an modus operandi ar fad acu ag brath ar an da rud sin go hairithe. Ba cheart do John agus da chomradaithe ceann a thogail den mheid pasanna laimhe a dheanann na Cait in aon chluiche idirchontae a imrionn siad chomh maith leis an meid scoranna a ghnothaionn siad mar thoradh direach no indireach orthu. Thabharfadh se sin leargas ceart duinn ar an gcuma ina n-imrionn siad an cluiche agus bheadh an staidreamh sin fiorspeisiuil. Imrionn formhor na gCat liathroid laimhe freisin agus beireann siad leo na camain ‘dti an bpinniur. Ni chreidim go gcaithfidh na contaethe eile an ‘caighdean ceanna’ a bhaint amach ach go gcaithfidh siad filleadh ar thraidisiun na hiomana feadh na talun. Teimplead eile ar fad a chur i bhfeidhm orthu agus an liathroid a chur ag gluaiseacht ar luas tintri feadh na talun no dublail uirthi san aer gan lamh na bas na Cat a theagmhail lei! Iad a dhalladh le luas agus le scil shuaithni, aduain na hiomana talun nach bhfuil acu fein agus nach raibh riamh. Thuig Gerald McCarthy e sin go binn, fear a bhi ina ardmhaistir ar an gcleachtas sin, ach nior thug na prima donnas aon eisteacht na aon seans do. Ta na Cait ag gairi fuinne Corcaigh agus faoi gach einne eile o shin agus …beidh. A chonach sin orthu.