An lá ar thug Bono agus an Edge agallamh Gaeilge do Raidió na Gaeltachta…

Tá beagnach 30 bliain ann ó d’éirigh lenár gcomhfhreagraí agallamh eisiach i nGaeilge a chur ar U2, a bhí ag cleachtadh ceoil i nGaeltacht Chonamara ag an am

An lá ar thug Bono agus an Edge agallamh Gaeilge do Raidió na Gaeltachta…

Taibhsí an rud ba mhó a chuala mise luaite le Teach Mór Ghabhla – Gowla Lodge –  ag éirí aníos dom.  Bhíodar ann go tréan a dúradh agus a insint féin ag chuile dhuine cois teallaigh oícheanta geimhriúla ar thorann a cluineadh nó ar scéin a cuireadh i ndaoine gar don Lodge. 

Bhí an áit a raibh sé suite cúlráideach agus uaigneach. 

Ní raibh aon teach eile i gcaitheamh an bhealaigh ar an mbóthar sléibhtiúil ar a dtugtar Bóthar na Scrathóg, sin aistear seacht míle idir an Caiseal agus Doire Iorrais in iarthar Chonamara.  Tá droichidín lena thaobh agus abhainn ghlórach ag dul le fána faoina shúil.  Tuige nach mbeadh taibhsí ann!

Bhí an Lodge tite ina fhothrach ar feadh na mblianta nó gur cheannaigh dream éigin é a raibh suaimhneas agus iargúltacht uathu anois agus arís. Bhíodh cuairteoirí ann ach níor tugadh mórán suntais dóibh.

I mblianta deireanacha na 1980óidí a tháinig baill an bhanna mhóir U2 ann.  An fear a bhí ag breathnú amach don áit, Seosamh Ó Caodhna as an gCaiseal,  a chuir mise ar an eolas go raibh siad tagtha.  Níor ghá dó sin a dhéanamh ach go raibh sé ar mhaithe liom mar iriseoir le Raidió na Gaeltachta. 

“B’fhéidir,” arsa Josie “go ndéanfaidís píosa beag cainte leat dá gcuirfeadh muid ceist orthu.  Tá a fhios agam go bhfuil suim acu sa nGaeilge ach níl mé in ann a rá an mbeadh cumas maith labhartha acu.” 

Bhí mé féin amhrasach faoi.  “Meas tú?” arsa mise.  “Is ar éigean go dtabharfadh dream atá ar stáitsí móra an domhain mórán airde ar mo leithéidse.”

Bhí mé ag obair ar an gclár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta san am sin agus luaigh mé an comhrá sin le Seán Ó Cuirreáin.  “Siar leat  go beo,” arsa Seán “agus ná tar aniar d’uireasa an agallaimh.  Seo iad ríthe ceoil an domhain anois.”

Chuir Josie an cheist agus mhínigh do U2 go raibh an tuairisceoir bocht seo in aice láithreach agus gur mhór an grá Dia cúnamh a thabhairt dó.  Tugadh cuireadh dom chuig an Lodge.

Beirt acu a bhí ann – Bono agus an Edge. 

Bhíodar ag cleachtadh ceoil nuair a shroich mé féin agus Josie an teach.  Bhíodar suáilceach agus bhí suim ach i Raidió na Gaeltachta.  Dúradar liom go rabhadar ag obair ar roinnt amhrán agus ag réiteach le haghaidh taifeadadh a dhéanamh. Thaitin an Lodge thar cionn leo, a dúirt siad.

Is cuimhneach liom go raibh Bono go háirithe ag rá go raibh caitheamh ina dhiaidh aige nár fhoghlaim sé tuilleadh Gaeilge agus é ina dhalta scoile.

Rinne muid an t-agallamh agus rinne siad a ndícheall cé go raibh meirg ar a gcuid Gaeilge.  Bhí orm roinnt focal Gaeilge a thabhairt dóibh ach is cuimhneach liom go rabhadar ag iarraidh go mbeadh an méid a dúradar cruinn agus ceart.

Ní fhaca mé baill U2 ina dhiaidh sin ach tá a fhios agam gur thángadar go dtí an Caiseal roinnt babhtaí. 

Bhí mé ag caint an lá cheana le Seosamh Ó Caodhna.  Chuir seisean aithne mhaith orthu.  Bhí an-trust acu as.  Ní bhídís ag iarraidh go scaipfí aon tuairisc go rabhadar sa Lodge.  Théidís chuig teach tábhairne Tigh Bholger ar an gCaiseal agus bhainidís an-sásamh as sin.  An chuid is mó den chomhluadar a bhíodh ansin ba le ríleanna agus le cornphíopaí a d’éirigh siad aníos – sin agus Jim Reeves agus Larry Cunningham.  Bhí a fhios acu go raibh cáil mhór ar U2 ach thairis sin, ba chuma leo. 

Bhíodar ag comhrá leo le baill U2 mar a bheidís ag comhrá le leaids an bhaile agus thaitin sin thar cionn le baill an bhanna mhóir.

Tugadh go leor airde ar an agallamh gearr a thug U2 do Raidió na Gaeltachta san am. Ar ndóigh, chuir Seán Ó Cuirreáin slacht ar an gcraoladh seo agus chuir sé an ceol ‘I still Haven’t Found What I’m Looking For’ idir na píosaí cainte.

Bhuel, bhí an rud a bhí uaimse faighte agam – agallamh le U2. 

Ba ghnaíúil iad agus an soilíos sin a dhéanamh dom i Lodge na dtaibhsí deich mbliana fichead ó shin. 

Ba ag deireadh na bliana 1988 a chuaigh U2 ar an gCaiseal agus sos uathu i ndiaidh an bhráca ar fad a bhain lena n-albam Rattle and Hum agus  go deimhin iad ar thóir pé rud eile a bhí á chuardach acu.

Ba é an t-albam a chuir siad amach an bhliain roimhe sin The Joshua Tree a chuir cáil U2 ar fud an domhain agus tá camchuairt mhór socraithe i mbliana acu mar cheiliúradh ar 30 bliain a eisithe.

Fág freagra ar 'An lá ar thug Bono agus an Edge agallamh Gaeilge do Raidió na Gaeltachta…'

  • Moladh

    An-chumas scríbhneoireachta agat, a Mháirtín. Thaitin an píosa seo liom.

  • Jackie

    Ní ghabhfainn trasna an bhóthair ag éisteacht leo, ach tá do phíosa chomh maith, a Mháirtín, is go bhfuil cineál beag bídeach dáimh agam leo anois. A bhuiochas duitse.
    Nar laga Dia thú.