An lá ar chuala mé go raibh mac ag an Easpag…

Sheol scéala bhás an Easpaig Eamonn Casey ár gcolúnaí siar ar bhóithrín na smaointe

An lá ar chuala mé go raibh mac ag an Easpag…

Pic Eamonn Farrell/RollingNews.ie

‘Éirigh, éirigh, éirigh go beo!’ Tháinig bean an tí isteach sa seomra le flústar agus beirt nó triúr gasúir bheaga ag imeacht faoi na cosa aici. Bhí dhá bhabhla i ngreim aici agus í ag iarraidh a bheith á gcoinneáil ar an gcothrom sa gcaoi is nach dtitfeadh an bricfeasta amach astu.

Dhúisigh an bheirt againn, mé féin agus mo chara ón scoil. Thóg sé soicind orm cuimhneamh cá raibh muid nó gur bhreathnaigh mé thart orm is chonaic cúisíní an toilg scaipthe ar an urlár fúinn sa seomra suí agus meascán mearaí piliúr agus pluideanna bailithe thart orainn.

‘Bhfuil sibh i bhur ndúiseacht? Ar chodail sibh ok? Ní chreidfidh sibh é seo, ní chreidfidh sibh é, tá mac ag Eamonn Casey. Mac! Ó a Thiarna, ní chreidim é!’ a dúirt sí agus í ag imeacht anonn is anall gan a fhios aici céard a dhéanfadh sí.

Bhí an scéal théis a bheith ar nuacht na maidine ar an raidió agus chuir sé lasair trínn.

Nuair a chuala mé an scéal go bhfuil iarEaspag na Gaillimhe, Eamonn Casey imithe ar shlí na fírinne, tugadh siar mé ar bhóithrín na smaointe go dtí an mhaidin sin.

D’éalaigh mé féin is mo chara amach as an scoil chónaithe an tráthnóna roimhe is rinne ár mbealach ar an ordóg ar bhóthar an chósta ón Spidéal isteach go Gaillimh agus muid ag guí nach bhfeicfeadh éinne ón scoil muid.

Níl a fhios agam cén plean a bhí againn nuair a d’imigh muid, ach tá barúil agam nach raibh aon phlean againn ach éalú amach scaitheamh. Bhí lá saoire scoile ann agus ba chuma linn ach imeacht in áit éicint, rud ar bith ach an lá a chaitheamh ag imeacht ó sheomra go seomra.

Cuireadh ar mo shúile dom an tseachtain seo gur maidin Déardaoin, an 7 Bealtaine, 1992 a bhí ann an mhaidin sin agus muid ar ár dteitheadh ón scoil.

Leaindeáil muid an tráthnóna roimhe sin ag an doras ag bean a raibh smear-aithne ag mo mháthair uirthi, gan pingin rua ná an paicéad brioscaí féin againn le tabhairt di. An imní is mó a bhí orainn ná go bhfaigheadh ár muintir nó an scoil amach go raibh muid ag maidhtseáil.

Bhuail mé cnag ar an doras. Tá a fhios agam anois gur dóigh gur am míthráthúil di a bhí ann. Bhí cúigear gasúr aici faoi sé bliana d’aois agus é in am codlata. ‘D’éalaigh muid ón scoil,’ a dúirt mé. ‘Gabh i leith isteach,’ a dúirt sí agus níor chuir sí aon cheist eile orainn. ‘Féadfaidh sibh fanacht anseo’.

‘Chodail muid go maith, go raibh míle maith agat,’ a dúirt mé maidin lá arna mhárach is mearbhall orm. ‘An maith libh Alpen, dála an scéil?’ a d’fhiafraigh sí ansin is shín babhla an duine chugainn.

Ní raibh Easpag na Gaillimhe feicthe agam ach uair amháin i mo shaol, nuair a chuir sé faoin gcóineartú mé féin agus a raibh sa rang liom agus cheap mé gur fear cineálta a bhí ann.

Is dócha go ndearna muid ár mbealach ar ais go dtí an scoil an tráthnóna sin cé nach gcuimhním ar an turas. Bhí ceathrar nó cúigear againn istigh i gceann de na seomraí ranga ag caint is ag ealaín gan aon duine de na mná rialta i mbun maoirseoireachta mar a bhíodh go hiondúil gach tráthnóna.

Bhí mé thuas ag an gclár dubh ag scríobh ‘Eamonn Casey rules ok’ le cailc nuair a shiúil duine de na mná rialta isteach sa seomra.

Thit ciúnas orainn.

Cheap mé go raibh deireadh liom. Ach níor dhúirt sí ach, ‘Tá maithiúnas tuillte ag chuile dhuine’. 

Níor aontaigh mé léi faoi mhórán, ach bhí an ceart aici an lá sin.

Fág freagra ar 'An lá ar chuala mé go raibh mac ag an Easpag…'