‘An Klondike’ ar an dráma is mó ainmniúcháin IFTA i mbliana

Tá níos mó ainmniúchán IFTA faighte ag dráma TG4 An Klondike ná mar atá faighte ag dráma ar bith eile

an-klondike_image-3

Tá níos mó ainmniúchán IFTA faighte ag dráma TG4 An Klondike ná mar atá faighte ag dráma ar bith eile.

Tá an tsraith teilifíse, a craoladh den chéad uair ar TG4 i bhfómhar na bliana seo caite, ainmnithe naoi ngradam ar ghearrliostaí IFTA a fógraíodh inniu.

Tá clár RTÉ, Rebellion, sna sála ar chlár TG4 agus seacht gcinn d’ainmniúcháin faighte aige sin. Beidh An Klondike san iomaíocht sa rannóg don ‘dráma is fearr’ le Rebellion, Game of Thrones, Penny Dreadful, agus Vikings.

Beidh Dara Devaney, a ghlac páirt Shéamus Connolly i ndráma TG4, san iomaíocht do ghradam an phríomhaisteora is fearr i ndráma. Beidh Devaney á fhéachaint sa rannóg sin le leithéidí Colin Farrell agus Stephen Rea. Tá an t-aisteoir as an gCeathrú Rua i gConamara, Siobhán O’Kelly, ainmnithe do ghradam an bhanaisteora is fearr i ról tánaisteach i scannán.

Tá stiúrthóir an chláir, Dáithí Keane ainmnithe sa rannóg don stiúrthóir is fearr agus ainmníodh Robert O’Mahony, a ghlac páirt Jacob Hopkins sa dráma, do ghradam an aisteora cúnta is fearr.

Tá ainmniúcháin faighte ag An Klondike chomh maith i gceithre rannóg eile – script, dearadh léiriúcháin, dearadh feistis, smideadh agus gruaig.

Tá aisteoir eile a bhí le feiceáil in An Klondike, Seán T Ó Meallaigh, ainmnithe mar aisteoir cúnta dá ról sa scannán The Callback Queen. Beidh Ó Meallaigh, a bhíonn le feiceáil go minic i ndrámaí Gaeilge ar an scáileán agus ar an stáitse, san iomaíocht don ghradam seo le réalta móra ar nós Domhnall Gleeson agus Jack Reynor.

Is é An Klondike an t-aon chlár Gaeilge a ainmníodh do ghradam scannán nó dráma i mbliana. Bronntar na gradaim IFTA ina dhá gcuid, áfach, agus d’fhéadfadh go mbeadh cláracha Gaeilge eile nach cláracha drámaíochta iad san iomaíocht do na gradaim theilifíse níos deireanaí sa bhliain.

Tá na héisteachtaí do An Klondike 2 tosaithe cheana féin ag Abú Media agus maoiniú €450,000 faighte ag an gcomhlacht léiriúcháin leis an dara séasúr den dráma a dhéanamh.

Cuireadh an chéad séasúr ar fáil ar Netflix UK — an leagan den tseirbhís sruthaithe a bhfuil fáil air sa tír seo — ag deireadh na bliana seo caite faoin teideal Dominion Creek.

Fág freagra ar '‘An Klondike’ ar an dráma is mó ainmniúcháin IFTA i mbliana'