An ionann aimhréidh na seanpholaitíochta agus bunú na polaitíochta úire?

I bhfianaise dhrochbhail na seanpháirtithe tá seans láidir ann go bhfuil polaitíocht úr romhainn má bhíonn an chrógacht, an chiall agus an cur-le-chéile chuige

Toghchán Strap

Pictiúr: RollingNews.ie/RTE
Pictiúr: RollingNews.ie/RTE

Léiriú é an éiginnteacht faoi thoradh an olltoghcháin seo go bhfuil deireadh nach mór tagtha leis an tseanpholaitíocht sa taobh ó dheas den tír. Mar de réir na bpobalbhreitheanna tá níos lú na caoga faoin gcéad de vótaí an stáit ag dul don dá mhórpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil.

Ó bunaíodh an stát bhí sé i gcónaí ina rogha idir an dá pháirtí sin, agus ní raibh ach ról ar an imeall ag na páirtithe eile.

Ní mar sin atá sé a thuilleadh, cé nach bhfuil sé soiléir cén pholaitíocht a thiocfaidh sna blianta beaga seo romhainn, nó cén bhaint a bheas ag an gcineál polaitíochta sin lena bhfuil ar siúl freisin ar fud na hEorpa.

Ina theannta sin, le fada an lá, tá daoine ar an dá thaobh de Pháirtí an Lucht Oibre – Joe Costello ar an eite chlé agus Ruairí Quinn ar an eite dheis, mar shampla – ag caint faoi lá go mbeadh ‘gnáthpholaitíocht na hEorpa’ le feiceáil anseo, sé sin go mbeadh rogha shoiléir ann idir an eite chlé agus an eite dheis.

Mhínigh Ruairí Quinn go minic go raibh polaitíocht an stáit seo ina rogha idir dhá pháirtí choimeádacha rachmasacha, rud a d’fhág faoi mhíbhuntáiste sinn. Dar leis ní raibh aon rian anseo ar an bhforbairt shóisialta a bhí le tabhairt faoi deara i dtíortha eile, ar nós na Fraince is na Gearmáine, agus, ar ndóigh, sna tíortha Lochlannacha.

Bhí laige mhór ina chuid argóintí ar ndóigh, agus b’shin go raibh stair choimeádach go maith ag Páirtí an Lucht Oibre féin abhus. Sea, chuaigh an páirtí sin i mbun cliúsaíochta leis an sóisialachas nuair a chuir Brendan Corish rompu go mbeadh na seachtóidí ina ‘ré shóisialach’, agus arís b’fhéidir nuair a tháinig an Daonlathas Clé isteach sa bpáirtí.

Ach ní raibh siad in ann briseadh leis an gcreatlach polaitiúil a leag bunaíocht an stáit síos: sé sin dílseacht don Aontas Eorpach is cuma cén praghas, agus a bheith ina chrann taca d’Fhine Gael.

Gach aon uair a chuaigh an páirtí isteach i gcomhrialtas le Fine Gael ba chun leas Fhine Gael agus chun aimhleas Pháirtí an Lucht Oibre a bhí sé sa chéad toghchán eile. Is é an t-aon difear an uair seo ná gur cosúil go bhfuil titim bheag i ndán d’Fhine Gael agus titim thubaisteach i ndán do Pháirtí an Lucht Oibre.

Ach fiú má tá Fine Gael agus Fianna Fáil dhá mbrú le chéile ag na hathruithe reatha, ní léir go bhfuil aon aontacht i ndán don eite chlé.

Tugann sin seans do bhunaíocht an stáit seo an tseanrogha pholaitiúil a thabhairt chun beatha arís agus maolú a dhéanamh ar an mbaol ón eite chlé.

Ar an taobh eile den scéal, ámh, má bhrúitear Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile beidh seans ag eagraíochtaí an aicme oibre – ceardchumainn is eile – creatlach úr a leagan síos don pholaitíocht faoina thiocfadh Sinn Féin, iarsma de Pháirtí an Lucht Oibre, mionpháirtithe ón eite chlé ar nós na nDaonlathach Sóisialach, agus b’fhéidir Daoine Roimh Bhrabús le dúshlán lucht na heite deise a thabhairt.

Sin é an argóint atá ag leithéidí Brendan Ogle agus David Gibney atá ina n-urlabhraithe ag an bhfiontar Right2Change. Fíorbheagán airde atá á tabhairt ag na meáin ar an bhfiontar seo, in ainneoin go bhfuil nach mór céad duine san iomaíocht sa toghchán – idir lucht Shinn Féin, lucht mhionpháirtithe agus neamhspleáigh – ag seasamh faoi bhratach an fhiontair.

Fágann an fiontar seo roinnt ceisteanna crua ar leataoibh áfach. Mar shampla, ní féidir neamhaird a dhéanamh den cheist náisiúnta, d’athaontú na tíre is den chaidreamh is cóir a bheith idir tuaisceart is deisceart.

Nó, ní féidir ach an oiread gan plé a dhéanamh faoin Aontas Eorpach – an chun leas lucht oibre na hÉireann é  bheith mar chuid d’ollstát Eorpach nó an cóir an caidreamh atá againn leis an Eoraip a theorannú do chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta agus go mbeadh an focal scoir ag na stáit neamhspleácha féin i gcónaí?

Agus nach é sin i ndáiríre atá taobh thiar den díospóireacht faoi Bhrexit?

Ach in ainneoin na cainte ar fad sna meáin, tá tacaíocht an dá mhór pháirtí ag ísliú gan stad; agus mar sin tá deis ag na fórsaí eile briseadh leis an tseanpholaitíocht agus córas úr a thabhairt isteach.

Is féidir go gcaillfí an seans, agus nach dtapófaí an deis, ach i bhfianaise dhrochbhail na seanpháirtithe tá seans láidir ann go bhfuil polaitíocht úr romhainn má bhíonn an chrógacht, an chiall agus an cur-le-chéile chuige. Tá deis ann múnla polaitíochta nua a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar phrionsabail agus ionracas agus a thabharfadh rogha dháiríre don phobal.