An iomarca rialacha a phlúchann an scríbhneoir óg

Ní mór don scríbhneoir óg dearmad a dhéanamh ar na rialacha a bhí curtha den ghlanmheabhair aige agus iarracht a dhéanamh a stíl fhéin a aimsiú, a deir ár gcolúnaí

An iomarca rialacha a phlúchann an scríbhneoir óg

Is fada mise i mo scríbhneoir. Is cuimhin liom go mbíodh sé de nós agam a bheith i mo shuí os comhair an ríomhaire ag cumadh is ag scríobh scéalta agus gan mé ach sé nó seacht de bhlianta. Ansin, phrinteálainn iad agus d’iarrainn ar mo mháthair cuma leabhair a chur orthu ionas go mbeinn in ann iad a thabhairt do chorrdhuine dá mbeidís ag iarraidh iad a léamh. B’in an t-am a mbíodh spraoi agus sásamh ag baint leis an scríbhneoireacht. Ní hamhlaidh an scéal a thuilleadh.

Tharlódh gurb í an scoil is ciontaí toisc go dtugtar comhairle agus moltaí duit ó chuireann tú cos thar tairseach na scoile isteach. Rialacha atá iontu i ndáiríre. Caithfidh tús maith a bheith agat agus lár agus críoch. Caithfidh tú neart aidiachtai a shacadh isteach i do scéal. Déan deimhin de go mbeidh muid in ann do scéal a mhothú lenár gcéadfaí uilig! Ach cloí leis an tsainchomhairle sin ar fad, togha an scríbhneora a bheidh ionat! Na scéalta breátha úd a scríobh mé, cáineadh iad agus cuireadh ar mo shúile dom nach raibh an dea-scríbhneoireacht le fáil iontu.

Ach déanfaidh sin cúis agus tú ar scoil. Bronnadh grád A orm i mo scrúdú Béarla agus tugadh dea-scríbhneoir orm. Amach liom geata na scoile go sásta agus aghaidh á tabhairt agam ar an domhan mór. Nach asamsa a baineadh siar.

Léigh mé leabhair a bhí lom agus gonta agus gan aon mhionchur síos ar bith iontu. Iad gan meafar, gan samhail, gan galamaisíocht – nó má bhí siad ann, ba i ngan fhios é . Ní raibh tús pléascach, lár ná críoch le fáil iontu ach iad ag léim thart ar phlota. Bhris siad gach riail a cuireadh ar mo shúile dom ar scoil – rialacha seanchaite na dea-scríbhneoireachta.

Ansin a thuigeas. Ní mór don scríbhneoir óg dearmad a dhéanamh ar na rialacha a bhí curtha den ghlanmheabhair aige agus iarracht a dhéanamh a stíl fhéin a aimsiú. Theastaigh uaim na haortha sin a shantaigh mé agus mé óg a tharraingt chugam an athuair agus an t-amhras a bhí lonnaithe istigh ionam ag na rialacha a dhíbirt. Achrann den chéad scoth atá san athghabháil sin.

Ní chuidíonn an scoil leis an achrann seo a chloí. Sa rang Béarla bhíodh muid ag scríobh aistí agus na rialacha ar fad ar fáil iontu. Ar an taobh eile, áfach, bhíodh muid ag léamh úrscéalta is drámaí le Shakespeare agus le Ibsen inar réabadh na rialacha ar fad ach féach go dtugtar ‘réabhlóidlithe’ ar na húdair as an ngníomh easumhlaíochta sin. Cén sórt sampla atá ann do scríbhneoir óg? Bíonn fadhb eile ag baint leis sin. Múintear duit go bhfuil rud éigin i gceist le healaín, go bhfuil pointe á dhéanamh ag an údar agus dá tairbhe sin, múintear duit go gcaithfidh rud sunstasach a bheith á rá ag an ealaín más fiú tada í.

Chuir sé sin lagmhisneach ormsa toisc nach bhfuil a dhath tromchúiseach le rá agamsa i mo saothar. Aortha a bhíodh á scríobh agam nuair a thosaigh mé ag scríobh, faoi na bannaí ceoil is cé chomh seafóideach is a bhí siad. Bhain mé sult as na drámaí sin a scríobh ach mhothaigh go raibh mé ag iarraidh rud éigin níos doimhne a scríobh, rud éigin a bhainfeadh geit as an lucht féachana nó as an léitheoir agus go ndéarfaidís leo fhéin go raibh sé tábhachtach.

Rith sé liom féin, áfach, nach bhfuil ar mo chumas sin a dhéanamh go fóill agus gan ach seal gairid caite agam ar an saol seo agam. Tá neart tuairimí agamsa ar an saol agus ar an gcaoi a n-oibríonn sé ach an mbeadh dóthain agam le haghaidh úrscéal mór nó dráma tragóideach a scríobh dáiríre? Ní dóigh liom é. Fiú má tá mé in ann rud dáiríre a scríobh is liom féin a bhaineann sé. Mar sin, bíonn drogall orm a dhath a chur os comhair an tsaoil toisc nach bhfuil mé ag iarraidh mé fhéin a ghortú. Tá a fhios agam go bhfuil drámaí maithe agus dánta maithe scríofa agam ach ní bheidh siad ag dul i gcló. Cheapfainn nach bhfuil na fadhbanna céanna ag údair atá foilsithe cheana fhéinn toisc go mbeadh siad in ann a gcuid mothúchán a chur faoi cheilt. Ní bheadh ceist a dtallainne á gciapadh ach an oiread. Bheadh a fhios acu go bhfuil rath orthu agus go bhfuil an moladh tuillte acu. Ní mhothaíonn mise chomh cinnte. Measaim agus dráma de mo chuid á chur i lathair, go mbeadh a fhios ag chuile duine nach bhfuil san fhear seo ach rógaire a bhfuil an t-ádh air.

Ceapaim gur cineál íobairt atá i gceist san ealaín. Samhlaíonn mé féin go dtéann na scríbhneoirí is na ceoltóirí is na healaíontóirí chuig an bPartanón san Aithin. Is ansin a thugann siad a saothar chuig an dia Diníseas. Tugann an t-údar a bhfuil taithi agat píosa de fhéin. Ach cad ba chóir don scríbhneoir óg a thabhairt? A chroí uilig, agus é ag dul sa seans go ngortófaí é agus b’fhéidir nach fiú mórán é, rud éigin éasca ach é níos suaraí?

Sa deireadh, bheartaigh mé go fúm féin atá sé. Níl aon neart agamsa ar an gcaoi a mheastear mo saothair. Ní féidir liom éalain a dhéanamh. Scríobhaim filíocht is gearrscéalta is drámaí. Mar sin, is cuma liomsa má tá mé caillte. Is dócha gur spraoi eile atá. Nach ndeireadh J.R.R. Tolkein ‘ní ar strae a bhíonn gach fánaí’?

Is scríbhneoir óg é Ross Ó Colmáin a chaith seachtain le Tuairisc.ie agus é ar thaithí oibre.