An í seo an fhoireann a chuirfidh Joe Schmidt chun páirce in aghaidh na hAlban?

D’ainmnigh Joe Schmidt scuad rugbaí na hÉireann do thús Chraobh an Sé Náisiún inné. Déanann Tuairisc.ie tuar faoin bhfoireann a chuirfidh sé chun páirce faoi cheann coicíse

An í seo an fhoireann a chuirfidh Joe Schmidt chun páirce in aghaidh na hAlban?

INPHO/Dan Sheridan

Agus deireadh tagtha le babhta na ngrúpaí i gCorn na gCuradh ag an deireadh seachtaine, is iad na cluichí idirnáisiúnta a bheidh i mbéal an phobail as seo go ceann cúpla mí agus scuad rugbaí na hÉireann ainmnithe don chéad dá bhabhta do Chraobh na Sé Náisiún.

Ní chuirfidh rogha Joe Schmidt iontas ar mhóra. Níor ainmnigh an Nua-Shéalannach ach triúr imreoirí nua do na cluichí i gcoinne na hAlban ar an 4 Feabhra agus in aghaidh na hIodáile an tseachtain ina dhiaidh sin.

As an dá scór imreoir a ainmníodh, níl ach triúr imreoirí, Niall agus Rory Scannell agus Andrew Conway as Cúige Mumhan, nár imir d’Éirinn riamh cheana.

Níl fágtha anois ach cúpla seachtain go dtí tús an chomórtais, agus is cinnte go raibh a chroí ina bhéal ag Joe Schmidt nuair a chonaic sé Jonathan Sexton ag fágáil na páirce agus é bacach i gcluiche Chúige Laighean Dé hAoine, ach deir Leo Cullen nár cheart go gcuirfeadh an gortú colpa isteach rómhór ar an leathchúlaí.

Chomh fada agus go dtiocfaidh na himreoirí atá roghnaithe slán ó ghortuithe as seo go ceann coicíse, seo é tuar Tuairisc.ie ar an bhfoireann a rachaidh chun páirce i nDún Éideann.

Líne Thosaigh

Jack McGrath, Rory Best agus Tadhg Furlong. INPHO/Billy Stickland

Bhí Jack McGrath, Rory Best agus Tadhg Furlong uile i mbarr a maitheasa i gcoinne na Nua-Shéalainne agus na hAstráile le linn an fhómhair agus tá sé ionann is cinnte go dtosófar le chéile iad in aghaidh na hAlban, fad is nach ngortaítear idir an dá linn iad.

Ba é taispeántas Furlong is mó chuaigh i gcion ar dhaoine agus fear Loch Garman ag bláthú i gcoinne chuid de na himreoirí is fearr ar domhain.

Buille do Schmidt é go mbeidh Sean Cronin ar iarraidh don chomórtas uile, ach rinne James Tracy agus Niall Scannell go maith lena gcúigí an séasúr seo.

Dara Líne

Devin Toner agus Donnacha Ryan. INPHO/Billy Stickland

Léiriú ar an dul chun cinn atá déanta ag Devin Toner le roinnt blianta anuas go bhfuil sé anois ar cheann de na himreoirí is tábhachtaí ar fhoireann na hÉireann. Is ceannaire é a bhfuil tionchar ar leith aige ar an síneadh amach go háirithe.

Seans nach bhfuil Schmidt cinnte fós faoin imreoir a rachaidh chun páirce taobh le Toner. Tá Ultan Dillane ag teacht chuige féin ó ghortú rúitín agus d’fhág gortuithe nach raibh Iain Henderson ach measartha do Chúige Uladh go dtí seo an séasúr seo. Bhí Donnacha Ryan ar fheabhas d’Éirinn i mí na Samhna agus choinnigh sé air ag imirt chomh maith céanna le Cúige Mumhan. Dá bhrí sin, tá áit tuillte aige ar an bhfoireann.

Líne Chúil

CJ Stander, Sean O’Brien agus Jamie Heaslip. INPHO/Billy Stickland

Arís, tá roghanna iontacha ag Schmidt sa líne chúil. Tá Jamie Heaslip ar ais i mbarr a mhaitheasa agus beidh seisean ag caitheamh geansaí uimhir 8. Caithfear ansin beirt acu seo a roghnú – CJ Stander, Sean O’Brien, Josh van der Flier agus Peter O’Mahony.

Rinne Stander thar cionn ó thosaigh sé ag imirt d’Éirinn anuraidh agus cé go raibh van der Flier thar barr in aghaidh na Nua-Shéalainne agus na hAstráile, má bhíonn O’Brien ar ais ar a sheanléim, is deacair fear Cheatharlach a fhágáil amach.

Leathchúlaithe

Conor Murray agus Jonathan Sexton. INPHO/Billy Stickland

Ní chaithfear mórán ama anseo. Tá Conor Murray ag imirt níos fearr ná mar a d’imir sé riamh faoi láthair agus é i measc na leathchúlaithe clibirte is fearr ar domhan. Chomh fada agus nach bhfuil an gortú sin ródhona, imreoidh Sexton taobh leis. Is é Paddy Jackson an t-aon leathchúlaí amuigh eile atá roghnaithe ag Schmidt sa scuad.

Lár na Páirce

Robbie Henshaw agus Garry Ringrose. INPHO/Billy Stickland

Arís, níl cinneadh róchrua le déanamh anseo. Agus gortú ag cur as do Jared Payne, feicfidh muid Robbie Henshaw agus Garry Ringrose i ngeansaithe uimhir 12 agus 13. Ba dheas an rud Henshaw a fheiceáil ar an ionsaí níos minice ach is féidir brath air i gcónaí agus beidh deis ag Ringrose cur leis an gclú atá bainte amach cheana aige nuair a rachaidh sé chun páirce den chéad uair i gCraobh na Sé Náisiún.

Cliathánaí agus Lánchúlaí

Simon Zebo, Andrew Trimble agus Rob Kearney. INPHO/Billy Stickland

Beidh Tommy Bowe ag súil an t-earrach seo a chéad chluiche idirnáisiúnta a imirt ó Chorn an Domhain 2015, ach beidh sé deacair aige áit a bhaint amach ar an bhfoireann. Tugann Simon Zebo gné bhreise don fhoireann agus é ag imirt agus cé nach bhfuil Andrew Trimble chomh cruthaitheach céanna, is cosantóir den scoth é, rud a thaitníonn le Schmidt.

Bhí Rob Kearney thar barr i mbua stairiúil na foirne in aghaidh na Nua-Shéalainne i Chicago agus is cinnte go raibh brú air taispeántas dá leithéid a thabhairt uaidh. Bhí fear Chúige Laighean faoi bhrú chun a áit a choinneáil ach seans go bhfuil a dhóthain déanta aige chun deis eile a fháil i gCraobh na Sé Náisiún.

Tá Zebo, Keith Earls agus Tiernan O’Halloran uile in ann imirt san ionad sin agus mura mbíonn rudaí ag oibriú go maith do Kearney, tabharfar deis do dhuine éigin eile.

Fág freagra ar 'An í seo an fhoireann a chuirfidh Joe Schmidt chun páirce in aghaidh na hAlban?'