‘An guth binn ar tháinig tost róluath air’ – Oidhreacht Chiaráin Uí Chon Cheanainn á ceiliúradh amárach

Cuimhníonn ár gcomhfhreagraí ar a cara an t-amhránaí agus an scoláire Ciarán Ó Con Cheanainn a mbeidh comórtas sean-nóis ar siúl in ómós dó amárach

11813372_906655452755386_7493071670206757035_n-1

Tá an dara comórtas sean-nóis i gcuimhne ar an amhránaí Ciarán Ó Con Cheanainn ar an tsúil againn amárach, an Satharn, an 9 Aibreán ag a 2.00 pm, agus beidh Seomra Mhic Gearailt i gColáiste na hOllscoile beo le hamhráin éagsúla ó cheoltóirí óga as achan chearn, Gaeltacht agus Galltacht.

Beidh scoth na moltóirí ann lena chois – triúr amhránaithe aitheanta; Máire Ní Choilm, Ógie Ó Céilleachair agus Sile Denvir – le breithiúnas a thabhairt ar mar a chuirtear an t-amhrán mall agus an ceann sciobtha i láthair an lucht féachana a bheas cruinnithe.

Déarfaidh na hiomaitheoirí  amhráin a bhí ar bharr a theanga ag Ciarán, fear a d’fhoghlaim go leor acu ó ranganna sean-nóis Mháire Pheter Uí Dhroighneáin ina óige –  ‘Barr a’ tSléibhe’, ‘Eileanóir a Rúin’, ‘Ócum an Phríosúin’ agus ‘Caisleáin Uí Néill’.

Naonúr iomaitheoirí  a bheas ag gabháil chun stáitse tráthnóna amárach agus mic léinn iad ar fad i gcoláistí ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath. A bhformhór a bheas ag glacadh páirte, ní raibh an deis acu aithne a chur ar Chiarán Ó Con Cheanainn, fear as Saile Thúna i gConamara a chaith tréimhse bhreá ag léachtóireacht agus ag déanamh céim dochtúireachta i Scoil na Gaeilge i UCD agus a bhí tumtha sa sean-nós ó aois óg.

Bhásaigh Ciarán go hóg i mí Feabhra 2009 agus tá bearna dho-líonta fágtha aige i saol a mhuintire, a chairde agus i saol an tsean-nóis. Ag bláthú a bhí sé nuair a cailleadh é. Faraor níl ach roinnt taifead déanta dó, ag Oireachtais nó ag oícheanta amhránaíochta, ach tá reas agus mothú ina ghlór atá deacair a shárú.

Bí cinnte go mbeidh na taifid idirlín feicthe ag na hiomaitheoirí den oíche spleodrach sin in Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh i mí na Samhna 2008 nuair a bhain Ciarán Corn Uí Riada agus gan é ach seacht mbliana is fiche. Éacht d’amhránaí pé aois é, ach ag an am ba é an duine ab óige riamh a thug an gradam leis.

Baineadh stangadh fiánta as nuair a scairteadh a ainm agus bhí aoibh an gháire air agus é chomh sásta le rí , an Corn ar iompar leis ó sheomra go seomra san óstán agus baicle ag cruinniú thart air, á mholadh agus ag déanamh comhghairdis leis.

Dúirt sé an oíche roimh ré nuair a fuair sé an dara háit i gCorn na bhFear nach mbeadh seans aige sa phríomhchomórtas, ach ba léir gur thuig na moltóirí an tallann a bhí aige agus thug sé an lá agus an oíche leis.

Bhí an t-ádh dearg ormsa aithne a chur ar Chiarán nuair a bhí mé ag tabhairt faoi mháistreacht sa Ghaeilge i UCD i bhfómhar 2007. Bhí suim mhór agam sa sean-nós agus i gcúrsaí béaloidis agus bhíodh Ciarán bocht á chrá agam, mé ag iarraidh eolais air fá na hamhráin, fán Oireachtas, fá Fhéile na Mí agus fá Chonamara. Cha dtiocfadh leat casadh le duine níos greannmhaire ag insint scéil nó ag aithris ar eachtra agus níor chuir sé ó dhoras riamh mé, cé go raibh ábhar aige go minic agus é gnóthach ar a PhD.

Chaith scaifte againn tráthnóntaí agus am lóin ina oifig ar shuíomh idirlín an Oireachtais ag amharc ar sheanphictiúirí nó ag coimhéad seanfhíseáin cheoil agus ag éisteacht le Ardtráthnóna ar Raidió na Gaeltachta.

Fear é a bhí flaithiúil lena chuid eolais, agus a thug comhairle mhaith agus treoir dá chuid scoláirí ar fad.

Fear léinn a bhí ann go smior, a raibh a chroí sna scéalta taobh thiar de na hamhráin agus sna leaganacha éagsúla a bhí le fáil díobh, agus bhí sé féin iontach bródúil gur tugadh an cúram dó nótaí eolais agus beathaisnéise a chruinniú don dlúthdhiosca Buaiteoirí Chorn Uí Riada  Chaith sé uaireanta ag glacadh eolais ó na rannpháirtithe ar fad. Bronnadh an chéim dochtúireachta air i ndiaidh a bháis, a dheirfiúr Máirín agus a mháthair Brídín á glacadh ar a shon, as a chuid taighde ar shean-nós Chonamara.

Ba le lúcháir agus le cumha a d’fhreastail a mhuintir,  a chairde agus iarscoláirí leis ar an gcomórtas ina ómós anuraidh, ar an 18 Aibreán 2015, agus rinneadh ceiliúradh maith ar a shaothair agus ar an guth  sin a dtáinig tost róluath air.

Bhunaigh baicle bheag i UCD an comórtas le cuimhne a choinneáil ar Chiarán, mar léachtóir, mar theagascóir agus mar chara buan, ach fosta le tógáil ar an mian a bhí aige go léireodh an ghlúin óg suim san amhránaíocht agus sa traidisiún as ar fáisceadh é féin agus go gcuirfí na hamhráin, an Ghaeilge agus cultúr na Gaeltachta chun cinn.

Tá obair as cuimse déanta ag Eimhear Ní Dhuinn, ag Bairbre Ní Chonchúir agus ag Rob Ó Caoindealbháin leis an ócáid a eagrú.

Bheadh fear Sháile Chuanna sásta leo, ag coinneáil tine an traidisiúin coigilte don dream a bheas ar stáitse an Oireachtais iad féin go luath.