An ghoile iata sa deireadh ag The Hunger Games

Téann The Hunger Games – Mockingjay Part 2 chun leadráin uaireanta ach tugtar an tsraith chun críche go sásúil sa deireadh

 

Box-Office-The-Hunger-Games-Mockingjay-Part-2-Opens-to-Series-Low-101-Million

The Hunger Games – Mockingjay Part 2

Stiúrthóir: Francis Lawrence

Cliar: Jennifer Lawrence, Josh Hutcherson, Liam Hemsworth, Woody Harrelson, Donald Sutherland

Ní raibh Jennifer Lawrence ach fiche bliain d’aois nuair a ghnóthaigh sí ainmniúchán Oscar dá taispeántas in Winter’s Bone (2010). Bhí comparáidí le gaiscí Angelina Jolie deich mbliana roimhe sin nuair a chroch sí siúd deilbhín óir léi do Girl, Interrupted (1999).

Beirt aisteoirí cumasacha, dathúla iad le teacht i láthair faoi leith agus misneach acu tabhairt faoi rólanna dúshlánacha, neamhghnáthacha. Cé go bhfuil saol aisteoireachta Jolie imithe ar bhóiléagar ábhairín ó shin, tá Lawrence ag dul ó neart go neart.

Dhá bhliain tar éis an ainmniúcháin, raideadh i lár an aonaigh í nuair a ghlac sí leis an ról mar Katniss Everdeen sna Hunger Games. Bhí dúil thar na bearta ag déagóirí (agus daoine fásta) sna leabhair as ar eascair siad agus bhí an dúil mhíchuíosach chéanna sna scannáin le curiarrachtaí á mbriseadh ar dalladh.

Roimhe sin, agus ina dhiaidh, bhí ról sa chnuasach móreachtraíochta síoraí X-Men. Ina dhiaidh sin arís, bhí taispeántais chuidsúlacha in Silver Linings Playbook (2012) agus American Hustle (2013). Rólanna iad sin a ghnóthaigh duais Oscar agus ainmniúchán eile di faoi seach. Fén tráth gur fhill sí don ghála deireanach de The Hunger Games, bhí a cóta bán déanta agus í ar dhuine de phiardaí móra Hollywood.

Tá amhábhar dhá scannán bainte as an leabhar deireanach sa tsraith, Mockingjay. Cleas seanchaite é sin ag an bpointe seo óir deineadh an rud céanna le Harry Potter agus The Hobbit.

Ba í Katniss agus an  triantán suthain lena beirt shuiríoch bunchlocha an chnuasaigh ón tús, ach baineadh súp chomh maith as domhan sainiúil, aduain Panem a chur os ár gcomhair, áit ina bhfuil na réigiúin bhochta faoi chos na príomhchathrach gustalaí le cluichí foréigneacha an teidil mar mhodh díoltais, uirlis smachta agus ábhar siamsaíochta.

Cloítear leis na téamaí agus na carachtair chéanna anseo agus an choimhlint ag teannadh le ceann scríbe. Caitear go leor ama leis an triantán suthain a thabhairt chun críche agus bíonn áiféis ag baint leis ar uairibh.

Tugtar go leor ama do chamastaíl na polaitíochta agus na bolscaireachta. Tá téagair sa Katniss a chuireann Lawrence i láthair agus sin an chúis gur éirigh chomh maith leis an gcnuasach ón tús.

Tá bá thar na bearta agat léi agus tú buartha faoina cinniúint. Anseo, áfach, téann a héiginnteacht, a drogall chun troda agus a cuid óráidíochta chun leadráin.

Tá meitheal iontach aisteoirí anseo le leithéidí Julianne Moore, Donald Sutherland, Woody Harrelson agus Philip Seymour Hoffman, ina ról deireanach, ag tabhairt taispeántais ábalta uathu.

Déantar na radharcanna aicsin a chur os ár gcomhair go snasta agus tá tine ar do chraiceann ag tarraingt i dtreo ceann scríbe. Tá casadh gan choinne, mar dhea, ag a dheireadh, ach d’fhéadfaí a thuar deich nóimintí roimhe sin.

Ach oiread le The Lord of the Rings, tugadh an scóp le clabhsúr cuimsitheach a chur le carachtair/scéal a rabhamar gafa leo le blianta.

Saothar agus cnuasach taitneamhach agus cumasach tagtha chun críche. Más maith is mithid.

Fág freagra ar 'An ghoile iata sa deireadh ag The Hunger Games'