An ‘Ghlúin láidir’ agus an ‘Ghlúin lag’ – cé acu a bhainfeadh an chloch mhór chruinn ag ceann an bhóthair i gConamara?

Tá an ‘Greatest Generation’ á chur i gcomórtas i gcónaí leis na ‘Baby Boomers’ , an ghlúin a tháinig sna sála ar i Meiriceá

An ‘Ghlúin láidir’ agus an ‘Ghlúin lag’ – cé acu a bhainfeadh an chloch mhór chruinn ag ceann an bhóthair i gConamara?

Ní raibh aon fhear thart anois a chrochfadh í – an chloch mhór chruinn ag ceann an bhóthair. Baile in iarthar Chonamara. Bhí cloch mar seo i mórán chuile bhaile ach fanfaimid leis an gceann a bhí ag ceann an bhóthair. Bhí fir ann fadó a chuirfeadh aer fúithi, togha na bhfear – ní raibh a leithéidí sin d’fhir ann anois. Ba ea muis, b’in iad an ghlúin daoine ab fhearr! Bhí scáil na glúine sin sa gcomhrá timpeall an teallaigh oícheanta geimhridh. Ní raibh sa nglúin nua ach sórt leithscéal de ghlúin daoine nach dtarraingeodh tráithnín as cac bó.

Ach, fuirigh ort.

Cén diabhal a dhéanfadh cúpla duine de na leaids óga le himeacht aimsire ach an chloch a chrochadh! Anois céard a déarfaí cois teallaigh tar éis don ghlúin nua cor a bhaint as an tseanchloch? Ach bhí freagra ag an nglúin ab fhearr. Ní raibh an chloch chomh mór agus a bhí sí fadó. Baineadh píosa de in imeacht na mblianta!

Slat tomhais de chineál eile a bhí ag Tom Brokaw nuair a scríobh sé ‘The Greatest Generation’. I 1998 a chuaigh Brokaw i mbun pinn agus é ag moladh na glúine a rugadh i Meiriceá sna 1920idí agus tamall roimhe sin. B’in iad an Ghlúin ab Fhearr. Ba é an míniú a bhí ag Tom Brokaw gur tháinig an ghlúin seo daoine trí aimsir an ‘Depression’ sna Stáit agus gur throideadar, nó bhíodar páirteach ar bhealach éicint, sa Dara Cogadh Mór.

Chonaiceadar an dá shaol.

Ach, beag beann air sin, leagadar an bhunchloch don rachmas i Meiriceá.

Mhúnlaigh siad na Stáit Aontaithe lena gcuid diongbháilteachta, a gcuid saothair agus a gcuid oibre – ‘The Greatest Generation’.

Ní raibh an saol uilig ar aon fhocal le Tom Brokaw – iar-láithreoir aitheanta teilifíse sna Stáit Aontaithe. Fuair cuid de na léirmheastóirí locht ar an gcaoi ar scríobh sé an leabhar. Cuireadh ceisteanna faoin gcaoi a bhféadfá glúin amháin a chur i gcomórtas le glúin eile. Ní hé go raibh fianaise ar bith ag Brokaw go raibh an chloch mhór chruinn crochta ag cuid ar bith den ghlúin ab fhearr! Ach tá roinnt meáchain curtha le scéal Tom Brokaw ag leabhar nua atá foilsithe i Meiriceá.

I Meiriceá ba iad na ‘Baby Boomers’ a tháinig sna sála ar an ‘Greatest Generation’ i Meiriceá. Seo é an leasainm atá buailte ar an lear mór gasúr a rugadh sna Stáit Aontaithe sna blianta tar éis an Dara Cogadh Mór, sin idir 1945 agus tús na 1960idí. Tá scríbhneoir ar a dtugtar Bruce Cannon Gibney gafa ina n-éadan siúd. Ná bac leis an gcloch mhór chruinn – ní tharraingeodh na ‘Baby Boomers’ tráithnín as cac bó de réir an chur síos atá déanta orthu sa leabhar seo – ‘A Generation of Sociopaths: How the Baby Boomers Betrayed America’.

Dream drabhlásach iad na Baby Boomers, a deir Gibney ,agus is iad is bun agus barr leis an imní agus an ísle brí, mar a thugann sé air, atá ina scamall ar na Stáit Aontaithe le tamall blianta. Níl in intinn na Baby Boomers ach iad féin, arsa Gibney agus tá a riocht sin fágtha ar na Stáit acu. Is beag airgead atá curtha i dtaisce acu, a deir sé, agus tá an lear is airde daoine bancbhriste le cuimhne na ndaoine sna Stáit de bharr drabhlás na Baby Boomers. Sa mullach air sin, bhí an choiriúlacht agus an mhailís a tharla i Meiriceá idir 1970 agus 1980 níos measa ná ag tráth ar bith eile i stair na tíre. Le cur leis sin, is le linn ré na Baby Boomers a tharla an ráta ard colscartha, a deir an t-údar.

Agus é ag coinneáil air ag gabháil ar na Baby Boomers, deir Bruce Cannon Gibney gur fuath leis na Baby Boomers an fhírinne agus fíricí an tsaoil ar fhaitíos go gcuirfí stop ar bith leis an tsaint agus an dúil atá acu ina gcompord féin. Ní chuireann Bruce Cannon Gibney fiacail ann: ‘Their overriding imperative is to consume at someone else’s expense. To say they succeeded is to understate.’

Tá fealsúnacht na Baby Boomers, a mbeadh an chuid is óige acu amach go mór sna caogaidí anois agus an chuid is sine ag bordáil ar na ceithre scór, go mór i réim sna Stáit Aontaithe i gcónaí, a deir Cannon Gibney. Míníonn sé go bhfuil siad láidir sa bpolaitíocht agus i gceannas ar stiúradh na tíre; Baby Boomers iad 70% de Theach na nIonadaithe in Washington agus 86% de Ghobharnóirí Stáit na tíre.

Ba é Bill Clinton an tUachtarán a thug leagan amach agus fealsúnacht na Baby Boomers go dtí an Teach Bán i dtosach, de réir an leabhair seo agus tá a lorg sin (drochlorg, de réir Bruce Cannon Gibney) ar Mheiriceá ó shin. Spéisiúil go leor, ní bhuaileann sé mórán milleáin ar Barack Obama. Ní bhaineann Obama le cultúr na Baby Boomers, a deir Cannon Gibney. Cúlra eile atá aige nach raibh fite, fuaite le fealsúnacht na Baby Boomers.

Ansin, tá an buille fill ann. Má tá aon amhras ar dhaoine faoi bhreithiúnas Bruce Cannon Gibney ar na Baby Boomers níl le déanamh acu, a deir sé, ach súil a chaitheamh i dtreo 1600 Pennsylvania Avenue in Washington, an Teach Bán. Agus cé a chuir tionónta an Tí Bháin ansin? Na Baby Boomers agus iad fós ag súil go bhfaighidís an bealach leo go bog!

Níl a fhios agam an mbeidh Bruce Cannon Gibney in ann an dara leabhar a bhunú ar an spídiúlacht seo atá tugtha aige do na Baby Boomers. Bhí Tom Brokaw in ann é a dhéanamh nuair a scríobh sé faoin ‘Greatest Generation’. Rinne an oiread sin daoine teagmháil leis agus gur scríobh sé leabhar eile bunaithe ar na litreacha a fuair sé uathu. ‘The Greatest Generation Speaks’ an teideal a bhí ar an dara leabhar i 1999.

Tháinig ceann de na litreacha ó ghrúpa i Tulsa in Oklahoma- ó shé lánúin a ghlac páirt sa Dara Cogadh Mór. Choinníodar ceangal lena chéile in imeacht na mblianta. Rinne an fear a scríobh thar a gceann i 1998 cur síos ar an gcaoi ar thug siad faoin saol thar éis an chogaidh agus faoin gcaoi ar chuidigh siad leis an bpobal. Seo dhá abairt as an litir: ‘During all this time, there have been no divorces among the lot of us. Sadly, this is not true of our offspring.’

Anois, cén chaoi a ndéanfar idirdhealú idir an ghlúin is fearr agus an ghlúin is laige?

Cén bhrí ach tá an chloch mór chruinn ag ceann an bhóthair i mbaile beag i gConamara imithe. Meaisín na Comhairle Contae a rug uirthi, a chroch go hard san aer í agus a chaith síos í go domhain i bpoll báite san áit a raibh caoi á chur ar an mbóthar. B’iontach an intleacht a bhí ag an bhfear a cheap amach a leithéid de mheaisín agus ba mhaith an stuaim a bhí i lámh an fhir a d’oibrigh an deis nua seo.

Céard a déarfadh an ghlúin a thug léirmheas ar an nglúin ina ndiaidh ar leac an teallaigh?

Fág freagra ar 'An ‘Ghlúin láidir’ agus an ‘Ghlúin lag’ – cé acu a bhainfeadh an chloch mhór chruinn ag ceann an bhóthair i gConamara?'