An Ghearmáin agus Löw in ísle brí

Súil ó Bherlin ar a bhfuil le rá thall faoin gcluiche aréir i nGelsenkirchen

Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Cé go raibh slacht agus téagair in imirt na hÉireann aréir, níorbh in an scéal sna nuachtáin sa Ghearmáin ar maidin.

Bhí pictiúr mór ar an Berliner Kurier den nóiméad a scóráil John O’ Shea an cúl tábhachtach sin. ‘Seo é John O’Shea ag goid an bhua ón nGearmáin,’ a dúirt an ceannteideal.

Bhí imeartas focal cliste ag an mBild Zeitung: “Éireannach (Ire)/Craiceáilte (irre): comhscór sa nóiméad deireanach!”

Beidh tuilleadh clamhsáin le cloisteáil sna laethanta beaga atá romhainn; tá na ceannlínte atá le léamh ar maidin rud beag níos géire ná mar a bhí an cur síos ar an teip díreach i ndiaidh an chluiche.

Agus níl mórán níos searbhasaí ná an Berliner Morgenpost. Náire shaolta a thugann an Morgenpost ar fhoireann na Gearmáine agus ar na himreoirí lár páirce acu go háirithe. Déanann siad cáineadh chomh maith ar an réiteoir as gan cic éirice a bhronnadh orthu. Tá an port céanna ag go leor de na nuachtáin eile. ‘Bua’ a bhí anseo ar sciobadh uathu é.

Cén bhrí ach bhí cúpla seachtain olc a ndóthain ag peileadóirí na Gearmáine. Buaileadh iad 2- 0 sa bPolainn agus is beag nár bhain Albain barra thuilse astu roimhe sin.

Dúirt Joachim Löw roimh an cluiche aréir go raibh a fhoireann i mbun seilge. Go deimhin is orthu féin anois atá seilg á déanamh.

Deir suíomh idirlín amháin go bhfuil líonrith tagtha ar Löw tar éis na hoíche aréir.

Bhí an méid seo le rá sa bpáipéar an Abendzeitung, ag an mbainisteoir féin. “Tá díoma orainn ar fad. I mo thuairimse, gan ach cúpla nóiméad fanta, bhí muid saonta. Cluiche deacair a bhí ann. Sheas Éire an fód agus gach duine curtha siar acu. Bhí sé de dhualgas orainne níos mó smachta a thaispeáint ag an deireadh.”

Bhí mórán an rud céanna le rá ag na himreoirí freisin. Cuireadh ceist ar an bhfear a chuir an liathróid in eangach na hÉireann, Toni Kroos, ar bhain cúl na hÉireann chomh deireanach sa gcluiche preab as.

“Céard is brí le preab? Theastódh níos mó ná an méid a tharla chun preab a bhaint asam, ach tá díomá orainn ar fad. Ní raibh gá ar bith lenar tharla.”

Roimh thús chluiche ceannais Chorn an Domhain an samhradh seo caite, ghuigh dhá phápa – ceann as an nGearmáin agus ceann eile as an Airgintín – do Dhia ar son a bhfoirne féin. Níor tháinig freagra ar bith ó Dhia (Gott), ach tháinig freagra sa deireadh ó íol bhréige (Goetze)…

B’in an samhradh seo caite…scéalta á n-insint, ceiliúradh ar chuile shráid, strainséirí ag guí gach rath ar a chéile.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo.

Sách dona go bhfuil an comhlacht náisiúnta traenach Deutsche Bahn ar stailc ar maidin, ach tá “curiarracht” á thuairisciú ag an Online Focus nach mbeidh éinne ag maíomh as.

Seo an tús is measa ar chomórtas cáilithe déanta ag an Ghearmáin i riamh.