An Ghearmáin agus Éirí Amach na Cásca: Ná déanaimis dearmad ar ár ‘gcomhghuaillithe calma san Eoraip’

In 2016, is beag tagairt atá déanta don ról a bhí ag oifigigh Chabhlach na Gearmáine san Éirí Amach; ba cheart a gcalmacht a chomóradh

 

Fogra 1916 Banner

image-1

Um Cháisc na bliana seo tháinig na céadta míle daoine amach ar na sráideanna in Éirinn chun céad bliain ón móreachtra sin as a dtáinig neamhspleáchas na hÉireann a chomóradh.

Ba chasadh cinniúnach é Éirí Amach 1916 ar chúrsa stair na hÉireann. Roimh an Éirí Amach ba dhlúthchuid den Ríocht Aontaithe í Éire gan ach mionlach an-bheag dá muintir i bhfabhar neamhspleáchais iomláin.

D’athraigh an tÉirí Amach, agus an bealach danartha amscaí lenar dhéileáil an Bhreatain leis, an tír ó bhonn. Gabhadh na mílte Éireannach agus cuireadh i ngéibheann gan triail iad agus cuireadh príomhcheannairí an Éirí Amach chun báis ar an toirt.

Thrácht William Butler Yeats ar an athrú sin ina línte cáiliúla ar an Éirí Amach “all changed, changed utterly: A terrible beauty is born.” Spreag an íobairt a bhí déanta ag grúpa beag scarúnaithe Éireannacha i 1916 muintir na tíre chun a dtacaíocht a thabhairt do throid náisiúnta ar son an neamhspleáchais.

Ar Dhomhnach Cásca 2016, mar bhuaicphointe ar an bparáid mhíleata ba mhó dár tionóladh riamh in Éirinn, leag Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn bláthfhleasc os comhair Ardoifig an Phoist, Bhaile Átha Cliath i gcuimhne orthusan a throid ar mhaithe le saoirse na hÉireann céad bliain roimhe sin.

Ba í Ardoifig an Phoist ceanncheathrú na reibiliúnach le linn an Éirí Amach agus b’ann leis a léigh Pádraig Mac Piarais amach Forógra Phoblacht na hÉireann.

B’aitheantas é an tagairt i bhForógra 1916 do “chomhghuaillithe calma san Eoraip” don chabhair a thug na Gearmánaigh do na reibiliúnaigh Éireannacha.

Leis an seasamh a thógadar le linn Sheachtain na Cásca 1916, chreid cuid de cheannairí na reibiliúnach go mbainfí amach saoirse don tír i gcomhdháil síochána iarchogaidh tar éis do na Gearmánaigh an cogadh a bhuachan.

Cuid mhaith de na gunnaí a bhí i lámha na náisiúnaithe le linn Sheachtain na Cásca 1916 ba ón nGearmáin a fuarthas iad nuair a smuigleáladh isteach go Binn Éadair i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus go Cill Chomhghaill i gContae Chill Mhantáin iad i samhradh na bliana 1914. Cheannaigh Erskine Childers, a mbeadh a mhac ina Uachtarán ar Éirinn níos faide anonn, na gunnaí ó chomhlacht muinisin Moritz Magnus der Jungere in Hamburg. Níorbh aon ghunnaí an-sofaisticiúil iad i gcomhthéacs an dul chun an-mhór a bhí déanta le hairm nua-aimseartha sa tréimhse sin. Bhain a lán de na gunnaí seo le tréimhse an Chogaidh Fhranc-Phrúisigh i 1870-71, ach fós féin bhí dea-bhail orthu.

Ó thosach an Chéad Chogaidh Dhomhanda i 1914, bhí cabhair ó Rialtas Impireacht na Gearmáine á lorg ag náisiúnaithe réabhlóideacha dá bpleananna le haghaidh éirí amach. Bhí iarrachtaí déanta ag Ruairí Mac Easmainn príosúnaigh Éireannacha in Arm na Breataine i gcampaí príosúnaigh chogaidh sa Ghearmáin a mhealladh isteach sa mBriogáid Éireannach chun filleadh ar Éirinn agus troid ar son a saoirse.

In earrach na bliana 1915 dhein Joseph Mary Pluincéid, file agus ball de Chomhairle Mhíleata Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, a bheadh ar dhuine de shínitheoirí an Fhorógra, a shlí go dtí Beirlín mar a raibh Mac Easmainn. Bhuail Mac Easmainn agus Pluincéid le hionadaithe ó Cheannfhoireann na Gearmáine. Chuir Pluincéid in iúl do Rialtas na Gearmáine go raibh pleananna ann réabhlóid a chur ar bun in Éirinn. Gheall Seansailéir na Gearmáine Bethmann Hollweg airm agus armlón a chur go hÉirinn le haghaidh éirí amach i gcoinne na Breataine.

I ndeireadh na dála dhiúltaigh Rialtas na Gearmáine saighdiúirí Gearmánacha a chur go hÉirinn, ach sheoladar aon long amháin le lastas 20,000 raidhfil, 10 meaisínghunna agus 1,000,000 urchar. Ní dócha go raibh na hairm a seoladh ar ardchaighdeán, airm a gabhadh ó na Rúisigh ar an bhFronta Thoir is mó a bhí iontu, ach fós féin ba mhór an chabhair do reibiliúnaigh na hÉireann a leithéidí sin d’airm a bheith ina seilbh toisc a laghad gunnaí a bhí acu, is é sin dá dtiocfadh an lastas sin slán i dtír.

Fágadh an misean rúnda faoin gCaptaen Karl Spindler, oifigeach i gCabhlach Impireacht na Gearmáine ó Königswinter gar do Cologne, an lastas arm a thabhairt go hÉirinn in am d’Éirí Amach na Cásca a bhí beartaithe do mhí Aibreáin 1916. Ar an 9 Aibreán d’fhág Spindler calafort Lubeck ar chósta Mhuir Bhailt ar an Libau, long Ghearmánach ach í déanta suas faoi mar ba lastalonga de chuid na hIorua í, tír a bhí neodrach sa chogadh, agus ainm nua tugtha di, an Aud. Dhá lá ina dhiaidh sin sheol Mac Easmainn ó Wilhelmshaven ar a bhealach go hÉirinn ar bhord an fhomhuireáin U19 le súil go mbuailfeadh sé leis an Aud i gContae Chiarraí.

Bhain an Aud Bá Thrá Lí amach ar an 20 Aibreán 1916 tar éis di aistear crua agus stoirm a chur di. Ach de dheasca teipeanna cumarsáide agus timpiste gluaisteáin, inar bádh triúr Óglach a bhí chun bualadh le Mac Easmainn, ní raibh éinne ann chun teagmháil leis an long Ghearmánach.

I ndiaidh dó tamall fada a thabhairt ag fanacht ansin i mBá Thrá Lí, ar deireadh chas Spindler a long timpeall go doicheallach chun tabhairt faoin bhfarraige arís. I ngan fhios dó siúd bhí gluaiseacht an Aud á faire ag Cabhlach na Breataine. Ní ba thúisce sa chogadh bhí cóid na Gearmáine briste ag lucht faisnéise Chabhlach na Breataine agus bhí a fhios acu faoin Aud agus a lastas nach mór ón uair a d’fhág sí an calafort.

Stop an Bluebell, scriostóir de chuid Chabhlach na Breataine, an Aud agus tugadh ordú di seoladh go Queenstown (Cóbh an lae inniu). Cé go raibh sí gafa, ní raibh Spindler ná a chomhghleacaithe sásta a lastas arm a ghéilleadh do na Briotanaigh. Thriail siad cúpla ainliú is iad ag iarraidh éalú ach nuair a theip ar na hiarrachtaí sin d’úsáid na mairnéalaigh Ghearmánacha lánáin réamhshocraithe phléascáin chun a long féin a chur go tóin poill.

Idir an dá linn gabhadh Mac Easmainn ar Aoine an Chéasta 21 Aibreán 1916 nuair a tháinig sé i dtír ón bhfomhuireán Gearmánach ar Thrá na Beannaí. Ar a chloisteáil d’Eoin Mac Néill, ceannaire Óglaigh na hÉireann, go raibh Mac Easmainn gafa agus go raibh na hairm ón nGearmáin caillte, chuir sé amach freasordú, an tÉirí Amach, a bhí beartaithe do Dhomhnach Cásca,  a chur ar ceal. Ba é a tharlódh sa deireadh ná go gcuirfí tús leis an Éirí Amach ar an Luan dár gcionn, Luan Cásca 1916.

Go luath maidin Dé Máirt, Seachtain na Cásca, thosaigh dhá chúrsóir cogaidh Ghearmánacha, faoi cheannas an tSeachaimiréil Friedrich Bödicker, ag séideadh ar bhailte Lowestoft agus Yarmouth ar chósta Shasana. Fad a bhí an méid sin ar siúl deineadh ionsaí Zeppelin ar Essex agus ar Kent. Ba í an aidhm a bhí leis na hionsaithe míleata Gearmánach seo ná aird na Breataine a bhaint ó Éirinn le go mbeadh seans an tÉirí Amach a bhunú ann.

Níor mhair an tÉirí Amach ach ar feadh sé lá. Níor ghlac ach 1,200 reibiliúnach páirt ann agus bhí a fhios maith ag na ceannairí gur bheag seans a bhí acu buachan ar an líon i bhfad níos mó saighdiúirí a bhí ag Arm na Breataine. Ba é a dúirt ceannaire amháin ar na reibiliúnaigh, Séamus Ó Conghaíle, lena chomrádaithe agus tús á chur leis an troid, ná “we are going out to be slaughtered”.  Ba é a bheadh i ndán do Shéamus Ó Conghaíle ná go gcuirfeadh scuad lámhaigh de chuid Arm na Breataine chun báis é agus é ceangailte de chathaoir agus gan ar a chumas seasamh toisc é a bheith gonta chomh dona sin san Éirí Amach.

Crochadh Ruairí Mac Easmainn i bPríosún  Pentonville, Londain i mí Lúnasa 1916.

Cuireadh an Captaen Karl Spindler i ngéibheann mar phríosúnach cogaidh in Donington Hall, Leicestershire. Scaoileadh saor é mar chuid de mhalartú príosúnach i dtreo dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Bhí éileamh an-mhór ar an leabhar a scríobh sé faoi na heachtraí sin agus faoin bpáirt a a ghlac sé i gcúrsaí na hÉireann.

I 1931, i gcuimhne ar chúig bliana déag a bheith thart ó Éirí Amach na Cásca, ghabh Spindler ar thuras léachtóireachta sna Stáit Aontaithe mar ar chuir Gael-Mheiriceánaigh Philadelphia, Pittsburgh, Chicago, Detroit and Boston fáilte ó chroí roimhe. Fuair Spindler bás in Bismark, North Dakota, i 1951.

I 1966, mar pháirt de chomóradh oifigiúil an stáit ar chaoga bliain a bheith thart ó Éirí Amach na Cásca, tháinig na baill de chriú an Aud agus U19 a bhí fós ina mbeatha,  an Captaen Raimund Weisbach, Walter Augustin, Otto Walter, Hans Dunker agus Ferderic Schmidt ina measc, go hÉirinn mar aíonna oirirce ag Rialtas na hÉireann. Thug na seanmhairnéalaigh Ghearmánacha cuairt ar Chiarraí chun a bheith i láthair nuair a bhí bunchloch á leagan do Leacht Cuimhneacháin Mhic Easmainn ar Thrá na Beannaí.

In 2016, is beag tagairt atá déanta don ról a bhí ag oifigigh Chabhlach na Gearmáine san Éirí Amach; ba cheart a gcalmacht a chomóradh.

Is léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath é an Dr. Brian Murphy. Roimhe sin bhíodh sé ag scríobh óráidí do bheirt Taoiseach

logo-1916-wide

 

Fág freagra ar 'An Ghearmáin agus Éirí Amach na Cásca: Ná déanaimis dearmad ar ár ‘gcomhghuaillithe calma san Eoraip’'

  • Eoghan ONeill

    Píosa an-suimiúil i dtaobh an Aud agus U19. Bhí leabhar a scríobh Karl Spindler a raibh an t-ainm Das Geheime Schiff i dtaobh na heachtra. Bhí mé fhéin ag an chomóradh sin ag Trá Bhanna i 1966. Ní raibh an Ghearmáin ag iarraidh cogadh ar chor ar bith i 1914 ach thug an Kaiser a fhocal do hImpire na hOstaire rud a spreag iadsan bheith ró-dian ar an tSeirbia agus uaidh sin …..!