AN GHÉARCHÉIM TITHÍOCHTA: Neamhaird á déanamh i gcónaí de ‘bunrialacha an chirt chomhdhaonnaigh’

CATHAL MAC COILLE: Ní cheileann malleisiúint figiúirí oifigiúla a phráinní is atá an ghéarchéim tithíochta atá ag dul i dtreise i gcónaí

AN GHÉARCHÉIM TITHÍOCHTA: Neamhaird á déanamh i gcónaí de ‘bunrialacha an chirt chomhdhaonnaigh’

Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Is ar dhoras an tsiopa a chuir sí an fógra beag gairid:

IRREGULAR OPENING HOURS DUE TO HOUSE-HUNTING

Bhí an scéal a d’inis úinéir an tsiopa bhig faoina fógra cosúil le scéal a chloistear ar fud na tíre. Ní féidir léi árasán nó teach ar a n-iarrtar cíos réasúnta agus atá cóngarach dá gnó a aimsiú agus a choinneáil ar an taobh ó thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Uaireanta, bíonn uirthi an siopa a dhúnadh chun leanacht lena cuardach, ach tar éis trí bliana ag fiosrú níl áit chónaithe aimsithe aici fós.

Ní oireann síor-aistriú di féin ná dá páistí óga, a dúirt sí le Tuairisc.ie, agus beidh a gcruachás níos déine nuair a rachaidh siad ar scoil. Níl tuairim aici fós cá mbeidh siad ina gcónaí faoin am sin. Bheadh sí sásta le hárasán nó teach in áit ar bith idir Baile Bhlainséir agus Port Mearnóg – bruachbhailte atá thart ar 24 ciliméadar óna chéile.

Is i mBaile Átha Cliath gan dabht atá an ganntanas dídine is mó sa tír, ach tá an ghéarchéim tithíochta ag dul i dtreise i mórán áiteanna eile. I nGaillimh, mar shampla, cuirtear dídean phráinne ar fáil gach oíche do leathchéad teaghlach ar an meán (thart ar chéad páiste ina measc) de réir na tuairisce a d’fhoilsigh Cope Galway an mhí seo caite.

Fillimis ar chás na mná réamhluaite atá ag lorg tí sa phríomhchathair. Cuimhnigh go bhfuil gnó aici, nár iarr sí dídean phráinne riamh, agus go bhfuil sí lántoilteanach cíos a íoc ach é a bheith réasúnta agus ar leibhéal nach n-ardaítear de shíor.

Tá dhá theach folamh ar shráid atá i bhfoisceacht 400 méadar dá siopa i mBaile Phib. Tá a fhios ag Tuairisc.ie nach raibh cónaí ar aon duine i gceachtar teach le deich mbliana ar a laghad. Tá idir 183,000 teach nó árasán sa riocht céanna ar fud an stáit, gan tithe saoire a chomhaireamh.

Tá dlús á chur de réir a chéile le tógáil tithe, idir phríobháideach agus shóisialta, ar fud na tíre. Cíorfar an riachtanas iomlán agus an soláthar easnamhach sa cholún seo ar ball. Is leor díriú anois ar réiteach a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm gan mhoill ach líon na dtithe folmha a laghdú.

Tá cáin nua ar thithe folmha á plé ag an Aire nua Tithíochta Eoghan Murphy leis an Aire Airgeadais Paschal Donohoe. An aidhm: brú a chur ar úinéirí daoine a bheith ina gcónaí ina dtithe, nó iad a dhíol.

Bhreithnigh Simon Coveney beartas den sórt céanna nuair a bhí seisean ina aire tithíochta. Mar a bhreithnigh Alan Kelly roimhe sin, agus mar sin de.

Chuir Eoghan Murphy moill ar fhoilsiú straitéis tithíochta an rialtais, a dúirt sé, toisc nach raibh na spriocanna sách uaillmhianach. Gheall sé go bhfoilseofaí an cháipéis an mhí seo chugainn.

Idir an dá linn, ní haon dochar é cuimhneamh ar chás na mná nach féidir léi a siopa ar choinneáil ar oscailt, agus í ag síorthóraíocht áit chónaithe ar chíos réasúnta. Tá na mílte eile sa chruachás céanna.

Ní haon dochar é cuimhneamh freisin ar chuntas míosúil na Roinne Tithíochta ar dhaoine gan dídean. Léirigh an cuntas is deireanaí, a foilsíodh go déanach Dé hAoine seo caite, breis agus mí tar éis an chomhairimh, go raibh 5,036 duine fásta agus 2,895 páiste gan dídean sa stát i lár mhí an Mheithimh.

Dá mbeadh cur chuige dáiríre, seachas cur i gcéill, beartaithe ag rialtas ar bith agus polasaí tithíochta á dhréachtú acu, thabharfaidís tús áite don leigheas gan mhoill atá ar fáil ach tithe folmha a úsáid.

Deirtear go minic go gcuireann cosaint an Bhunreachta ar mhaoin phríobháideach srian ar shaoirse ghníomhaíochta gach rialtas. An fáth: an gheallúint a thugtar in Airteagal 43 nach gcuirfidh an rialtas an “ceart nádúrtha” sin ar ceal.

Ach ní foláir cuimhneamh freisin ar na coda eile den airteagal céanna, agus go háirithe ar na briathra atá i gcló Iodálach anseo:

43.2.1 Ach admhaíonn an Stát gur cuí, sa chomhdhaonnacht shibhialta, oibriú na gceart atá luaite sna forálacha sin romhainn den Airteagal seo a rialú de réir bunrialacha an chirt chomhdhaonnaigh [sa leagan Béarla: ‘by the principles of social justice‘].

43.2.2 Uime sin, tig leis an Stát, de réir mar a bheas riachtanach, teorainn a chur le hoibriú na gceart réamhráite d’fhonn an t-oibriú sin agus leas an phobail a thabhairt dá chéile.

Go dtí seo, níor chuir rialtas ar bith na prionsabail seo i bhfeidhm go hiomlán. Ní raibh an riachtanas chomh soiléir riamh.