An ghéarchéim tithíochta agus cás ‘David’ – údar náire dúinn uilig

CATHAL MAC COILLE: An dtabharfaidh an rialtas agus an Dáil aghaidh mar ba chóir ar ghéarchéim tithíochta atá ag dul i dtreise in aghaidh an lae?

An ghéarchéim tithíochta agus cás ‘David’ – údar náire dúinn uilig

Geallann gach Taoiseach nua go n-oibreoidh a rialtas go díograiseach chun déileáil leis na fadhbanna móra a chuireann imní ar an bpobal. Mar a rinne Leo Varadkar ar dhul in oifig dó ar 14 Meitheamh:

“This will be a Government of purpose. It will be a genuine partnership Government that works to improve the lives of all our citizens and all parts of our country.”

Baineann geallúintí mar seo le fadhbanna atá soiléir do chách agus Taoiseach nua á thoghadh, agus le fadhbanna eile a thagann gan choinne ar ball. Leithéid na stoirme a rinne díobháil fhorleathan d’fhoirgnimh, do bhóithre agus do dhroichid in Inis Eoghain an tseachtain seo caite.

Chuaigh Leo Varadkar, Shane Ross agus an t-aire stáit Kevin ‘Boxer’ Moran ar cuairt gan mhoill go hInis Eoghain chun toil fóirithinte an rialtais a fhógairt. Tháinig scata saighdiúirí i gcabhair ar mhuintir na háite agus chuir comhairle chontae Dhún na nGall tithe sealadacha ar fáil do thart ar scór teaghlach ar fágadh a dtithe féin faoi uisce agus láib.

B’fhollas láithreach an riachtanas in Inis Eoghain don rialtas, agus do dhaoine ar fud na tíre. Dhúisigh an riachtanas gníomhaíocht gan mhoill. Ní bheidh toradh na hoibre soiléir go ceann tamaill, ach tá tús curtha leis an obair dháiríre a theastaíonn.

Is léir freisin, dá mbeadh an dochar a rinne an stoirm níos measa agus níos forleithne, go mbeadh brú níos mó dá réir ar na húdaráis gníomhú ar scála níos mó.

Cuir i gcás

Abair gur scrios an stoirm san iarthuaisceart gach uile theach i mBun Cranncha, an baile is mó in Inis Eoghain (daonra: 6,785 de réir an Daonáirimh). Abair go raibh an stoirm chomh fíochmhar gur scriosadh tithe eile ina raibh cónaí ar mhíle duine eile sa cheantar máguaird.

Abair san iomlán gur fhág an doineann 7,941 duine gan dídean go tobann. Samhlaigh an cur chuige práinneach a bheadh riachtanach chun cabhrú leo – cur chuige nach mbeadh duine ar bith sa tír ag gearán ina thaobh.

Buíochas le Dia, níl sa chur síos thuas ach scéal samhailteach. Ach is léir an chosúlacht idir an tsamhail agus an scéal dáiríre seo a leanas.

An fhírinne

Tá 7,941 duine (ina measc: 2,985 páiste) sa stát gan buandídean, de réir na bhfigiúirí oifigiúla is deireanaí. Is ionann sin agus a rá go bhfuil slua ag cur fúthu i dtithe lóistín nó i mbrúnna de chineálacha éagsúla atá chomh mór le pobal iomlán cheantar Bhun Cranncha. Nó Tuaim (daonra: 8,767), nó Baile Mhuineacháin (7,678), nó baile Chill Dara (8,634), nó Durlas (7,940).

Faraor, níl seans ar bith ann go dtiocfaidh na húdaráis i gcabhair sula fada mar ba chóir ar an sciar mór den ‘daonra’ scaipthe seo atá gan gnáthdhídean.

Tá beartais nua agus caiteachas breise á mbreithniú ag an rialtas chun déileáil leis an ngéarchéim tithíochta ar léir a fréamhacha dúinn uilig: (1) ganntanas tithe agus árasán, (2) síor-ardú cíosanna, agus (3) síor-ardú praghsanna i gcás tithe atá ar díol.

Ní gá ach sampla amháin a lua anseo mar léiriú ar mhalltriall an rialtais, agus ar mhalltriall an rialtais a bhí ann roimhe, agus aghaidh á tabhairt acu ar an ngéarchéim seo.

An dea-scéala? I mí Eanáir, d’fhógair an rialtas cáin nua a trí faoin gcéad a ghearrfar ar shuímh i mbailte nach dtógtar tithe nó árasáin orthu, ainneoin iad a bheith oiriúnach.

An drochscéala? Ní bheidh an cháin nua á híoc go dtí 2019. Beidh go leor úinéirí ábalta leas a bhaint as an gcóras cánach ionas nach mbeidh orthu ach 1.5 faoin gcéad de luach na talún, ar a mhéid, a íoc.

Éifeacht? Fíorbheagán.

Cuireadh tús De Luain le feachtas nua ar Twitter a dtugtar #MyNameIs chun brú a chur ar an rialtas gníomh éifeachtach a bhrostú. Taispeánadh buachaill naoi mbliana d’aois as Baile Átha Cliath i bhfíseán a d’eisigh lucht an fheachtais. Is léiriú é a chás ar an éagóir as cuimse atá á déanamh mar gheall ar neamhthoil an rialtais tabhairt faoin ngéarchéim tithíochta ar bhonn práinne.

Tá pairilis cheirbreach (nó cerebral palsy), ar ‘David’ – tá a fhíorainm coinnithe faoi rún. Tá sé féin agus a mháthair ag cur fúthu i dteach lóistín le 20 mí. Bíonn air fráma a úsáid chun gluaiseacht, ach tá an seomra ina bhfuil cónaí ar an mbeirt chomh cúng nach bhfuil aon dul as aige ach bogadh thart ar a thóin.

Ní raibh urlabhraí ón Roinn Tithíochta toilteanach labhairt faoi chás ‘David’, ach dúradh nach gcuireann easpa airgid bac ar ghníomhú práinneach ‘i gcoitinne’.

Cuireadh rampa ar fáil do ‘David’ Dé Luain chun cabhrú leis dul suas agus síos ar na céimeanna taobh amuigh de dhoras an tí lóistín.

Buachaill naoi mbliana d’aois agus a mháthair. Pairilis cheirbreach air. An bheirt acu ina gcónaí i seomra amháin i dteach lóistín. Ar feadh fiche mí.

Náire orainn uilig.

Fág freagra ar 'An ghéarchéim tithíochta agus cás ‘David’ – údar náire dúinn uilig'

  • Mánus

    Tá ganntanas tithe. Níl aon ceantair uirbeach ina bhfuil an Ghaeilge fíorbheo. Seachas do bheith ag ólagón faoi Bank of Ireland nárbh fhearr pobal uirbeach lánGhaeilge a bhunú agus tosú le comharchumann tithíochta den mhúnla Lochlannaigh.