An gheal ina dhubh san Ísiltír

An gníomh ciníoch é duine geal a ghléasadh suas mar dhuine gorm? Tá ‘Peadar Dubh’, gné den fhéile thraidisiúnta is láidre san Ísiltír, ag cothú conspóide sa bhaile agus thar lear.

Sinterklaas_zwarte_piet

An deireadh seachtaine seo, gabhadh nócha duine ag an bhfáiltiú bliantúil a cuireadh roimh Sinterklaas – San Nioclás – san Ísiltír. Ag féile mhór do pháistí a raibh súil ghéar á coinneáil uirthi ag póilíní círéibe, na meáin náisiúnta agus ag cuid de na meáin idirnáisiúnta, bhí leath de na daoine seo ag léirsiú i gcoinne an neach is conspóidí i bhféile Sinterklaas, Zwarte Piet – nó ‘Peadar Dubh’, agus an leath eile ag léirsiú ina fhábhar.

Bád gaile, capall bán agus giollaí gorma.

Mar is eol do chách, cónaíonn San Nioclás ar phlandáil oráistí sa Spáinn. Ach uair amháin sa bhliain, i lár mhí na Samhna, tagann sé chun na hÍsiltíre ar bhád gaile chun a bhreithlá a cheiliúradh ann.

Oíche an 5 Nollaig, oíche Shan Nioclás, téann sé ag marcaíocht thar dhíonta na dtithe ar a chapall bán agus tugann slua giollaí gorma, ar a dtugtar Zwarte Pieten – ‘Peadair Dhubha’ – cúnamh dó bronntanais a thabhairt síos simléirí na dtithe do ghasúir a bhí go maith i rith na bliana.

Tá leabhar mór ag San Nioclás ina bhfuil eolas faoi iompar gach páiste i rith na bliana. Páistí a bhí ró-dhána, cuireann na Peadair Dubha i mála mór iad agus tugtar chun na Spáinne iad, áit a gcuirfear ag obair ar an bplandáil oráistí iad.

Bunús ‘Santa Claus’ an Bhéarla

Tá traidisiún Sinterklaas chomh sean le cuimhne na gcat. Chomh sean sin, fiú amháin, gur spreag an traidisún Ollainneach seo traidisiún Dheaidí na Nollag, sna laethanta úd gurbh é ‘Nieuw Amsterdam’ an t-ainm a bhí ar chathair Nua Eabhrac. Níl i ’Santa Claus’ an Bhéarla ach traslitriú ar ‘Sinterklaas’.

Conspóid

Tá traidisiún na ngiollaí gorma, na Peadair Dhubha, ábhairín níos óige. Sa naoú haois déag a rinneadh trácht orthu den chéad uair. Ach le blianta beaga anuas, tá conspóid nach beag ag baint leo. Mothaíonn cuid mhór de na céadta míle daoine gorma san Ísiltír (a mbaineann a bhformhór le sliocht (shean)chóilíneachtaí na tíre i Meiriceá Theas, Suranam, Arúba agus na hAintillí) go ndeanann traidisiún na bPeadar Dubha ceap magaidh den duine gorm. Is éard atá i bhformhór na bPeadar Dubha, tar éis an tsaoil, ach daoine geala gléasta suas mar dhaoine gorma – smidiú, éadaí gáifeacha agus (uaireanta) blas cainte san áireamh.

Lasair sa bhairille

Anuraidh, mhol cathaoirleach choimisiún na Náisiún Aontaithe um chearta daonna, Verene Shepard, deireadh a chur le traidisiún Sinterklaas. Traidisiún ‘ciníoch’ a bhí ann dar léi, agus ‘filleadh ar aimsir na sclábhaíochta’. Cén fáth a raibh gá ag muintir na hÍsiltíre le beirt Dheaidí na Nollag, a d’fhiafraigh Shepard di féin ar nuacht teilifíse náisiúnta na tíre. Nach raibh Santa Claus ann cheana féin?

Ba bheag nár phléasc an Ísiltír. Cérbh í an bhean seo as an Iamáice agus í ag moladh go gcuirfí deireadh leis an traidisiún cultúrtha is tábhachtaí da bhfuil san Ísiltír (agus sa Phléamainn)?

Easpa tuisceana ar easpa cultúrtha

Seans go dtuigfeadh Shepard fearg mhuintir na hÍsiltíre níos fearr dá mbeadh tuiscint ní b’fhearr aici ar an gcomhthéacs cultúrtha.

Is é an chaoi nach bhfuil mórán fágtha de chultúr traidisiúnta na hÍsiltíre (agus na Pléamainne.) Níl a leithéid ann agus ceol traidisiúnta nó damhsa ar an sean-nós, scéalaíocht, nó gnásanna ar nós crois Bhríde a chrochadh os cionn an dorais. Tá an litríocht agus an phéintéireacht ann, ach traidisiúin chultúrtha iad sin a bhaineann (go pointe) leis an uasaicme. D’fhéadfá a rá gur fásach ceart atá san Ísiltír ó thaobh an chultúir pobail de.

Ach…

Ach tá féile Sinterklaas ann.

Cuir ceist ar Ísiltíreach ar bith amhrán traidisiúnta a rá, agus éireoidh sé dearg san éadan.

‘Níl a leithéid ann’, a déarfaidh sé. Go dtí go rithfidh sé leis gur amhráin thraidisiúnta iad amhráin Sinterklaas freisin agus nach dtabharfaidh éinne nach Ollainneach nó Pléimeannach é faoi deara go bhfuil sé fíoraisteach a leithéid d’amhrán a chasadh, abair, i lár an tsamhraidh. Nuair a bhí cónaí fós orm i nGaillimh, is minic a d’éalaínn féin ó ghéarchéim ‘abair amhrán’ i gClub Áras na nGael ar an gcaoi seo.

Cuir ceist ar Ísiltíreach ar bith scéal traidisiúnta a insint, agus ní chuimhneodh sé ar cheann ar bith (údar leabhar do pháistí as Meiriceá a chum an scéal cáiliúil úd faoin leaidín óg a chuir a mhéar sa díog.)

Go dtí go gcuimhneoidh sé ar sheanchas Sinterklaas, atá fiáin, coimhthíoch agus aduain don té nach bhfuil cleachtadh aige ach ar an leagan coillte agus díleáite ag Coca Cola, Santa Claus.

Aiséirí na féile

Le scéal fada a dhéanamh gearr, níl fágtha de thraidisiúin chultúrtha phobail na hÍsiltíre ach Sinterklaas.

Agus ba bheag nár dearnadh dearmad air siúd freisin. Bhí tráth ann, sna 1970í agus sna 1980í, go raibh an chuma ar an scéal nach dtógfadh sé ach glúin nó dhó eile ar Dheaidí na Nollag an lámh in uachtar a fháil ar Sinterklaas.

Ach ó na 1990í i leith, tháinig Sinterklaas ar ais sa bhfaisean: níl de mhíniú ar an scéal ach gur thuig muintir na hÍsiltíre ina gcroíthe istigh go rabhadar chun an chuid dheireanach dá bhféiniúlacht chultúrtha a chailleadh. Ina nduine is ina nduine, gach teaghlach ag a theallach féin, chuireadar meacáin ag bun an tsimléara do chapall bán San Niocláis; chasadar amhráin ag impí ar an Naomh gan dearmad a dhéanamh orthu agus é ag marcaíocht thar dhíonta an bhaile; agus shábháladar oidhreacht chultúrtha atá chomh sean le cuimhne na ndaoine.

Peadar Dubh

Is í an fhadhb ná go bhfuil gné chiníoch ag baint le heilimint lárnach den oidhreacht seo. Agus is éard a dhéanann an cheist i bhfad níos casta fós ná nach n-aithníonn formhór mór na nÍsiltíreach geala go bhfuil aon chiníochas ag baint le traidisiún na bPeadar Dubh, toisc – agus seo í croílár na faidhbe – nach bhfuil na Peadair Dhubha ceaptha a bheith ciníoch. Ní hé sin a gcuspóir.

Féile do pháistí atá ann; níl sé i gceist ag éinne aon duine eile a mhaslú. ‘Tá giollaí gorma ag Sinterklaas agus ós rud é nach mbíonn fáil ar dhaoine gorma i ngach teaghlach Ísiltíreach, gléasann daoine geala suas mar dhaoine gorma. Céard í an fhadhb?’ Sin é tuairim chuid mhór Ísiltírigh gheala.

Teitheadh

Ní mar sin a bhreathnaíonn cuid mhór Ísiltírigh ghorma ar an scéal. Tá aithne agam ar fhear gorm amháin de bhunadh na nAintillí (ar cuid de ríocht na hÍsiltíre i gcónaí iad) ach a bhfuil cónaí air san Ísiltír féin le dhá scór bliain anuas a theitheann ón tír aimsir Sinterklaas toisc nach bhfuil sé in ann an fhéile a sheasamh.

Bearna

Le blianta beaga anuas, tá an chonspóid faoi na Peadair Dhubha ag géarú. Tá coimisiún cearta daonna na Náisiún Aontaithe, léirsithe, agus cásanna cúirte i ndiaidh aird idirnáisiúnta a tharraingt ar an gceist, atá tar éis bearna a chothú idir Ísiltírigh gheala agus Ísiltírigh ghorma nach raibh ann cheana.

Próiseas pianmhar

In iarracht dul i ngleic leis an gcruachás, tá na húdaráis áitiúla atá freagrach as na himeachtaí poiblí timpeall ar fhéile Sinterklaas ar a seacht ndícheall íomhá na bPeadar Dubha a athrú. I mbliana, tá páirt á glacadh ag Peadair Gheala, Peadair Bhuí agus fiú Peadair Chorcra i gcuid de na himeachtaí. Shíl cuid mhór daoine (idir gheal agus ghorm) go raibh sé sin áiféiseach.

Agus sin an fhadhb mhór atá ag na húdaráis. Ní féidir traidisiún beo – traidisiún a bhfuil cion mór ag móramh mór an phobail air ach go háirithe – a athrú ón mbarr anuas. Ón mbonn aníos, ón bpobal féin, a chaithfidh pé athrú teacht, óir is leis an bpobal an traidisiún.

Ach má theastaíonn ó mhuintir na hÍsiltíre Sinterklaas a shábháil an athuair, beidh orthu traidisiún na bPeadar Dubh a athrú, ina nduine is ina nduine agus gach teaghlach ag a theallach féin, nó loitfidh conspóid na bPeadar Dubh an fhéile do chách. Próiseas pianmhar a bheas ann don dá thaobh agus ní tharlóidh sé thar oíche – ach tarlóidh sé.

Fág freagra ar 'An gheal ina dhubh san Ísiltír'

  • Mise Åine

    ‘Próiseas pianmhar a bheas ann don dá thaobh…’

    Go deimhin.

    ‘Páistí a bhí ró-dhána, cuireann na Peadair Dubha i mála mór iad agus tugtar chun na Spáinne iad, áit a gcuirfear ag obair ar an bplandáil oráistí iad.’

    Ar luadh aon cheo riamh faoin bhfuadachbhagairt seo?

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Silím go bhfuil blás den cheartaiseach pholaitiúil imithe thar fóir anseo.Déanann an lucht siúil an botún ceanna sa tír seo.Níl said ach ag tarraingt aird orthu féin gan aon ghá.

    Tá súil agam go bhfuil cúrsaí go maith leat Alex sa Bhraisíl.