An Ghaeltacht agus Naomh Muire ar chomhtharrac – an toradh cóir

Comhscór a bhí ann nuair a thug an dá fhoireann atá ar bharr na sraithe i Roinn 2 i gCiarraí aghaidh ar a chéile ag an deireadh seachtaine

CPGSinsear16-0630
Ciarán Ó Céilleachair (An Ghaeltacht)

An Ghaeltacht (1:13) v Naomh Muire (1:13)

Cic saor breis is 50 slat ó Paul O’Donoghue a chur na foirne ar chomhtharrac agus ceithre nóimeat le cois na leathuaire imeartha sa dara leath. Bheadh an dá fhoireann sásta leis an dtoradh toisc go raibh an chuma ar an scéal leath slí tríd an dara leath go mbeadh an lá le Naomh Muire, iad gafa 1-11 le 1-8 chun cinn agus cúl báire na Gaeltachta, Tomás Mac an tSaoir díbeartha den bpáirc ar chárta dubh tar éis dó Aidan Walsh a tharrac chun talún agus é ag géilleadh cic éirice sa 17ú nóimeat den dara leath.

Thóg Paul O’Donoghue an cic éirice ach shábháil ionadaí bháideoir na Gaeltachta, Shane Ó Grifín, a iarracht. Spreag sábháil Uí Ghrifín a chomhghleacaithe agus ní raibh ach aon fhoireann amháin ann as san go deireadh. 

Fuair an Ghaeltacht cúig chúilín as a chéile – trí cinn ó chiceanna saora ó Sheán M Ó Conchúir, agus ceann ón imirt ó Óigí Ó Sé agus Seán Ó Gairbhí araon – chun iad  a fhágaint 1-13 le 1-11 chun cinn agus gnáth-am istigh. 

Fuair Dan Daly an-phointe do Naomh Muire ar bhuille na leathuaire agus ansan, sa 34ú nóimeat, iarracht iontach O’Donoghue ón dtalamh 55 slat amach agus cruinn díreach idir na cuaillí.  

Ba  iad Daly agus O’Donoghue an t-aon bheirt a d’aimsigh scóranna do Naomh Muire sa dara leath. Fuair Daly báide sa séú nómeat den dara leath agus chuir O’Donoghue pointe leis sin san 13ú nóimeat den dara leath chun sé phointe a fhágaint idir na foirne, 1-11 le 1-5.

Bhí Naomh Muire 0-10 le 1-4 chun cinn ag leath ama, Seán Cournane ag aimsiú 0-4 dóibh, Aidan Cournane 0-2, Dan Daly 0-1, Paul O’Donoghue (cic saor) Aidan Walsh (0-1) agus Niall O’Driscoll (0-1) tar éis an-sábháil ó Thomás Mac an tSaoir i mbáide na Gaeltachta. 

Éanna Ó Conchúir a fuair báide na Gaeltachta sa seachtú nóimeat tar éis ardruathar agus babhta pasála idir é féin agus Seán M Ó Conchúir. Ba iad Seán M Ó Conchúir (0-2) agus Óigí Ó Sé (0-2) a fuair pointí na Gaeltachta sa chéad leath. 

Bhí gaoth láidir trasna na páirce i gcaitheamh an chluiche agus leis an mbraon báistí a thit ag leath ama, chuir sé isteach ar láimhseáil na caide sa dara leath. 

Bhí an-chomhrac ó thús deireadh idir líne lánchúil na Gaeltachta agus líne lántosach Naomh Muire le Colm Ó Muircheartaigh, Cathal Ó Luing agus Caoimhghín Ó Beaglaoich ag déanamh an-chosaint i gcoinne na síor-ghluaiseachta ag Seán agus Anthony Cournane agus Dan Daly, a bhí ag babhtáil le hAidan Walsh a bhí aibí agus anamúil ó thús deireadh. 

Toradh é seo a bhí cothrom agus cóir idir an dá fhoireann ar bharr na sraithe i Roinn 2 agus cé go mbeidh an dá fhoireann ag cásamh deiseanna nár tógadh agus roghanna a deineadh, cluiche maith taitneamhach a bhí ann. 

 

An Ghaeltacht Seán M Ó Conchúir 0-9 (0-6, cic saor), Óigí Ó Sé 0-3, Éanna Ó Conchúir 1-0, Seán Ó Gairbhí 0-1. 

Naomh Muire Dan Daly 1-2, Seán Cournane 0-4, Paul O’Donoghue 0-3 (0-2 cic saor), Anthony Cournane 0-2, Niall O’Driscoll 0-1, Aidan Walsh 0-1.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht agus Naomh Muire ar chomhtharrac – an toradh cóir'