An Ghaeltacht agus Lios Póil ag iarraidh áit a bhaint amach i gComórtas Peile na Gaeltachta den dara bliain as a chéile

Imreofar cluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta i gCiarraí inniu. An Ghaeltacht agus Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór ag tabhairt aghaidh ar a chéile sa chluiche sinsir agus Lios Póil agus Caisleán Ghriaire atá sa chluiche sóisir

An Ghaeltacht agus Lios Póil ag iarraidh áit a bhaint amach i gComórtas Peile na Gaeltachta den dara bliain as a chéile

Beidh a fhios againn tráthnóna cé a bheidh mar ionadaithe Chiarraí ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2017 t agus cluichí ceannais sinsir agus sóisir á n-imirt i Lios Póil.

Bronnfar Corn Cuimhneacháin Thomáis Uí Chonchúir ar bhuaiteoir chomórtas na sinsear idir an Ghaeltacht agus Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór, cluiche a chuirfear tús leis ag 6pm.

Ba An Ghaeltacht a bhuaigh an comórtas cáilithe in 2016 agus go deimhin chuaigh siad chomh fada leis an gcluiche ceannais sa chomórtas náisiúnta i mBaile Bhuirne. Beidh an cumann ag iarraidh dul céim níos faide i dTuar Mhic Éadaigh i mbliana.

Rachaidh an taithí atá faighte acu i Roinn 1 de shraith an chontae in 2017, mar a bhfuil cluiche amháin caillte agus ceann buaite acu go dtí seo acu, chun leasa d’fhir na Gaeltachta.

Cuirfidh gaiscí fhoirne Chiarraí isteach ar an dá fhoireann tráthnóna agus beidh imreoirí in easnamh orthu dá bharr. Ní bheidh fáil ag an nGaeltacht ar Bhrian Ó Beaglaoich, a bhí ar fhoireann Faoi 21 an chontae a bhuaigh Craobh na Mumhan Dé Céadaoin seo caite, ná Cathal Ó Lúing, atá ar scuad shinsir Chiarraí a bheidh ag imirt in aghaidh Thír Eoghain sa tSraith Náisiúnta Peile amárach.

Ní bheidh teacht ag Naomh Micheál/An Fhaill Mhór ar Mark Griffin, a bheidh ag imirt freisin in aghaidh Thír Eoghain i gcluiche sraithe an Domhnaigh, ná ar Matthew O’Sullivan, a d’aimsigh 1-1 d’ógánaigh Chiarraí i gcluiche ceannais na Mumhan.

Níl aon chluiche i Roinn 3 buaite fós ag fir na Faille Móire ach ní raibh mórán idir iad féin agus a gcéilí comhraic sna cluichí sin. Cluiche comhscóir a bhí acu in aghaidh Abhainn an Scáil sa chéad chluiche agus fuair Fionnúig agus ceann is fearr orthu le pointe amháin Dé Domhnaigh seo caite. Thabharfadh bua inniu an-spreagadh dóibh ach beidh sé deacair acu.

Bua 3-22 in aghaidh 0-7 a bhí ag an nGaeltacht ar an Teampall Nua an deireadh seachtaine seo caite.

Níos túisce tráthnóna, ag 4pm, beidh dianchoimhlint ann sa chluiche sóisir nuair a thabharfaidh Lios Póil agus Caisleán Ghriaire aghaidh ar a chéile.

Tá an dá fhoireann ar bharr Roinn 4 sa chontae faoi láthair agus a gcéad dá chluiche buaite acu.

Ba iad Lios Póil a bhuaigh an comórtas áitiúil anuraidh agus beidh siad ar a míle dícheall ag iarraidh Sciath Chuimhneacháin John O’Shea a thabhairt leo arís.

Seo í an dara huair ag Caisleán Ghriaire a bheith páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta. Lios Póil a fuair an ceann is fearr orthu anuraidh agus bí cinnte go mbeidh siad ag iarraidh díoltas a bhaint amach tráthnóna.

Idir an dá linn, beidh cluiche speisialta ar siúl ar Pháirc an Ághasaigh sa Daingean níos túisce inniu, ag 3.30pm, ar son na carthanachta Cairde- Friends Matter. Tabharfaidh cuid de na gaiscígh a d’imir do Chiarraí idir 1998-2001 aghaidh ar ghaiscígh a d’imir don Ghaillimh le linn na tréimhse céanna. Ina measc na n-iarimreoirí a rachaidh chun páirce sa Daingean, tá Seamus Moynihan, Maurice Fitzgerald, Dara Ó Cinnéide, Marc Ó Sé, Mike Frank Russell, Seán Óg de Paor, Seán Ó Domhnaill, Jarlath Fallon, Michael Donnellan agus Pádraig Joyce.

Fág freagra ar 'An Ghaeltacht agus Lios Póil ag iarraidh áit a bhaint amach i gComórtas Peile na Gaeltachta den dara bliain as a chéile'

  • Mánus

    Tá an focal “Gaeltacht” an- mhíshoiléir agus as dáta faoin am seo. Céard is brí le comórtas Gaeltachta? Ócáid shóisialta spóirt is ea an Comórtas Peile seo ina mbíonn Béarla á bhrú ag daoine as na hiarGhaeltachtaí (sa “Ghaeltacht Oifigiúil”!) ar na cainteoirí dúchais as na ceantracha breacGhaeltachta ar a dtugtar”Catagóir A”. An-chosúlacht idir an Comórtas Peile agus Oireachtas na Gaeilge (sic.) sa mhéid gur ag cothú labhairt an Bhéarla i measc Gaeilgeoirí óga atá an dá fhéile.