AN GHAEILGE SAN AE: Is fánach an áit a bhfaigheann tú gliomaigh na Gaeilge…

Agus méadú mór le teacht ar ‘fhoireann na Gaeilge’ in institiúidí an Aontais Eorpaigh, caitear súil sa tsraith nua seo ar shaol na nGael atá ag obair sna hinstitiúidí sin

An Gaeilge San AE

Cé go bhfuil daoine ag obair trí Ghaeilge sna hInstitiúidí éagsúla ó thús na seachtóidí, tharla athrú suntasach in 2007 nuair a tugadh stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge agus cruthaíodh poist bhreise i Lucsamburg agus sa Bhruiséil.

Fuaireas féin tairiscint ón Ionad Aistriúcháin, le Centre de Traduction, i Lucsamburg go luath in 2008 agus toisc nach raibh jab agam in Éirinn ag an am sin, thapaigh mé an deis le fonn. Agus sin ráite, ní raibh an cinneadh chomh simplí sin ó bhí triúr páiste agam a bhí idir 4 agus 11 bhliain d’aois ag an am sin. Gan amhras, bhí idir imní agus amhras orainn go léir faoin saol nua a bheadh againn thar lear.

Ach thug foireann riaracháin an CdT neart cúnaimh agus comhairle dom sula ndearnamar an cinneadh agus, leis sin, éascaíodh an próiseas dúinn go mór. Cúnamh an-phraiticiúil a bhí i gceist ar ndóigh .i. íocann na hInstitiúidí as na costais a bhaineann le bogadh thar lear agus cuirtear scoileanna ar fáil do do pháistí mura bhfuil go leor den teanga áitiúil acu chun dul isteach i gcóras scoile na tíre sin. Gan amhras, chabhraigh an méid sin go mór linn agus bhain sé beagnach an strus ar fad den athrú mór a bhí romhainn.

Ach bíonn dúshláin eile agus cúiseanna imní fós ann. Is mór an rud é imeacht ón mbaile agus ó do mhuintir, is cuma cad iad na cúinsí. Sa bhreis air sin, bhí a fhios againn go mbeadh sé an-deacair an Ghaeilge a choimeád mar theanga an teaghlaigh agus na leanaí ag freastal ar scoil ina raibh an lámh in uachtair go hiomlán ag an mBéarla agus ag an bhFraincis. Ach is fánach an áit a bhfaigheann tú gliomaigh na Gaeilge agus, iontas na n-iontas, bhí pobal beag acu romhainn nuair a thángamar i dtír agus laistigh de thamaillín gearr bhí an teaghlach ar fad neadaithe isteach sa saol nua seo thar lear.

Sa deireadh thiar, bhí an t-athrú chomh héasca sin go ndearnamar an rud ceannann céanna bliain go leith ina dhiaidh sin! Bhí tionchar athrú stádais na Gaeilge san Aontas ag dul ó neart go neart sna hInstitiúidí agus cruthaíodh dhá aonad aistriúcháin nua don teanga sa Chomhairle agus sa Choimisiún Eorpach sa Bhruiséil. Fuaireas jab mar Cheann Aonaid sa Chomhairle agus b’éigean don teaghlach tabhairt faoi na málaí móra don dara huair! Ach bhí sean-taithí againn ar an amhrán áirithe sin agus ní raibh amhras ná imní ar dhuine ar bith againn faoi an uair seo.

Mar a cheapfá, bhí pobal na Gaeilge sa Bhruiséil i bhfad níos líonmhaire ná mar a bhí i Lucsamburg. Gan trácht ar na múinteoirí maithe Éireannacha sna scoileanna Eorpacha, idir imeachtaí cosúil le Seachtain na Gaeilge, an chraobh áitiúil den CLG chomh maith le neart eile, bhí sé an-éasca ar fad na páistí a thógáil le Gaeilge. I ndáiríre, is féidir do shaol ar fad a chaitheamh trí mheán na Gaeilge anseo gan aon stró, rud nach bhfuil fíor i gcás neart áiteanna in Éirinn, faraor.

Ag an am céanna, is deis iontach é do na páistí Fraincis agus teangacha eile a fhoghlaim agus cultúir eile a bhlaiseadh. Bíonn buntáistí beaga mar sin ag baint leis an saol thar lear nach bhféadfá luach ná praghas a chur orthu ach a bhfuil saibhreas mór ag baint leo.

Ar bhealach is í an tsoghluaisteacht féin ceann de na gnéithe is taitneamhaí den saol seo ar an Mór-roinn. Gan trácht ar dheiseanna taistil nuair a bhíonn am saor agat, is féidir post a athrú freisin agus d’fhéadfá bogadh ón gCoimisiún go dtí an Pharlaimint nó an Chomhairle, más éagsúlacht atá uait, rud atá déanta agam féin agus ag cúpla duine eile a bhí san Aonad seo freisin.

Tá sé fós deacair dom é a chreidiúint go bhfuil ocht mbliana caite ó d’fhág mé slán ag Éirinn chun m’aghaidh a thabhairt ar Lucsamburg, an chathair is ilchultúrtha agus is Eorpaí san Aontas. Cé go bhfuilimid inár gcónaí anois i bpríomhchathair na hEorpa, níl cumha ar dhuine ar bith againn mar gheall ar an gcinneadh sin a rinneamar nuair a thugamar aghaidh ar an mbóthar i dtreo na mór-Roinne agus saol nua. Mholfainn do dhuine ar bith triail a bhaint as agus, leis na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do phobal na Gaeilge anois, seo an t-am chun tabhairt faoi.

– Tá Seán Hade ina Cheann Aonaid,ar Aonad na Gaeilge in Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh

– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Seolfaidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas oscailte d’aistritheoirí ar fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-insititiúidí Eorpacha: tá An Coimisiún Eorpach anseoParlaimint na hEorpa anseo agus An Chomhairle anseo.

Fág freagra ar 'AN GHAEILGE SAN AE: Is fánach an áit a bhfaigheann tú gliomaigh na Gaeilge…'

  • Ben Ó Ceallaigh

    Cé gur deas an rud é go bhfuil an t-údar agus a theaghlach ar a sáimhín só thall sa Mór Roinn, agus gur maith an rud é ar ndú go mbeadh poist ar fáil do na Gaeil, ní thuigim cén fáth nach féidir le go leor de na haistritheoirí seo a bheith lonnaí sa nGaeltacht agus ag obair ar líne.

    Admhaím nach bhfuil aon tuiscint cheart agam ar an méid atá ar bun in áiteacha cosúil leis an CDT a lúaitear san alt seo, agus is dó go bhfuil gá le corrdhuine a bheith lonnaí ansin nó sa mBruiséil, i lár an aonaigh mar a déarfá. Ach mar sin fhéin, tá’s agam go ndéantar go leor oibre aistriúcháin ar líne sa lá atá inniu ann agus (dá gcuifeadh an stát infheistíocht cheart isteach sa leathan bhanda sa nGaeltacht!) cheapfainn go bhféadfadh an obair seo don AE a dhéanamh ar an gcaoi chéanna.

    Thacódh sé sin i bhfad ní b’fhearr leis na pobail Ghaeltachta atá chomh mór sin faoi bhrú fostaíochta agus teangeolaíochta, i leaba a bheith ag cur daoine thar sáile ag cuartú oibre le Gaeilge!

    • Seán Hade

      Ben a chara, tuigim go maith an pointe a dhéanann tú anseo agus, ar bhealach, tá an ceart agat go n-oirfeadh an obair ar líne do roinnt daoine.

      I bprionsabal, is féidir sin a dhéanamh ach sonraíonn na rialacháin foirne nach mór cónaí laistigh d’achar áirithe den áit Oliver, rud nach ligfeadh duit an obair a dhéanamh ó Éirinn.

      Tá an riail áirithe sin á athbhreithniú faoi láthair ach ní féidir na rialacháin foirne a athscríobh ach gach cúigiú bliain. Mar sin, ní thiocfaidh aon athrú ar an scéal ar feadh tamaill.

      Agus sin ráite, má athraítear na rialacháin, beidh sé níos éasca don té atá ag obair anseo cheana leas a bhaint as sin ná mar a bheadh do dhuine nua a bheadh ag teacht isteach sa tseirbhís…….

  • Seán Hade

    Áit oibre ar ndóigh, seachas áit Oliver! Uathcheartú damanta……
    ?