AN GHAEILGE SA BHUISÉAD: ‘Fáisceadh méadú nach fiú trácht air as an Aire Airgeadais ag an nóiméad deiridh’

Maíonn Fianna Fáil go raibh orthu ‘troid mhór a chur suas d’ardú beag don Ghaeilge’ sna cainteanna faoin mbuiséad a bhí acu le Fine Gael

AN GHAEILGE SA BHUISÉAD: ‘Fáisceadh méadú nach fiú trácht air as an Aire Airgeadais ag an nóiméad deiridh’

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá ráite ag polaiteoirí sinsearacha de chuid Fhianna Fáil gur de thoradh brú uathusan a cheadaigh an Rialtas “beagáinín beag breise” do chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta do 2018.

Fógraíodh i mBuiséad an lae inné go mbeadh €2.5 milliún breise ar fáil don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le caitheamh ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta an bhliain seo chugainn.

Agus an buiséad á fhógairt sa Dáil inné aige, thug an tAire Airgeadais Paschal Donohoe le fios go raibh an maoiniú breise don Ghaeilge á thabhairt toisc a thábhachtaí is atá an Ghaeilge don Rialtas.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh gur aitheantas an maoiniú breise don Ghaeilge i mBuiséad 2018 don “tiomantas dár gcultúr atá le feiceáil i mórán de na heagraíochtaí díograiseacha atá ar fud an Stáit, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht”.

Ach dúirt iar-aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie aréir gur “fáisceadh as an Aire Airgeadais ag an nóiméad deiridh an t-airgead beag, nach fiú trácht air, a fuarthas”.

€1.9m nuair a smaoiníonn tú ar an bhforas eacnamaíochta. Is léir nach bhfuil airgead breise ann don Ghaeilge, ní fiú caint air. 

“Tá an-díomá orm, ach ní cheal iarrachtaí ó Fhianna Fáil atá an buiséad mar seo, rinne muid troid agus troid agus troid ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Fáisceadh as an Aire Airgeadais ag an nóiméad deiridh an t-airgead a fuarthas.

“Dúradh gur €2.5 milliún a bheidh ann, ach is ag imirt cluichí atá siad.  €1.9 milliún atá sna meastacháin, beidh muid ag troid arís agus ag léiriú ár míshástachta,” a dúirt Éamon Ó Cuív.

Dúirt Dara Calleary, urlabhraí caiteachais phoiblí Fhianna Fáil sa Dáil inné gur mar gheall ar an gcomhaontú idir Fianna Fáil agus Fine Gael a ceadaíodh an €2.5 milliún don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Dúirt Calleary sé nár thuig sé ráiteas an Aire Airgeadais faoi ‘thábhacht na Gaeilge’ nuair a bhí ar Fhianna Fáil “troid mhór a chur suas d’ardú beag” ar mhaoiniú na Gaeilge.

Tá cáineadh déanta chomh maith ag Sinn Féin ar a laghad d’ardú a bhí ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur údar mór díomá an t-ardú “suarach” ar chiste Gaeilge agus Gaeltachta na Roinne.

Rinne an Teachta Dála ó na Daonlathaigh Shóisialta Róisín Shorthall  comparáid idir an méadú ar an gcaiteachas breise a dhéanfar ar an nGaeilge an bhliain seo chugainn (€2.5m) agus an caiteachas a dhéanfar ar bhunú aonad nua cumarsáide Roinn an Taoisigh (€5m).

€1.4m breise a fógraíodh inné chun tacú leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh de. €400,000 de mhaoiniú breise a bheidh ag Údarás na Gaeltachta dá chlár caipitil, i gcomparáid leis an maoiniú caipitil a fógraíodh don eagraíocht i mBuiséad 2017.

Caithfear an €687,000 eile a fógraíodh inné ar scéimeanna tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'AN GHAEILGE SA BHUISÉAD: ‘Fáisceadh méadú nach fiú trácht air as an Aire Airgeadais ag an nóiméad deiridh’'

  • Concubhar

    Nach iontach mar a bhfaigheann Éamon cead a chinn chun casadh FF ar an scéal a chur chun tosaigh ar Tuairisc gan an fhonn a bhíodh ar féin an tuath a thabhairt don Údarás agus don bhForas a bheith curtha ar a shúile! I lár ré an rachmais. Nuair a bhí Éamon ina Aire Gaeltachta ghearr sé agus rinne sé sceannairt chomh géar le h-aon Fhine Gaelach….